Ár rogha? Mar an gcéanna

Cén toradh a bheadh ar olltoghchán eile? An toradh céanna

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Bhí toradh soiléir amháin ar an olltoghchán. Níl móramh ar fáil ó na vótóirí d’aon chineál rialtais nó comhrialtais.

Ní hionann sin agus a rá nach dteastaíonn  rialtas uainn, ach ní raibh sé ar ár gcumas i mí Feabhra treoir shoiléir faoi chomhdhéanamh rialtais a thabhairt dár dTeachtaí Dála. Ní raibh aon dul as acu mar sin ach tabhairt faoi bhunú rialtais a mbeadh móramh ina choinne.

Ba chuma cé a bheadh páirteach i gcomhrialtas de chineál ar bith a bhunófaí tar éis olltoghcháin dá leithéid, bheadh iriseoirí ábalta teacht gan stró ar dhaoine a déarfadh os comhair micreafóin go raibh siad ina choinne.

Sin ráite, thaispeáin an chéad phobalbhreith a foilsíodh ó cuireadh an rialtas nua ar bun gur beag athrú a bheadh ar chomhdhéanamh na Dála dá mbeadh deis againn vótáil arís. Ceistíodh vótóirí idir an Luan agus an Chéadaoin seo caite.

Tá tacaíocht na bpáirtithe, mar a léiríodh í i suirbhé Red C a foilsíodh Dé hAoine léirithe thíos (agus curtha i gcomparáid  idir lúibíní le toradh an olltoghcháin). 

Fine Gael  27% (+1.5)

Fianna Fáil  25% (+ 0.7)

Sinn Féin  16% (+ 2.2)

Lucht Oibre  5% (- 1.6)

AAA/PbP  6% (+ 2.1)

DS*  4% (+ 1.0)

CG**  4% (+1.3)

* Daonlathaigh Shóisialta

** Comhaontas Glas

 Léirigh an suirbhé freisin nach raibh muinín ag 52% de na vótóirí a ceistíodh as an rialtas nua, agus gan ach seachtain caite in oifig acu. Go deimhin dúirt 20% de vótóirí Fhine Gael nach raibh muinín acu as an rialtas.

Mar sin féin, tá bun-éirim na pobalbhreithe ríshoiléir. Cibé leigheas atá ar laigí an rialtais nua, is léir nach n-aimseofar é le holltoghchán eile.

An Mhéar Fhada.

Tá geallúint sa Chlár Rialtais go bhfoilseoidh an t-aire nua tithíochta Simon Coveney plean práinne chun déileáil leis an ngéarchéim tithíochta faoi cheann 100 lá – is é sin le rá an 19 Lúnasa ar a dheireanaí.

Is léir cheana féin áfach nach dtógfar mórán tithe breise ar feadh i bhfad de thoradh an tobhaigh nua ar shuíomhanna folmha atá geallta, ar dhá chúis.

  1. Ní ghearrfar ach a 3% de luach suímh ar úinéir nach dtógann foirgneamh air. Theastódh tobhach níos mó chun úinéirí a ghríosú chun tógála.
  2. Ní bheidh an tobhach á íoc ag úinéir ar bith roimh 2018. Ní i gceann dhá bhliain ach anois a theastaíonn beartais éifeachtacha chun tógáil tithe a bhrostú.

  Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

 

 

Fág freagra ar 'Ár rogha? Mar an gcéanna'

  • padraig

    plus ca change plus c’est la meme chose

  • Séamas Mac Coitir

    Is ceart súil ghéar a chloinneáil ar imeachtaí an Rialtais nua, agus, cá bhfios, nach mbeidh an rialtas is daonlathaí dá raibh riamh againn! Nuair a bhíonn móramh as cuimse ag aon rialtas, éiríonn siad sotalach, tóirtéiseach, agus oibríonn siad an gilitín ar dhíospóireachtaí chun billí a ropadh tríd an Dáil! Is maith an scéalaí an aimsir, agus déarfainn go mbeidh an tréimhse chneastachta is giorra riamh ag an Rialtas seo!

  • Fearn

    Na diabhail chéanna air a bhfuil aithne agat,,,,,,,,