Ar son na ndaltaí agus ar mhaithe le cothrom na Féinne ba chóir leagan eile de scrúdú na hArdteiste a bheith ann i mbliana

Ar son na ndaltaí sin agus ar mhaithe le cothrom na Féinne ba chóir leagan eile de scrúdú na hArdteiste a bheith ann i mbliana

Ar son na ndaltaí agus ar mhaithe le cothrom na Féinne ba chóir leagan eile de scrúdú na hArdteiste a bheith ann i mbliana

Ó dhún na scoileanna ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí i lár an Mhárta, tá daltaí sa mbaile ag déanamh a ndíchill roinnt staidéir a dhéanamh agus iad i bhfolach ar lucht cúraim sa gcás go bhfuil siad ina ghátar. Is mithid an tsláinte phoiblí a chosaint ach tá sé chomh tábhachtach céanna an tsláinte phearsanta a chosaint.

Tá cuid de na daoine óga sin i gcomhluadair atá sona síochánta stuama ar bheagán anó nó buairt.

Tá spás ag na daltaí sin le bheith ag obair, tá ceangal idirlín agus ríomhaire acu, tá tacaíocht acu ón scoil, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, tá a sláinte acu féin agus a muintir ina gcorp agus ina n-intinn.

Tá cuid eile acu ar tháinig an Covid-19 ina ngaobhar agus nach bhfuair deis slán a rá le daoine muinteartha.

Tá daltaí eile arbh í an scoil an áit ba shábháilte ina saol, áit a raibh deis acu a bheith ina ndéagóirí i measc a gcairde agus ualaí agus cúraimí an bhaile a chur i leataobh ar feadh cúpla uair an chloig.

Faraor tá siadsan anois sna bailte céanna sin.

Cuid acu tá siad i gcontúirt fhisiciúil sa mbaile agus go leor eile i gcontúirt shíceolaíoch agus intinne. Cuid eile de na daltaí sin, sa scoil amháin a bhí siad cinnte dá mbéile agus do chomhairleoireacht agus tacaíocht ó fhoireann ghairmiúil na scoileanna  agus óna gcairde.

Ná déantar dearmad go mbíonn cúraimí duine fásta ar roinnt mhaith déagóirí – gurb iad féin a thugann aire dá dtuismitheoirí seachas a mhalairt. Cuid eile díobh na grúpaí cairde atá acu a dtearmann, bídís sin maith nó olc.

Cuir sa mullach air sin ar fad scrúdú stáit a fhágfaidh lorg ar a saol ar fad, nó sin a cheapann siad féin ag an tráth seo. Tuigeann chuile mhúinteoir gurb iad na gasúir leochaileacha sin is mó a théann i gcion orthu agus cuidiú éigin a thabhairt dóibh an luach saothair is fearr sa ngairm.

Ar son na ndaltaí sin agus ar mhaithe le cothrom na Féinne ba chóir leagan éigin eile de scrúdú na hArdteiste a chur i bhfeidhm i mbliana.

D’fhógair an tAire Oideachais go dtosódh scrúdú na hArdteistiméireachta ar an gCéadaoin an 29 Iúil, trí mhí eile do dhéagóirí nach raibh in aon scoil ó mhí an Mhárta.

I dtús an Mheithimh a bheidh an clár ama ar fáil agus d’iarr an tAire ar dhaltaí a bhí faoi bhrú nó ar strae “please reach out”.

Is maith a thuigeann múinteoirí is lucht riartha scoileanna gurb iad féin is minice a dhéanann an ‘reach out’ sin nuair a aithníonn siad an déagóir atá i dtrioblóid agus go mion minic go dtógann tamall maith sula mbeirtear ar an lámh chúnta.

Breis is 61,000 déagóir ag tabhairt faoi rogha éigin de 36 ábhar i mbolg an tsamhraidh, 11 mí ó thosaigh siad ar a mbliain deiridh meánscolaíochta.

Tromluí orm ó chuala mé an cinneadh sin an tseachtain seo caite agus ní déagóir, tuismitheoir ná múinteoir (níos mó) mise.

Beirimis ar ár stuaim ar son Dé.

Is mór idir rás ráibe agus maratón agus ag an tráth seo chuile bhliain bíonn déagóirí ag ullmhú don ráib agus gan aon súil acu gur maratón a d’fhógrófaí ag tús an rása. Tá múinteoirí tugtha traochta agus iad maraithe ag múineadh sa gcibearspás neamhphearsanta. An bhfuil an teacht aniar i ndaltaí agus in oidí coinneáil ag imeacht trí mhí eile? Daoine eisceachtúla iad má tá.

Tá carnán imeachtaí, ranganna, scrúduithe, aistí, tascanna, agus cleachtaí curtha díobh i dteannta a chéile ag múinteoirí agus daltaí le dhá bhliain agus geallaimse duit go mbeadh breithmheas na múinteoirí sin chomh bailí le toradh scrúdú oifigiúil Ardteiste a bhí curtha in oiriúint don ‘dáilchuar normalach’ a bhfuil an oiread sin ómóis ag an gCoimisiún Scrúduithe dó ach nach luaitear go poiblí riamh.

Níos bailí go mór fada ná scrúdú a rinneadh in uaigneas mhí Lúnasa.

Bhíomar in ann lánmharcanna a thabhairt ar chomhrá nach ndearnadh, an córas leighis a dhíphríobháidiú, leapacha agus aonaid éigeandála a fholmhú, daoine a chur faoi ghlas ina dtithe, daoine gan dídean a neadú in óstáin agus formhór na tíre a dhífhostú, nach bhfuil sé ionainn sciúrsáil na bpointí bréige a leasú in am seo na paindéime? Nach bhféadfaí scrúdú ciorraithe – níos lú den pháipéar – a dhéanamh más oibiachtúlacht an sprioc?

Sibhse lucht na gcoláistí a bhíonn síoraí seasta ag cnáimhseáil faoi na mic léinn phulctha gan treallús a thagann isteach chugaibh, labhraígí anois.

Ar mhaithe leis an tsláinte phríobháideach, le cothrom na Féinne agus le deis a thabhairt dár ndaoine óga téarnamh ón slad atá déanta ag Covid-19 ar a saol.

Beidh pluiméirí, cúramóirí, altraí, dochtúirí, cócairí, tiománaithe, freastalaithe siopaí, siúinéirí, feirmeoirí agus múinteoirí againn amach anseo a bheas in ann a rá ‘Ardteist an Chóvid a rinne mise in 2020 agus buíochas le Dia thug mé mo shláinte agus mo chiall liom’.

Fág freagra ar 'Ar son na ndaltaí agus ar mhaithe le cothrom na Féinne ba chóir leagan eile de scrúdú na hArdteiste a bheith ann i mbliana'