AR SON NA CÚISE: Buaite ag tábhairneoirí agus réiteoirí frith-Ghaelacha ar sheanfhondúir na gcéad cath

Bhíothas buartha faoi easpa cantail an tseanfhondúra le tamall ach ceapadh go mbeadh Cás Uí Bhruic mar shaghas Viagra feirge aige

AR SON NA CÚISE: Buaite ag tábhairneoirí agus réiteoirí frith-Ghaelacha ar sheanfhondúir na gcéad cath

Tá admhaithe ag díograiseoir teanga go bhfuil tobar domhain na feirge aige dulta i ndísc faoi dheireadh.

Dúirt an seanfhondúir, a thug gach lá dá shaol le leathchéad bliain anuas agus é ar deargbhuile faoi chás na Gaeilge, go raibh an ceann is fearr faighte faoi dheireadh thiar thall ag “naimhde na teanga” air.

Dúirt cairde sheanfhondúir na gcéad cath gur bhraith siad le tamall nach raibh sé “ag obair ach ag 50% dá chumas feirge”, ach gur cheap siad go gcuirfeadh na scéalta éagsúla a bhí ar na meáin faoi chúrsaí teanga le déanaí “fuinneamh” arís ann.

Dúirt cara amháin de chuid an tseanfhondúra:

“Bhíomar buartha faoi ach cheapamar go mbeadh Cás Uí Bhruic mar shaghas Viagra feirge aige. Ní hamhlaidh a bhí. An réiteoir i Ros an Mhíl. Tada. Paul Williams agus a gheáitsíocht Naitsíoch. Tada.

“Tugann an fear bocht an lá ar fad anois ag léamh an ‘comments section’ ar an Journal.ie agus ní bhaineann an bhiogóideacht fhrith-Ghaelach ann fiú gnúsacht dhímheasúil as, gan trácht ar an riastradh breá Gaelach a bhuaileadh é sna seanlaethanta glórmhara nuair a bhí sé i mbarr a ghoimhe.”

Dúirt cara eile de chuid an díograiseora gur thuig sí fadhb a bheith aige nuair a d’éirigh sé as a bheith ag tabhairt amach di as gan an straidhn a chur uirthi féin na sínte fada a chur ar a teachtaireachtaí téacs.

In agallamh eisiach le Ar Son na Cúise agus le Ar Son na Cúise amháin, ghéill an seanfhondúir féin go raibh an cath caillte aige.

“Ní raibh an LFM ach in áit na leathphingine ag na naimhde atá faoi láthair ann, agus bhí mise sa Mansion House i 1966. Chaithfeadh meas a bheith agat ar an gcleas nua seo agus ar an tseiftiúlacht agus an tsamhlaíocht a léiríonn siad i mbun maslaí a thabhairt.

“Idir thábhairneoirí i gCorcaigh, réiteoirí sa Ghaillimh agus láithreoirí ar Newstalk, táim tugtha tnáite briste acu. Chuala mé an scéal inné faoin láithreoir raidió a chuir tuin chainte Nazi air féin agus é ag caitheamh anuas ar Ghaeil, chuaigh mé go dtí an tobar arís agus ní raibh faic ann. Tá an braon deireanach den fhearg cheartaiseach Ghaelach sniogtha as agam, ní foláir.”

Dúirt duine de Bhainisteoirí Ardú Feasachta agus Feirge Chonradh na Gaeilge le Ar Son na Cúise go raibh siad “ar an eolas faoi chás an tseanfhondúra” agus go raibh siad “ar fáil i gcónaí” chun “comhairle a chur ar aon duine a bhfuil a bhfearg Ghaelach in ísle brí”.

“Is cuid den ghalar céanna an easpa sceitimíní agus an easpa feirge. Beidh seimineár againn faoin gceist phráinneach seo ag Oireachtas na Samhna mar nach bhfuaireamar aon chuireadh go dtí Oireachtas Chois Fharraige,” a dúirt duine de Bhainisteoirí Ardú Feasachta agus Feirge an Chonartha agus é ag caint go heisiach agus go hardsceitimíneach le Ar Son na Cúise.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: Buaite ag tábhairneoirí agus réiteoirí frith-Ghaelacha ar sheanfhondúir na gcéad cath'

  • Seán Mac Gearailt

    Cuirimis bínse fiosrúcháin ar bun. Tar éis fiacha ollmhóra a íoc le lucht dlí ní bheidh puinn eolais breise againn; ach nach féidir bínse nua fiosrúcháin a bhunú féachaint cén fáth nár éirigh leis an gcéad bhínse.

  • Ochón

    Measaim féin uaireanta go bhfuil tobair na tráchtaireachta ag dul i ndísc orm féin chomh maith.

  • SÓB

    Diá ár shábháil uaidh tábhairneoirí pubannaí agus réiteoirí geabál!