‘Treat me nice, treat me good;
Treat me like you really should;
‘Cause I’m not made of wood;
And I don’t have a wooden heart.’
Thaitin an t-amhrán liom. taithíonn fós. Binn, simplí agus ‘beat’ ceolmhar. Ceann d’amhráin an An Rí – Elvis Presley. Bhí go leor daoine ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an rí. Chlis ar chuid mhaith acu. Ach, bhí an fear a bhí ar an stáitse i halla pobail in oirthear na Gaillimhe cumasach ar an gceird, b’fhacthas dom féin.
‘Treat me nice, treat me good’ – é ar nós eascainne ag lúbadh agus ag luascadh anonn agus anall leis an gceol agus an slua ag luascadh in éineacht leis.
Chuimhnigh mé air sin nuair a léigh mé ceannlíne sna nuachtáin an lá faoi dheireadh.
‘Paedophile Singing Priest sentenced to 4 further years.’
Teannadh muid siar sna blianta. Na 1980idí. Bhí mé i mo chathaoirleach ar choiste a bhí ag forbairt halla pobail, oifigí don Chomhar Creidmheasa agus pinniúr liathróid láimhe ar an gCaiseal in iarthar Chonamara. Jab sách trom agus bhí mé ar an duine ab óige ar an gcoiste. Nuair a thiocfaidh ar an duine óg féin, caithfidh sé rith. Airgead a mhic ó. Cá bhfaighfí an t-airgead agus tú i lár géarchéime eacnamaíochta?
Soir liom oíche dhorcha bhinbeach earraigh go halla pobail Chill Chonaill, domhain istigh in Eachréidh na Gaillimhe. Bhí sé cloiste agam go mbeadh buíon sagart ar ar tugadh The Priests’ Show ar stáitse ann. Ba mhór é a gcáil san am sin. Bhí labhartha agam roimhe sin leis an Athair Seán Ó Slatara a bhí i mbun na hócáide. Fear gníomhach a bhí ann; bhí go leor cúnaimh tugtha aige d’imirceoirí i Sasana. Dúirt sé liom go gcuirfeadh sé in aithne mé do lucht an ‘Priests’ Show’. ‘And the rest is up to you,’ ar sé.
Bhí an halla lán go doras agus bhí an-oíche ann. Cuireadh in aithne mé don sagart ceannais. Ceathrar acu a bhí ann. Bhíodar uilig in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath. Bhíodar ag déanamh obair iontach agus iad ag tabhairt ceolchoirmeacha in aisce ar fud na tíre ar mhaithe le cúiseanna pobail. Mhínigh mé mo chás. An dtiocfaidís go Conamara? Aistear fada as Baile Átha Cliath ach ní eiteoidís mé. Chuaigh mé abhaile agus dea-scéala agam don Choiste.
Shocraigh muid gurbh fhearr an seó a chur ar bun i halla an bhaile sa gClochán. Bheadh go leor daoine ag iarraidh an seó seo a fheiceáil agus d’fheil sé dúinne go mbeadh slua mór ann freisin.
Ní raibh cathaoir, stól, ná tóin buicéid le fáil mar áit suí i halla an Chlocháin. Chinn ar chuid de na daoine a theacht isteach ar chor ar bith. Bhí orainn féin leath den seó a chur ar stáitse agus bhí an dream a bhí againn thar cionn – Stiofán Ó Cualáin as Carna, damhsóir agus fear iontach ar stáitse; Marcus Ó hIarnáin, scoth ceoltóra, agus tuilleadh nach iad. Rinne na sagairt an dara leath. Ní raibh a sárú le fáil. Tháinig an sagart a bhí ag aithris ar Elvis ar an stáitse agus chaon léim aige; an glór breá céanna, an lúbadh agus an luascadh, an gheáitsíocht chéanna.
‘El Paso’ agus na ‘Streets of Laredo’ agus ar ndóigh ‘Treat me right’.
Chuir mé aithne níos fearr ar shagairt an cheoil an oíche sin, agus an mhaidin dár gcionn. Chuir mé roinnt aithne ar an bhfear acu a bhí ag aithris ar Elvis; thaitin a ghlór liom, a chuid amhrán agus an bheocht agus an chroíúlacht a bhí ag baint leis. B’in é an tAthair Tony Walsh. Fear suáilceach agus gealgháireach. Ba Bhaile Átha Cliathach a bhí ann agus é lonnaithe ina shéiplíneach i bparóiste Bhaile Formaid sa gcathair. Ní raibh cosúlacht dá laghad air gur ‘wooden heart’ a bhí ina chroí istigh. Chuir muid luach an pheitril ar fáil dóibh agus d’íoc muid as lóistín na hoíche, agus as aon chostaisí eile a bhí orthu. B’fhiú é. Bhí luach saothair maith againne as – cuireadh an fhorbairt a bhí idir lámha againn píosa eile den bhealach.
