Is é an fáth go bhfuil seo á scríobh agam ná go bhfuilim den bharúil nach ann do Ghluaiseacht na Gaeilge…

An ann do ghluaiseacht teanga a bhfuil na spriocanna céanna ag na daoine atá sáite ann agus iad ag obair le chéile leis na spriocanna sin a bhaint amach?

Is é an fáth go bhfuil seo á scríobh agam ná go bhfuilim den bharúil nach ann do Ghluaiseacht na Gaeilge…

Arbh fhiú an braon fola? Ba í sin an cheist a chuirtí nuair a bhíodh toradh ‘na réabhlóide’ in Éirinn á phlé. Thiocfadh leat an cheist chéanna a chur i dtaca le hathbheochan na Gaeilge. Ní hé gur doirteadh fuil ach arbh fhiú an saothar nó ar shaothar in aisce a bhí ann?

Lá i ndiaidh lae cluineann muid drochscéalta fán teanga Ghaeilge, titim i ndaonra na nGaeltachtaí, titim ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu, srl. Is deacair a rá an bhfuil aon dul chun cinn déanta againn ar chor ar bith. Is minic a chuirtear an locht ar an rialtas ach le bheith ionraic, ní thig le haon rialtas an teanga a shábháil murab é sin toil na ndaoine.

Tá claonadh ag gluaiseacht na Gaeilge a bheith ag déanamh áibhéile, nó b’fhéidir go mbeadh sé níos cruinne a rá go bhfuil siad tugtha don bholscaireacht (hype). Is sampla maith de sin an dóigh a bhfuil dúil ag eagraíochtaí a fhógairt go bhfuil líon mór daoine ag freastal ar ranganna Gaeilge ach caolseans go gcluinfidh tú mórán  fán oiread acu siúd a théann ar aghaidh go leibhéal níos airde.

An cuimhin libh, sula raibh an suíomh seo ann, go mbíodh na Gaeil i dtólamh ag éileamh ar an rialtas go gcuirfí níos mó airgid ar fáil do pháipéar nuachta Gaeilge? Ach nuair a rinneadh sin, theip ar an pháipéar as siocair nár cheannaigh na Gaeil iad féin é. Thiocfadh liom a thuilleadh samplaí a thabhairt ach tuigeann tú an pointe.

Is é an fáth go bhfuil mé ag scríobh an ailt seo ná go bhfuil mé den bharúil nach ann do Ghluaiseacht na Gaeilge. Is é sin gluaiseacht a bhfuil na spriocanna céanna ag na daoine atá sáite ann agus iad ag obair le chéile leis na spriocanna sin a bhaint amach. Ní thig liom labhairt fá áiteacha eile ach bheadh sé suimiúil fáil amach an bhfuil cúrsaí chomh holc agus atá siad i mo chathair dhúchais féin, Doire. Bhéarfaidh mé roinnt samplaí daoibh:

