Tá ainm an fhir óig a bhásaigh in Otharlann Leitir Ceannainn aréir tugtha ag an nGarda Síochána. Ba é Séamus Seoige as Bóthar an Phumpa in Árainn a cailleadh nuair a tháinig gásanna a bhí ag éirí ó uisce marbh i mbolg an bháid sa mullach air. Tá cúinsí a mbáis fós á fhiosrú ag an mBord Imscrúdú Taimsí Muirí.
Bhásaigh an t-iascaire, 27 bliain d’aois, ag thart ar 10.30 aréir san ospidéal.
Tá drochbhail fós ar an iascaire eile, a measadh gur Albánach é aréir ach a thuigtear anois gur Filipeach é, atá in ionad dianchúraim an ospidéil i láthair na huaire.
Bhí an bheirt fhear ag glanadh cuisneora ar bord an bháid iascaigh Oileán an Óir a bhí feistithe leis an gcéibh sna Cealla Beaga i gContae Dhún na nGall tráthnóna inné nuair a tharla an timpiste.
Thit Séamus Seoige isteach i mbolg an bháid agus thriail an Filipeach teacht i gcabhair air nuair a tháinig na gásanna sa mullach orthu beirt.
Foilsithe den chéad uair: 11.40
Arna uasdátú: 12.03
Fág freagra ar 'UASDÁTÚ: Árannach óg básaithe tar éis timpiste ar bhád iascaigh'