‘Paedophile Singing Priest sentenced to 4 further years’, a deir an cheannlíne an lá faoi dheireadh. Ach níl ansin ach cuid den scéal. Tá os cionn 20 bliain caite ag Tony Walsh cheana féin – é curtha as na sagairt fadó an lá – i bpríosún Phort Laoise. É seo uilig de bharr ionsaithe gránna gnéis ar ghasúir i mBaile Formaid nuair a bhí sé ina shéiplíneach ansin. Is léir go raibh sé ar an obair ghránna sin nuair a chuir sé ceolchoirm ar fáil d’Ionad Pobail an Chaisil, d’oifig an Chomhair Chreidmheasa agus do na hoibreacha eile a rinneadh ar an suíomh. Is léir nach raibh a fhios ag a chomhghleacaithe faoi. Ní raibh bealach ar bith go mbeadh a fhios againne in iarthar Chonamara faoi.
Dhá bhliain déag agus trí fichid atá Tony Walsh anois. Céard a tharla, nó cén smál a bhí ar fhear a raibh cosúlacht na measúlachta air, agus a raibh ábaltacht agus buanna aige?
Is dóigh gur ceist í atá curtha go mion minic i gcásanna mar seo. Níl duine ar bith againn gan smál ná gan marc dubh éigin; mairg an té a mbeadh sé de dhánaíocht ann breithiúnas a thabhairt ar dhuine eile. Ina dhiaidh sin uilig, caithfear a rá go bhfuil ionsaithe gnéis ar ghasúir ar fheall chomh bréan agus chomh holc agus chomh huafásach agus atá sa saol. Is truamhéalach go deo iad na scéalta atá ag na gasúir a d’fhulaing agus atá fós ag fulaingt de bharr iompar Tony Walsh i mBaile Formaid.
Tuairiscíodh gur dhúirt sé le Gardaí a bhí á cheistiú gur shantaigh sé buachaillí a bhí idir 10 agus 12 bliain d’aois agus “that’s the way it always was”, a deir sé.
An gcaithfimid ceist fhíordheacair a chur orainn féin faoi chásanna mar seo: an bhfuil daoine ann a bhfuil cor éigean ina n-intinn a chuireann sa treo seo iad beagnach gan bhuíochas dóibh féin? Arbh fhearr dóibh a bheith faoi stiúir agus faoi choinneáil ag leibhéal éigin ar mhaithe le sábháilteacht gasúr – go háirithe – ar mhaithe leis an saol, agus ar mhaithe leo féin? Is brónach agus is truamhéalach an tsamhail í sin ach, ar an taobh eile den scéal, is ait agus aisteach, agus is brónach an mac é an an saol scaití.
Agus dá shimplí iad focla amhrán Elvis b’fhéidir go bhfuil lorg an chaoinis orthu sa saol casta seo:
‘Treat mé nice, treat me good,
Treat me like you really should,
Cause I’m not made of wood,
And I don’t have a wooden heart.’
Liam Ó Maolaodha
Dia leat a Mháirtín, ábhar machnamh i gcónaí. Ní bhíonn sé éasca alt mar seo a léamh ach is gá é a choinneáil os comhair an phobail.
Pól
Is coir uafásach mídhaonna é nach féidir a dhéanamh agus príosún fadtéarmach tuillte go maith aige. Dá smaoineodh sé ar an duine, gur duine leochaileach atá ann ar éasca é a mhilleadh go deo, nuair a thagadh an babhta cathaithe air agus dul agus rud eicint eile a dhéanamh ag an am, ní i bpríosún a bheadh sé inniu agus bheadh laghdú ar an bhfulaingt a d’fhága sé sa saol ann. Tá muid ann a mbíonn an cathú sin orainn ach b’fhearr i bhfad rogha an lámh inár mbás féin ná an géilleadh agus fulaingt choscrach a chur orthu siúd atá neamhurchóideach agus ag tosú amach sa saol.
JP
“Níl duine ar bith againn gan smál ná gan marc dubh éigin…” ná gan fimíneachas!