  • Níl aon craobh de Chonradh na Gaeilge ann. Ó thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge anseo mhothaigh mé claonadh láidir ag Gaeilgeoirí gan aon bhaint bheith acu le gluaiseacht a bhí eagraithe ar bhonn náisiúnta. Tá a fhios agam gur craobh de Chonradh na Gaeilge a bhunaigh Cultúrlann Uí Chanáin ach níl a fhios agam an bhfuil sí ag feidhmiú go fóill.
  • Tá Cultúrlann againn arbh fhiú £4 milliún í nuair a tógadh í nach rachadh riar maith Gaeilgeoirí isteach ann.
  • Tá trí bhunscoil lán-Ghaeilge againn atá ag feidhmiú amach as botháin in ainneoin gur bunaíodh ceann amháin acu tá corradh is 30 bliain ó shin. Níl na huimhreacha sláintiúil i gceann ar bith de na scoileanna agus mar sin de ní bheidh siad ábalta na critéir le haghaidh scoil nua a thógáil a bhaint amach. Go deimhin osclaíodh an tríú scoil (Gaelscoil na Daróige) in ainneoin chomhairle ón Roinn Oideachais go mbeadh drochthionchar aici ar inbhuanaitheacht an dá scoil eile. Mura raibh sé  sin olc go leor tá an scoil chéanna imithe ar iarracht cónascadh (ar shuíomh roinnte) a dhéanamh le scoil Bhéarla in áit gabháil i gcomhpháirtíocht leis an dá scoil lán-Ghaeilge eile. Dála an scéil Caitríona Ruane a thug cead an scoil a oscailt.
  • Níl meánscoil scoil lán-Ghaeilge againne as siocair nach raibh Gaeil Dhoire in inmhe aontú ar rud ar bith agus ní raibh ‘gluaiseacht’ ar bith againn lena thiomáint chun tosaigh. An rud is íorónta fá dtaobh de seo ná gur cuid de bhunaitheoirí ‘Gaelscoil na Daróige’ a bhí go mór chun tosaigh san fheachtas le meánscoil a bhunú in Ebrington (cé go raibh iarrachtaí ar bun cheana féin le Sruth Gaeilge a fhorbairt i gColáiste Bhríde sa bhaile), á mhaíomh go gcaithfidh Gaelscoil de chineál ar bith bheith go hiomlán neamhspleách ar thimpeallacht an Bhéarla. Agus anois seo iad ag maíomh go bhfuil Rialtas an Thuaiscirt neamartach ina chuid dualgas i leith na Gaeilge ó thuaidh mura dtugtar cead dóibh suíomh a bheith á roinnt acu le scoil Bhéarla.
  • Tá na trí scoil in iomaíocht lena chéile ag iarraidh daltaí a mhealladh, cé go bhfuil teorainn leis na huimhreacha atá ar fáil.
  • Rud eile nach bhfuil ‘gluaiseacht na Gaeilge’ róthógtha leis, ná gabháil i ngleic le fadhb na ndaoine siúd a chuaigh fríd an chóras agus a tháinig amach gan Ghaeilge.

Bhuail mé le cúigear fear ar na mallaibh a d’fhreastail ar Ghaelscoileanna agus gan oiread is focal amháin i nGaeilge acu. Níl mé ag  cur locht ar mhúinteoirí, a mhalairt ar fad atá i gceist agam, ach is é atá mé a mhaíomh ná nach luíonn fuascailt na faidhbe leis an ngaelscolaíocht amháin.

Mar fhocal scoir, thosaigh mé amach ag rá go ndearnadh prácás de chúrsaí teanga i nDoire in ainneoin gur tugadh rabhadh go dtarlódh a leithéid. Ar tháinig tuar faoin tairngreacht? An bhfuil sé rómhall lena leigheas? An bhfuil macalla dá bhfuil ráite agam le fáil ar fud na tíre? An aithníonn an fhírinne a bheith in aon chuid dá bhfuil ráite agam?

Fág freagra ar 'Is é an fáth go bhfuil seo á scríobh agam ná go bhfuilim den bharúil nach ann do Ghluaiseacht na Gaeilge…'

  • K.

