AR SON NA CÚISE: ‘Buttercup’ an rogha ghalánta do chlúdach ‘An Caighdeán Oifigiúil 2016’

Idir buí cham an ime, caife ar oighear agus liath na líolóige a bhí an rogha sa deireadh, ach ba ag ‘na buíóga’ a bhí an lá an uair seo

Tuigtear go heisiach do Ar Son na Cúise agus do Ar Son na Cúise amháin go mbeidh clúdach an leagan is déanaí den Chaighdeán Oifigiúil ag teacht leis an rogha dathanna is déanaí ag lucht faisin do shéasúr earrach/samhradh 2016.

Buí cham an ime (buttercup yellow) atá roghnaithe ag Rannóg an Aistriúcháin do chlúdach an Chaighdeáin agus an dath sin i measc na ndathanna geala atá go mór sa treis an séasúr seo.

“Dathanna an tsuaimhnis, na teolaíochta, an mhisnigh agus an chompoird atá i bhfaisean faoi láthair agus theastaigh uainn an t-ardú meanman agus an dóchas a spreagann an Caighdeán Oifigiúil a chur i láthair. Sin í an chúis ar roghnaíodh an buí scéiniúil seo agus aon duine a chonaic Charlize Theron agus gúna Dior den dath breá céanna uirthi le déanaí, chaithfidís géilleadh, sílim, gur rogha stuama a bhí ann,” a dúirt Vivian ‘Colour me Beautiful’ Uíbh Eachach.

Tuigtear do Ar Son na Cúise gur idir buí cham an ime, caife ar oighear (iced coffee) agus liath na líolóige (lilac grey) a bhí an rogha sa deireadh.

Cé go raibh daoine áirithe ar Choiste an Chaighdeáin go mór ar son liath na líolóige agus ‘a chréúlacht mhín stuama agus a bhoige cheansa’, ba ag ‘na buíóga’ a bhí an lá an uair seo.

Níor glacadh, is cosúil, le cás lucht na líolóige léithe a bhí bunaithe go príomha ar ghúna de chuid Balmain a chaith Kim Kardashian le déanaí.

Ní fios fós cén dearcadh a bheidh ag lucht foclóir.ie faoin dath cróga atá roghnaithe ag an Rannóg, ach tuigtear gurb é an sliogán bairnigh (limpet shell) a roghnódh lucht na foclóireachta dá mbeadh aon ghlacadh lena dtuairimí.

“I bhfianaise na conspóide a chothaigh an Caighdeán Corcra a bhí mar chuid de bhailiúchán an earraigh 2012 ó Rannóg an Aistriúcháin, shíleamar go raibh dath séimh na farraige de dhíth amhail ‘an ciúnas roimh an anfa’,” arsa an Mianánach Mór.

Idir an dá linn, dúirt Éamó gur maith a thuigeann sé féin ‘an tábhacht atá le dathanna’ agus ‘nach mbíonn daoine a bhíonn ag athrú dathanna le trust’.

Ag brath ar ghaoth na polaitíochta, níor chuir sé as an áireamh é nach mbeadh a bhailiúchán féin le feiceáil ar na hardáin mhainicíneachta roimh dheireadh shéasúr an tsamhraidh.

Ag Dior amháin atá a fhios cén dath a roghnódh Éamó.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: ‘Buttercup’ an rogha ghalánta do chlúdach ‘An Caighdeán Oifigiúil 2016’'

  • Fiosrach

    An bhfuil post páirtaimseartha ag Ar Son na Cúise le Farrow & Liathróid?