AR SON NA CÚISE: ‘L’enfer c’est les Boys in Green…’

Agallamh eisiach a thugann léargas den chéad uair ar an ennui atá folaithe sa joie de vivre a bhíonn le feiceáil i measc an Lucht Leanúna is Fearr ar Domhan

Fans

Tá duine de lucht leanúna fhoireann sacair na hÉireann tar éis labhairt os ard faoin gcrá croí a bhaineann le bheith ag leanúint na foirne thar lear.

San agallamh eisiach seo le Ar Son na Cúise tugann fear Gaeltachta, atá sa Fhrainc do Euro 2016 le cúpla seachtain anuas, léargas den chéad uair ar an ennui atá folaithe sa joie de vivre a bhíonn le feiceáil sna físeáin YouTube de lucht leanúna na hÉireann a bhfuil an saol agus a mháthair faoi gheasa acu ó thús an chomórtais.

Dúirt an fear Gaeltachta, nár mhaith leis go n-ainmneofaí é ar mhaithe lena shábháilteacht, go mb’fhearr leis “an bás féin ná éirí ina sheasamh fiú uair amháin eile do na Boys in Green, gan trácht ar mo bhróga a bhaint díom arís mar chomhartha ómóis do na hainniseoirí céanna”.

“Is mairg a d’fhág an baile riamh agus is fada liom an lá go mbeidh mé caite ar an tolg os comhair na teilifíse agus gan an brú síoraí seo orm a bheith lán le gus agus gaisce ó dhubh go dubh agus a bheith ag amhrán go caithréimeach i ndiaidh don fhoireann eile an tríú cúl bog a scóráil inár gcoinne.

“Crá croí atá ann a bheith ag ligean ort féin go bhfuil tú lán de cheol ag a dó a chlog ar maidin agus tú tugtha tnáite ag an ól gan stad agus an síor-éirí agus suí do na Boys in Green”.

Dúirt fear na Gaeltachta go mbíonn eagla ar a leithéid labhairt amach faoin ísle brí atá dá chniogadh.

“Cad ab áil leat díom? Go ndéarfainn leo, ‘gabh i dtigh an diabhail le bhur Boys in Green, táim ag scaoileadh faoi chaifé le leabhar maith. Beidh gloine bhreá Pauillac agam agus rachaidh mé a chodladh go luath anocht. Agus má bhíonn aon Fhrancach drochbhéasach liom beidh mé drochbhéasach leis!’. Mo thrua thú! Ní ceadmhach a leithéid i measc An Lucht Leanúna Is Fearr ar Domhan.

“Bíonn siad ar a n-airdeall i gcónaí ar eagla go gcaillfí deis físeán eile a dhéanamh a d’fhéadfadh dul viral, agus go bhfóire Dia ar aon duine a dhéanfadh aon rud a thabharfadh le fios nach sinne an dream is suáilcí, is cineálta, is béasaí, is cuideachtúla agus is mó scléip ar domhan. L’enfer c’est les Boys in Green. Seo linn anois go Lille. Stad ná staonadh ní thagann air…”

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: ‘L’enfer c’est les Boys in Green…’'

  • Ag cur is ag cúiteamh

    Bím ag cur is ag cúiteamh anseo liom féin scaití is mé ag triail a dhéanamh amach an mbronnfainn gradam an scríbhneora is fearr in Éirinn ar ASNC nó ar Bhridget Bhreathnach. Is beag atá eatarthu i ndáiríre.