    Alt suimiúil, a Sheáin, agus go raibh maith agat as an díospóireacht a spreagadh.
    Cúpla rud, áfach…
    ‘Níl aon chraobh de Chonradh na Gaeilge ann.’ An fíor seo? Nach bhfuil craobh agus suíomh lonnaith i Mórshráid Shéamais, thuas píosa ón Chultúrlann?? ‘Níl a fhios agam an bhfuil sí ag feidhmiú go fóill.’ B’fhéidir gur cheart go ndearna tú taighde ar an mhéid seo sular scríobh tú alt ag cáineadh easpa a leithead? Tá craobh agus uimhir teileafón luaite ar shaomh CnaG. https://cnag.ie/ga/glac-p%C3%A1irt/110-craobhacha/439-doire.html
    ‘Tá Cultúrlann againn arbh fhiú £4 milliún í nuair a tógadh í nach rachadh riar maith Gaeilgeoirí isteach ann.’ Cén fáth é seo, do bharúil? Ní thugann tú moltaí ar bith…
    Bhí riamh scoilt i bpobal na Gaeilge i nDoire – Gaeilgeoirí áirithe nach raibh ag iarraidh baint ar bith a bheith acu le gníomhaithe eile. Tá cúiseanna éagsúla dó seo – deacrachtaí idirphearsanta, déarfainn, ina measc. Ach tá fáth eile atá suntasach dár liom, agus tá nasc idir seo agus an mhéid a deir tú fá iar-dhaltaí ghaeilscoileanna nach bhfuil pioc Ghaeilge acu ó d’fhág siad an scoil. Go stáiriúil, bhí an Ghaeilge nasctha go dlúth leis an Eaglais Chaitliceach agus le gluaiseacht pholaitiúil an Phoblachtachas. Tá sciar den sochaí a sheol páistí s’acu go ghaeilscoileanna ní de bharr ghrá don teanga, ach le comhghuallaíocht a dhéanamh le cultúr na hÉireann seachas cultúr na Breataine, no le comhphairtíocht a dhéanamh leis an Phoblachtachas. A luaithe agus a bhí an dá mhéar siombalach seo tugtha do rialtas na Breataine (ag imeacht dóibh ó rang a 7) d’imigh an spreagadh chun an teanga a labhairt nó a chur chun cinn.
    Cuireann an nasc go háirithe idir gluaiseacht na Gaeilge ó Thuaidh agus an Poblachtachas as do roinnt daoine eile. Dá bhrí sin seans go mbeadh leisc ar chuid acu dhul thairis tairseach na Cultúrlainne i nDoire, ach is leo féin an cinneadh sin. Ó mo thaithí féin a bheith sa Chultúrlann, níl rian den Phoblachtachas san áit. Níl ann ach láthair dhearfach phobal a bhfuil béim ar an Ghaeilge agus an cheol amháin, agus tá comhghairdeas agus buíochas á ghábháil d’achan duine a bhí páirteach i gcruthú agus lonnadh na Cultúrlainne nua, cibé iad féin.
    Pointe scoir – nuair a bhíonn muid ag caint ar ábhar chomh tábhachtach agus chomh cumhachtach le féiniúlacht agus cur chun cinn teanga, tá sé intuigthe go mbeidh barúlacha difriúla ag daoine difriúla ar an bhealach chun tosaigh is fearr. Tugann seo míniú éigean (ach ní míniú iomlán) ar an scoilt atá ann i measc Ghaeilgeoirí fud fad na tíre, agus Gaeilgeoirí Dhoire ina measc siúd (cf. pointe s’agat faoi 3 ghaeilscoileanna nuair nach bhfuil an éileamh cuí ann). Ach is é sin an fáth a bhfuil inchur an rialtais ríthábhachtach le maoirseacht agus lámh chothrom a leagadh ar an rud.

  • tommytummy@gmail.com

    Sea a Thuaisceartaigh, cuirigí an t-easaontas i leataoibh in ainm Chroim (Dia breá neamhsheicteach) agus oibrígí as lámha (dearga?) a chéile chun ár dteanga náisiúnta ( oops.. bhfuil an focal sin inghlactha daoibh UILE?) a spreagadh. Beatha teanga í a labhairt, tá sé thar a bheith simplí.

  • Concubhar

    Is fuath liom teachtaireacht diultach an ailt seo agus an aisfhreagra criochdheighilteach a spreagann sé (féach Tommy Tummy thuas). Níl a fhios agam an bhfuil na fadhbanna atá luaite san alt seo i nDoire I bhfirinne nó an i gceann an údair amháin a bhfuil siad. Is iomaí seomra nó eite sa ghluaiseacht seo. B’fhearr bogadh chun tosaigh seachas bheith siocaithe i sean argóintí. Tá Cultúrlann bhreá i nDoire. Mholfainn don údar dul ann go rialta agus na nithe fónta ann a mholadh.

  • Deasún ÓSeanáin

    Is féidir leat cúpla rud a dhéanamh A Sheáin,
    1, Faigh líosta ainmneacha do dhuine ceangailte leis an teanga thar na blianta i nDoire ó Chonradh na Gaeilge agus Gaeilge Amháin.
    2. Scríobh nuachtlitir leathanach amháin i nGaeilge agus scaip é sa gCathair.
    3, Eagraigh Pop-Up-Gaeltacht sa pub áitíul.
    Déan data base.
    Ceart go leor?

  • Ná faightear tormas ar an fhírinne!

