‘Ar phacáil tú do chuid málaí tú féin?’ ar sí agus an mála My Little Pony aici…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ní mó ná sásta a bhí an Babaí nuair a iarradh air a bhróga a bhaint de san aerfort ach ba mheasa cás Bheainín na Naíonáin Bheaga

‘Ar phacáil tú do chuid málaí tú féin?’ ar sí agus an mála My Little Pony aici…

‘An maith leat mo ‘góga’ nua Sparky?’ a d’fhiafraigh an Babaí den ghadhar agus é ag síneadh amach a choise ar nós damhsóir Gaelach a bhí ar tí tosú ar an ríl éasca. Bhí a fhios agam go raibh mé i dtrioblóid.

‘Fanaigí le mo thaobh,’ a dúirt mé leo gan mórán dóchais agus muid san aerfort dhá lá ina dhiaidh sin. D’imigh an Cailín Mór Beag ag damhsa ó dhuine go duine sa scuaine. ‘Cé mhéad agaibh atá ag taisteal inniu?’ a d’fhiafraigh an t-oifigeach slándála díom nuair a tháinig muid chomh fada leis an deasc.

‘Cúigear,’ a dúirt mé go neamhbhalbh cé go mba léir nach raibh amach roimhe ach ceathrar. Chonaic mé an Cailín Mór Beag i bhfad uaim sa scuaine agus an chuma uirthi go raibh sí ar tí muid a thréigean ar fad agus imeacht ar laethanta saoire in éineacht le clann éicint eile.

Thug muid aghaidh ar an tslándáil agus na meaisíní scanála. Thosaigh mé ar an bhfeachtas feasachta réamhslándála leis an mBabaí. ‘Beidh cluiche nua againn anois, bainfidh muid dínn na bróga agus cuirfidh muid sna boscaí seo iad,’ a dúirt mé leis.

Bhain mé díom mo chuid bróga féin. ‘Anois do bhrógasa,’ a dúirt mé leis. Chuir sé a chosa i dtaca. ‘Mo góga nua!’ a d’fhógair sé agus olc air. Ní raibh an dara rogha agam. Bhain mé na bróga de.

Bhreathnaigh sé orm go brónach lena shúile móra gorma agus bhí a fhios agam gur mheas sé go raibh feall imeartha agam air.  ‘Mo góóóóóóga nua,’ a chaoin sé i nglór truamhéalach. ‘Gheobhaidh tú ar ais iad théis cúpla nóiméad,’ a gheall mé dó, ach ní raibh aon mhaith ann.

Thosaigh na málaí agus na boscaí ag imeacht tríd an meaisín scanála go mall agus shiúil muid tríd go dtí an taobh eile ag fanacht orthu.

Chuala mé bípeáil.

‘An leatsa an mála seo?’ a d’fhiafraigh an t-oifigeach slándála díom agus mála corcra My Little Pony a d’aithin mé go maith ina lámh aici. ‘Is liom,’ a dúirt mé.

‘Ar phacáil tú do chuid málaí tú féin?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin. ‘Phacáil,’ a dúirt mé go héiginnte.

‘Nár laga Dia thú,’ a dúirt mé le Beainín na Naíonáin Bheaga an mhaidin sin nuair a dúirt sí liom go raibh a mála féin pacáilte aici.

Bhí sé i gceist agam súil sciobtha a chaitheamh isteach ann ach rinne mé dearmad.

Chuaigh an t-oifigeach anonn chuig bord agus d’oscail an mála. Ansin chonaic mé í ag tarraingt scian ime aníos as.

Fág freagra ar '‘Ar phacáil tú do chuid málaí tú féin?’ ar sí agus an mála My Little Pony aici…'