Ar rothar ó Ros Muc chuig an Éirí Amach, ‘le gunnán luchtaithe agus leathchéad piléar’

Tá neart staire le léiriú i Ros Muc i gcónaí. Déanfar go slachtmhar é roimh dheireadh na bliana seo

Pearse cottage

An-bhliain chomórtha a bheas inti. Beidh ócáidí ar fud na tíre agus ar fud an domhain le cuimhne a choinneáil ar an dream cróga a thug dúshlán Impireacht na Breataine céad bliain ó shin.

Ní bheidh muintir Ros Muc ar deireadh. Cuimhneoidh siadsan ar an lorg a d’fhág an Piarsach ar an bparóiste sin acu féin agus ar an tír.

Ar cheann de na hócáidí atá beartaithe acu, tá turas caoga míle ar rothair as Ros Muc go Cill Fhínín in oirthear na Gaillimhe.

An mhaidin Domhnaigh roimh an Éirí Amach, d’fhág Colm Ó Gaora a theach cónaithe in Inbhear i Ros Muc. Ag déanamh ar Ghaillimh a bhí sé. Teagmháil le Liam Ó Maoilíosa agus a chuid óglach a bhí ar intinn aige.

Bhí eolas maith ar Ó Maoilíosa i Ros Muc.

Mar a tharla, ‘sé an áit a raibh a cheanncheathrú ag Liam Ó Maoilíosa i gCill Fhínín, i dteach le bean chéile Aodh Breathnach as Ros Muc. Múinteoir a bhí in Aodh Breathnach. Chaith sé tamall ag múineadh i Ros Muc ach d’éirigh idir é féin agus an sagart paróiste agus b’éigean dó imeacht. Fuair sé post múinteoireachta ansin i scoil Chill Fhínín.

Gaeilgeoir dílis agus náisiúnaí amach is amach a bhí ann. Chuidigh sé le Lady Gregory agus lena cairde le leacht a chur ar uaigh Raiftearaí agus bhíodh lámh aige i gcónaí i rud ar bith a chuirfeadh an Ghaeilge agus an tír chun cinn.

Bhí Aodh Breathanch básaithe anois ach bhí a bhean agus a chlann chomh dílis don chúis agus a bhí sé féin.

Seo mar a chuir Colm Ó Gaora síos ar a thuras ar an rothar ina leabhar ‘Mise’:

‘Ar fhaitíos nach mbeinn in am ag slógadh na Gaillimhe an Domhnach a bhí chugainn, chuir mé aimsir leis an mochóireacht agus d’fhág mé Ros Muc le fáinniú an lae. Maidin gaoithe anoir agus séideadh cothrom di i m’aghaidh a bhí inti. Bhí cosúlacht múiríola ar an spéir agus an ghrian múchta ar éirí di. Le ársú na maidine chroch an lá suas agus scal an ghrian amach i mbolg an lae. Rinne mé cúig mhíle is daichead ón mbaile go Gaillimh gan tóir ná toirmeasc ar bith tarlachtáil dom.

‘Bhí mé armtha le gunnán luchtaithe agus leathchéad piléar lena aghaidh. Shroich mé Gaillimh moch go leor ar maidin agus, tar éis mo scíthe a ligean is gach uile réiteach eile dár theastaigh uaim a dhéanamh, chuaigh mé chun an Aifrinn ag séipéal Bharr an Chalaidh. Ina dhiaidh sin d’imigh liom faoi dhéin áit shlógadh na nÓglach. Níorbh iontaí liom an sneachta dearg ná nuair a insíodh dom go raibh an slógadh curtha ar athló!’

Cuireadh go Contae Mhaigh Eo ina dhiaidh sin é, ar an rothar aríst. Is ansin a gabhadh é ach sin scéal eile.

Nuair a bhí Ryan Tubridy ag déanamh clár teilifíse le gairid faoin Éiri Amach i gContae na Gaillimhe, tháinig sé chomh fada le Teach an Phiarsaigh i Ros Muc.

Bhí an-suim ag léiritheoirí an chláir sa scéal seo faoin turas rothair a rinne an Gaorach. D’fhiafraigh duine acu díom an mbeinn in ann seanrothar a fháil dóibh le go n-imeodh Ryan Tubridy uaim ar an rothar sin nuair a bheadh agallamh déanta aige liom.

D’fhiafraigh mé di an raibh Tubridy in ann rothar a mharcaíocht. ‘By dad,’ a dúirt an léiritheoir, ‘caithfidh muid é sin a sheiceáil.’

Casadh cara as Ros Muc liom cúpla lá ina dhiaidh sin ar Aonach Mór an Tí Dhóite.

‘Ní bheadh aon seanrothar agat?’ arsa mise. ‘Tá agus péire,’ ar seisean, ‘fágfaidh mé ceann acu daoibh ag Teach an Phiarsaigh.’ D’fhág.

Tá fánán géar síos ó Theach an Phiarsaigh agus nuair a bhí Ryan Tubridy réidh lena chois a chaitheamh thar an trasnán tháinig imní orm féin faoi na coscáin.

‘Tá siad sin seiceáilte go maith againn,’ a dúirt an léiritheoir.

An chéad rud eile, céard a thiocfadh isteach an bóthar ach seilbh chaorach agus fear agus mada ina ndiaidh.

‘An-phictiúr go deo,’ a dúirt an léiritheoir, ‘Síos leat go beo, a Ryan.’

Chuaigh Tubridy de léim ar an rothar agus síos le fána leis de ruathar. Cuireadh na caoirigh soir agus siar agus suas thar Theach an Phiarsaigh.

‘Tá sé sin go breá anois,’ arsa mise, ‘ach cé a thabharfas aghaidh ar úinéir na gcaorach?’

Ba é John Mhártan Jeainín Mhichíl a bhí ann.

‘Ná bíodh imní ar bith oraibh,’ a dúirt John, ‘cruinneoidh an gadhar na caoirigh aríst.’

Chuir mé John in aithne do Ryan Tubridy agus chroith siad lámh le chéile.

Mhínigh mé do Tubridy ansin nárbh é seo an chéad uair a raibh baint ag scéal an Phiarsaigh le scéal mhuintir John.

Óna sheanathair a cheannaigh an Piarsach an talamh leis an teachín a dhéanamh air.

Tá neart staire le léiriú i Ros Muc i gcónaí. Déanfar go slachtmhar é roimh dheireadh na bliana seo.

Fág freagra ar 'Ar rothar ó Ros Muc chuig an Éirí Amach, ‘le gunnán luchtaithe agus leathchéad piléar’'

  • padraig

    Caithfidh me an leabhar sin ‘Mise’ a cheannach, ma ta.