    B’fhearr do Chonchubhar a fhiafraí a chéaduair cé acu atá an teachtaireacht fírinneach nó nach bhfuil. Is tábhachtaí an fhírinne ná ‘spin’, diúltach nó dearfach. B’fhearr liom féin an fhírinne lá ar bith ná bréaga dearfacha! Agus sin ráite, d’fhéad an t-údar dul níos doimhne i ngnéithe áirithe den scéal. Ach arbh fhéidir go bhfuil eagla air roimh Sinn Féin? Nach iadsan atá ag rialú na seanchathrach?

  • Seán Mac Cearáin

    A “K”, níl a fhios agam an as Doire tú nó nach as ach is é an rud a bhí mé a mhaoímh ná gur shíl mé go m’fhéidir go raibh ceann ann go dtí ar na mallaibh ach cibé ar bith nach raibh mórán iomrá uirthi i mbéal an phobail, b’fhéidir go bhfuil siad beo ar pháipéar .Cuir ceist ar dhuine ar bith i nDoire an bhfuil craobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair agus rachaidh mise i mbannaí nach bhfaighfidh tú freagra cinnte.Cinnte nár chóir duit chuartú a dhéanamh leis an mhéid sin a fháil amach. Níl suíomh ná craobh(poiblí) acu i Mórshráid Shéamais.Dála an scéil ghac mé le do chomhlaire ar scor ar bith agus rinne an cuardach; https://cnag.ie/ga/glac-p%C3%A1irt/110-craobhacha/439-doire.html agus aontas na n-aontas fuair mé amach gurb ionann uimhir guthán agus seoladh an Chonartha go díreach mar an gcéanna le seoladh agus uimhir guthán na Cultúrlainne;https://www.culturlann-doire.ie/?lang=ga;mar a dúirt mé san alt gur shíl mé gurb é craobh Dhoire a bhunaigh an Chultúrlann.Is cuma liom má tá sé sin fíor nó nach bhfuil mar tá obair mhaith á dhéanamh acu ar scór ar bith.
    Seo, go soiléil, barúil s’agamsa fán Chultúrlann.Ní théann daoine isteach ann mar go síleann siad go bhfuil Sinn Féin i mbun na háite.
    Deir tú rud atá go hiomlán míchruinn sa ráiteas a leanas;”Go stáiriúil, bhí an Ghaeilge nasctha go dlúth leis an Eaglais Chaitliceach agus le gluaiseacht pholaitiúil an Phoblachtachas.”Níl a fhios agam cad chuige a deir tú seo nó cá háit a bhfuair tú an tuairim sin ach ó bhí baint agam leis an Ghaeilge 40 bliain ó shin níor mhothaigh mise aon bhaint a bheith ag an eaglais le pobal na Gaeilge ach amháin ar leibhéal phearsanta.Go pearsanta níl fadhb agam le polaiteoir bheith bainteach le Gluaiseacht na Gaeilge ach is léir go bhfuil fadhb ag daoine áirithe leis.Saoithiúil go leor chuala mé a mhalairt ar fad de thuairim ó dhuine a raibh baint aige le Chomhlaire na Gaelscoilíochta á rá gurb í an eaglais a ba mhó a chuir in éadán na Gaelscoilíochta sa Tuaisceart.
    Dála an scéil nior chuir tionchar na heaglaise isteach nó amach ar dhaoine dul isteach sa CLG????
    O thaobh páistí o theaghlaigh poblachtánacha de ag cur a gcuid páistí chuig Gaelscoileanna tá seo le rá agam fá dtaobh de ní raibh leisc ar bith ar dhíograsóirí na gaeilge na daoine seo a mhealladh i dtreo na Gaelscoilíochta ach iad a cháineadh go hard agus go poiblí ag agóid de chuid an bhrúghrúpa ” Dearg le Fearg”ar na mallaibh
    “tá sé intuigthe go mbeidh barúlacha difriúla ag daoine difriúla ar an bhealach chun tosaigh is fearr. “Thig sé seo le chiall agus aontaím leis go pointe a fhad is nach gcruthaíonn sé easaontas,
    i gcas na Gaelscoiliochta i nDoire tá sé rí shoiléir gurb é an dearcadh seo is cúis leis an fhadhb.
    Tá 3 scoil i nDoire agus iad ag déanamh a rogha rud gan ard ar bith ar shláinte nó ar leas na bpáistí ata iontu.Tá Gaelscoil de dhíth orainn i nDoire chan clachán bothán ar 3 suíomh.
    ” Ach is é sin an fáth a bhfuil inchur an rialtais ríthábhachtach le maoirseacht agus lámh chothrom a leagadh ar an rud.”Aontaím go chuile agus go hiomlán leis seo.

