AR SON NA CÚISE: ‘Deireadh le Dúshaothrú!’ Cumann nua ag Gréasaí Pholl an Chlaí agus a chairde

Gréasaí Pholl an Chlaí a spreag na piardaí aitheanta seo le theacht le chéile toisc é a bheith an-bhuartha faoin mbail atáthar a chur ar a cháil ag iriseoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta

AR SON NA CÚISE: ‘Deireadh le Dúshaothrú!’ Cumann nua ag Gréasaí Pholl an Chlaí agus a chairde

Tá cumann nua bunaithe ag dream mór le rá a mhaíonn go bhfuil dúshaothrú á dhéanamh orthu agus dochar á dhéanamh dá n-ainm.

Gréasaí Pholl an Chlaí a spreag na piardaí aitheanta seo le theacht le chéile toisc é a bheith an-bhuartha faoin mbail atáthar a chur ar a cháil.

Ag labhairt dó go heisiach le Ar Son na Cúise agus le Ar Son na Cúise amháin, thagair urlabhraí thar ceann Ghréasaí Pholl an Chlaí go sonrach d’iriseoirí in RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhain úsáid as a ainm i scéalta nuachta faoi ‘voyeurism’ ar líne.

“Fear ceirde é Gréasaí Pholl an Chlaí a bhfuil taithí na mblianta aige ag deisiú bróg le solas na gealaí i gcoim na hoíche. Chas sé air an raidió an lá eile agus bhí sé ina Peeping Tom acu, an léitheoir nuachta ag trácht ar ‘dhaoine a bheith ag déanamh Gréasaí Pholl an Chlaí ar líne’ agus í ag cur síos ar iompar brocach ar an idirlíon. Go bunúsach, táthar á chur i leith an fhirín bhig uasail seo anois go mbíonn sé i bpoll an chlaí ag gliúcaíocht ceann ar aghaidh ar fhir, mná agus páistí ar mhaithe le pléisiúr collaí.

“Ar thriail aon duine de lucht an raidió, fiú iadsan ar ‘Shift C’, tosach a chur ar bhróg sa dorchadas? Mise á rá leat nach mbeadh adharc i bhfad ort nuair a ghabhfadh tairne i do mhéar. Caithfidh muid an clúmhilleadh seo a stopadh.”

Tá an Gobán Saor é féin ina bhall de chumann nua an Ghréasaí.

“Dúirt mé an méid seo: giorraíonn beirt bóthar, ach níor dhúirt mé go bhféadfadh duine acu a bheith ag obair ag An Taisce, ar dhúras? Nach raibh an ceart agam freisin faoin gcraiceann agus a luach? Féach ar na tógálaithe uilig atá ag obair ag Nama anois. Droch-cheardaí agus sine bhréige i mbéal páiste a rinne an Dálach bradach sin díomsa ach gheobhaidh mise mo cheart.”

Tadhg is mó a raibh cantal air agus é ag caint go heisiach le Ar Son na Cúise.

“Tá m’ainm scriosta ag na clabairí seo. Tadhg an Dá Thaobh an masla is measa atá acu anois. Tuigeann Tadhg Taidhgín acu freisin agus iad ag caochadh na súl leis an gcamastaíl agus an t-uisce faoi thalamh a chur in iúl. Ní chuirfidh mé suas leis an maslú seo níos mó.”

Tá Fionn Mac Cumhaill é féin gníomhach san eagraíocht nua.

“Chuile chneámhaire sa tír ag éileamh cothrom na Féinne gan bhuíochas díomsa. Thug mise an féar plé a bhí ag gabháil dó do Dhiarmuid a sciob leis Gráinne uaim agus ní cheadóidh mé do dhlíodóirí mo cháil a scriosadh ná mo mhójó a cheilt ar mo shliocht. Caitear íoc ar an mbraon uisce, éilímse an ceart mo chlú a chosaint.”

Bhí gearán géar ag Bodach an Chóta Lachtna dár dtuairisceoir chomh miath.

“Ní thabharfadh Comhairle Oilimpeach na hÉireann aon deontas domsa le ghabháil go Rio. ‘Tá an iomarca sméara ite agat agus tú ar na ribí ag siúcra agus ní cheadaíonn muid cóta lachtna ar fhoireann an hÉireann. Ba ghránna an feic thú in óstán galánta,’ a dúirt Pat Hickey liom,” arsa Bodach an Chóta le Ar Son na Cúise.

Tá Conán Maol gníomhach sa chumann nua freisin agus go bhfóire Dia ar an gcéad duine eile a chloisfeas é ag mallachtú mar tá an cat crochta aige d’aon duine a ghoidfeas a ghig uaidh seo amach.

“Agamsa a bhí an chraobh riamh le mallachtaí agus ní ligfidh mé do Bhreandán Mhárthain Mac Gearailt ná do Tommy Tiernan an phlaic a bhaint as mo bhéal gan cóipcheart a shocrú. Tochas san áit nach scalann an ghrian orthu,” arsa Conán.

Tá carn cloch sna muinchillí freisin ag na mná sa chumann nua.

“Mise an chéad duine a chuimhnigh ar bheithígh a chur anonn agus anall thar an teorainn ach an dtugann geaing an lae inniu aon chreidiúint dom?” a deir Meadhbh.

Tá an tslaitín réidh ag Cliodhna freisin agus cruit feirge uirthi.

“Síleann boicíní an lae inniu go bhfuil cead m’ainm a chur ar aon chaillichín a thograíonn siad. An mhaidhm surfála féin, chuir siad m’ainm uirthi. Bá agus múchadh orthu.”

Bhí faobhar ar na sceana chomh maith ag Badhbh.

“Badhbh badhbh, a deir siad le gasúir a scanrú san oíche, mise Dia na cogaíochta i mo shióigín ghágach anois acu agus Mars i mbarr láin. Cá bhfuil an Badhbh Bar? Beidh aiféala orthu,” a deir Badhbh.

An Féineachas an córas dlí is rogha leis an gcumann nua seo agus deirtear go bhfuil cuireadh tugtha acu do Cholmcille féin teacht ar ais arís ós é an saineolaí mór ar chúrsaí cóipchirt agus athshlánú clú.

Beidh impleachtaí ag an ngluaiseacht nua seo do chúrsaí foclóireachta agus tharlódh go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge athscríobh a dhéanamh ar chuid shuntasach de focloir.ie.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: ‘Deireadh le Dúshaothrú!’ Cumann nua ag Gréasaí Pholl an Chlaí agus a chairde'