Áras an Uafáis

Fáth an oilc in Áras Attracta? An t-olc, gan cur leis ná baint de.

File Photo Did HIQA fail the residents of Aras Attracta care centre.

Ní go minic a labhraíonn Enda Kenny na laethanta seo agus tuairim á nochtadh aige ar son gach duine sa tír. Ach ní gnáthscéal a bhí faoi chaibidil aige sa Dáil Dé Máirt nuair a dúirt sé gur léirigh saothar RTE in Áras Attracta gníomhartha dofhulaingthe.

Bhí ceist a chuir Caoimhghín Ó Caoláin (a bhfuil deartháir leis, a bhfuil míchumas intinne air, ina chónaí in áras cónaitheach) á freagairt ag an Taoiseach nuair a dúirt sé nár chóir glacadh le leithscéal ar bith faoi mhí-iompar dá leithéid.

“Every person who uses our disability services is entitled to receive supports of the highest standards and to live in an atmosphere and environment of safety and care.”

Faraor, is i bhfad ó aidhmeanna breátha dá leithéid a bhí dearcadh na foirne in aonad amháin san áras inar chuir Aonad Fiosrúcháin RTE taighdeoir faoi cheilt agus ceamara ceilte i mbun oibre. Cuireadh naonúr ón bhfoireann ar fionraí cúpla lá sarar craoladh ‘Primetime’.

Tá an clár agus físthaifeadadh a mhair 190 uair a’ chloig ón gceamara ceilte á iniúchadh anois ag na Gardaí, ag an bhFeidhmeannacht Sláinte, agus ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA).

Léirigh na mílte giolc a seoladh ar Twitter le linn an chláir gur chuir tarcaisne agus neamhshuim na foirne alltacht ar mhórán. Sampla: “Cé mar is féidir le duine ar bith daoine eile a chrá agus a chéasadh mar seo, go leanúnach?”

Chuir na céadta leagan den cheist úd béim ar an ngné is uafásaí den uafás.

Cibé laige riaracháin nó oiliúna a léireofar amach anseo, is é bun agus barr an scéil go raibh an t-olc i réim.

Is bocht an scéal é ach, mar a dúirt an Taoiseach, ní cóir glacadh le leithscéal ar bith. Is sa chúirt ba chóir pionós cuí a ghearradh orthu siud a thuilleann é.

Is deacra an cheist bhunúsach eile a spreag an clár a fhreagairt. An bhfuiltear ag caitheamh go suarach le daoine a bhfuil éalang mheabhrach orthu in aon áit eile sa tír?

Chuaigh cigirí HIQA i mbun fiosruithe in Áras Attracta in Earrach na bliana seo tar éis do chróineir Mhaigh Eo John O’Dwyer a rá go raibh imní air faoi chás fir a bhí ina chónaí ann sara bhfuair sé bás i 2012.

Dúradh leis an gcoiste cróinéara nár cuireadh fios ar dhochtúir ar feadh cúig lá nuair a tháinig tinneas agus ardteocht ar Francis Loughney (72), a fuair bás san ospidéal go gairid ina dhiaidh sin.

Thainig lucht fiosraithe HIQA ar chorrchúis imní ó shin, ach níor aimsigh siad fiú blaiseadh den mhí-úsáid as cuimse a léirigh ‘Primetime’.

Táthar ag caint anois ar chigirí faoi cheilt a chur i mbun fiosruithe.

Ní cóir ceamaraí ceilte, mar a úsaidtear i naíonraí áirithe, a chur as an áireamh ach oiread. Más maith is mithid.

Fág freagra ar 'Áras an Uafáis'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Eagla ar alán daoine sa tír anois.Alán comharthaí go bhfuil teipithe ghlan ar an stáit seo taréis an clár aréir faoi Áras Attracta. Níl aon mhuinín fágtha ag an cosmhuintir sa Rialtas seo agus ba cheart doibh imeacht ar an toirt.Ba cheart don Uachtarán teacht ar ais ón tSín láithreach agus cruinniú den Chomhairle Stáit a reachtáil chun stád éigeandála a fhogairt agus Rialtas Náisiúnta a chur le chéile ina mbeidh dosaen Áirí ann a racfaidh I gceannas ar an Rialtas le haghaidh cúig bhliana chun an géarchéim tithíochta, fostaíochta agus sláinte a cheartú agus chun cúrsaí riaracháin agus polataíochta na tire seo a leasú.

    Ní mhór bata agus bother a thabhairt do gach Teachta Dála agus Seanadóir.Nuair bheadh an córas leasuithe ó bhonn bheadh toghacháin sa bhlian 2021 nuair a bheadh 75 teachtaí dála agus 12 Áirí i gceannas an córas nuapholataíochta seo a gheall Éanna Ó Cionnaith roimh an toghacháin deiridh.

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Ceann des na dualgaisí is mó a bheidh ar an Rialtas Náisiúnta ná an socrú lofa in ar chuireadh fiacha na mbaincéirí ar dhroimeanna cosmhuintir na hÉireann a chur de droim seoil.Ní mhór idirbheartaíocht a dhéanamh leis an Aontas Eorpach faoi díscríobh na fiacha seo.

    Muna bhfuil an Aontas Eorpach toilteanach seo a dhéanamh ní mór duinn éirí as an Aontas Maorlathach Éorpach agus socrú trádála a dhéanamh sinn féin leis an mBreatain, an tSín agus na Stáit Aontaithe chun dul chun cinn a dhéanamh sa todhchaí.

    Má éiríonn linn is féidir linn a rá go mbeadh oidhreacht agus ceiliúradh 1916 tuilte again mar tír neamhspléach.