  • Seán Mac Cearáin

    A Chonchubair
    Tá aiféala orm a chloistint go síleann tú go bhfuil an t-alt s’agam diúltach, nár chuir mé an cheist ag a dheireadh an bhfuil sé rómhall lena leigheas?. Sin a ba mhaith liom a fheiceáil leis an phrácás atá déanta againn den Gaeloideachas i nDoire a réiteach dá mbeadh an toil ann.Lig domh barúil s’agamsa a mhíniú,Bhí mé ar dhuine de na céad daoine a chuir a gcuid páisti chuig an chéad Ghaelscoil i nDoire.Bhí beirt páiste agam ar an scoil agus 4 garpháistí.Sin corradh is 30 bliain ó shin agus tá mé go fóill ag triall na scoile sin sa lá atá inniu ann. Briseann sé mo chroí nuair a amharcaím ar stáid na scoile sin í ina bhallóg agus níl ceann ar bith de na scoileanna eile ar an bhaile mórán níos fearr as.
    Seán Mac Cearáin is ainm domh agus tá mé ag déanamh go bhfuil aithne mhaith ag Gaeil na Cathrach orm.Cad chuige a deir tú nach bhfuil a fhios agat an bhfuil sé seo i mo cheannsa nó an bhfuil aon fhírinne ann.Cad é an sean argóint atá i gceist agat?Cén chuid den alt nach n-aontíonn tú leis?
    Más as Doire tú an dtiocfadh leat an cheist a fhreagairt;An bhfuil Croabh de Chonradh na Gaeilge i nDoire
    An bhfuil aithne agat ar dhaoine nach raibh istigh sa Chultúrlann ríamh?.Thiocfadh liom dosaen a ainmniú gan strús agus iad chun cinn in agóidíocht na Gaeilge leis na blianta.Daoine ag déanamh namhaid dá rún féin.
    Cen chuid den alt fá na 3 Gaelscoil nach n-aontíonn leis?
    Nach maith leat a cluinstint go bhfuil lear daoine ann a chuaigh fríd an chóras agus atá anois ar bheagán Gaeilge.
    “Is iomaí eite atá sa ghuaiseacht seo”Tá an ceart ar fad agat agus níl siad ag tarraint le chéile
    An eite chlé agus an eite dheas,Seanfhondúirí ídéalacha, daoine atá frithchaitliceach,an CCMS, iad uilig lena haidhmeanna céanna ag teacht salach ar a chéile Nach dtuigeann tú gurb é sin croí lár na faidhbe.
    Ní sean argóint í seo ach a mhalairt ar fad atá i gceist fadhb nach raibh ann 10 nó 20 bliain ó shin ach fadhb an lae inniu.
    Molaím an obair atá á dhéanamh ag an Chultúrlann agus ag Cumann Gaelach Chnoc na Rós mar shampla, bím istigh sa Chultúrlann go rialta ag ócáidí de gach sórt lá is oíche,theagasc mé ann leis na blianta.Níl aon dalamullóg orm áfach,fiú amháin má dhéanann madadh cach glanann tú suas é i do dhiaidh.
    Tá sé in am duit agus na Gaeil uilig seasamh suas bheith dearfach agus ceannródaíocht agus an fhírinne a chur roimh spriocanna pearsanta an leas,sláinte agus leas na bpáistí a chur chun tosaigh.

  • Mic Mac

    Ní dóigh liom go bhfuil an t-údár a rá nach bhfuil cultúrlann mhaith ann. Tá sé a rá go bhfuil cultúrlann mhaith ann, ach níl daoine éagsúla sa cheantar (a bhfuil go caolintinneach sin) sasta dul ansin. Jab iontach déanta sa chultúrlann. Tá an ceart aige fá na scoileanna. Dóchréidte go bhfuil scoil gaeilge smaoineamh nasc a dhéanamh le scoil Béarla in áit le scoil gaeilge eile atá 2 míle ar shiúil.