Cibé rud eile a bheidh á éileamh ag an DUP as a bheith mar chéile leapan ag Theresa May is féidir linn a bheith cinnte go mbeidh maoiniú i gceist. I bhfianaise chomh lag is atá May mar Phríomh-Aire níor mhór dóibh an deis a thapú láithreach mar go mb’fhéidir nach mbeadh tada faighte acu faoin am a mbeadh a port seinnte mar Phríomh-Aire.
Má tá an DUP chun buntáiste a bhaint as a dhul sa bhfiontar leis na Caomhaigh ní mór dóibh a bheith in ann an t-arán ó Whitehall a chur ar bhoird abhus gan aon mhoill.
Thug an DUP cor coise do Shinn Féin nuair a chuaigh siad i bhfad chun tosaigh orthu san olltoghchán an tseachtain seo caite. D’éirigh go han-mhaith le Sinn Féin ach d’éirigh níos fearr leis an DUP, deich suíochán i gcomparáid le seacht gcinn, 36% den vóta in aghaidh 29%, méadú 108,000 ar a vóta in aghaidh méadú 62,000. Ní hiontas go raibh an DUP ag gabháil fhoinn i Stormont Dé Luain, an móramh aontachtach athdhearbhaithe agus athmhúscailte ach tuigeann an páirtí go maith nach mór dóibh luach saothair a fháil go sciobtha.
Ní neosfar roimh ré céard a éileoidh Arlene Foster i Londain ach ba léir go raibh dian-idirbheartaíocht ar siúl nuair ab éigean do Theresa May óráid na Banríona a chur ar fionraí. Gheall ceannaire an DUP go mbeadh cosaint ón mBreatimeacht crua ar bharr a liosta. Chomh maith le seasmhacht na Ríochta Aontaithe a chaomhnú (Jeremy Corbyn a choinneáil i bhfad ó Uimhir 10 Sráid Downing). Tá cosaint do phinsin ard ar liosta tosaíochta an DUP mar aon le bac ar an ‘cháin néaltraithe’, infheistíocht in infreastruchtúir Thuaisceart Éireann agus faoiseamh ó fhiacha as laghdú Stormont ar cháin chorparáideach.
Is í an cheist mhór an mbeidh éilimh ag an DUP faoi ábhair dhíláraithe. Maítear go mbeadh an DUP sách cliste chun a leithéid a sheachaint mar go mbainfeadh sé an bonn go hiomlán d’iarrachtaí chun Stormont a athnuachan. Ar an láimh eile, léirigh an liosta a d’fhoilsigh an DUP dhá bhliain ó shin a mhalairt. Ag an am sin bhíothas ag tuar gur Pharlaimint gan tromlach a bheadh ann agus d’eisigh an DUP na héilimh a bheadh acu le haghaidh idirbheartaíochta leis na Caomhaigh agus an Lucht Oibre. Ina measc bhí athrú ar an sainmhíniú ar íobartach, stop le costais d’fheisirí nach bhfreastalaíonn ar Westminster (Sinn Féin), athruithe ar na struchtúir i Stormont agus reachtaíocht faoi pharáidí. Ar ndóigh is leis na Caomhaigh amháin atá siad ag caint an uair seo agus laghdaíonn sé sin a scóip.
Ar éigean is gá a rá go maíonn an DUP agus na Caomhaigh nach gcuireann an chomhghuaillíocht eatarthu isteach ar Stormont in aon chor.
Céard eile a déarfaidís?
Is léir nach bhfuil rialtas na hÉireann suaimhneach faoin scéal. Comh-urraitheoirí ‘neodracha’ ar Chomhaontú Aoine an Chéasta iad an dá rialtas agus údar suntais é gur dhúirt Leo Varadkar go mbeadh seisean mar thaoiseach ag meabhrú do Theresa May go raibh dualgas neamhchlaontachta orthu. Chuir Enda Kenny an dualgas sin i gcuimhne do May cheana féin cé gur chothaigh ráiteas tláithíneach Charlie Flanagan, an tAire Gnóthaí Eachtracha, imní. Seans go raibh sé róchaolchúiseach uaidh a rá ‘nár chall’ go mbeadh ciallachais ag an gcor nua sa scéal do na cainteanna faoin bhFeidhmeannas i Stormont a chur ar ais ar a bhonnaibh.
Níor chall, ar ndóigh ach nuair a chuirtear san áireamh nach raibh muinín ag gach páirtí san Státrúnaí James Brokenshire roimhe seo, chaithfeadh an caidreamh nua guagacht a chothú. Chas Brokenshire port an DUP cheana maidir le fiosruithe faoi shaighdiúirí le linn na dtrioblóidí, iompar amaitéarach a chuir alltacht ar a lán. Thug an Státrúnaí an t-eiteachas do cheapadh cathaoirleach ón taobh amuigh san earrach agus anois arís, ach tugadh ról cathaoirligh do cheannaire na státseirbhíse abhus. Ní léir go fóill an sásóidh sé sin Sinn Féin an babhta seo, ná an SDLP.
Ní áiféis é a rá gur lú seans atá ann go rialódh cathaoirleach in aghaidh páirtí nuair atá an cathaoirleach féin ag brath ar an bpáirtí áirithe sin lena choinneáil ina phost. Realpolitik, a léitheoir.
Sular fógraíodh an t-olltoghchán ba iad Sinn Féin a bhí ag tarraingt na gcos faoi athbhunú Stormont. Bhí maolú de bheagán ar a leagan amach le tamall cé gur chosúil go bhfuil siad fós ag éileamh go seasfadh Arlene Foster i leataobh mar Chéad-Aire. Cén seans go ngéillfidh Foster agus í neartaithe?
Mar sin féin ní mór a chur san áireamh gur páirtí déabhlóide é an DUP. Tá siad mórtasach as a bheith i Stormont. Tá an chuid is mó den pháirtí ag brath ar Stormont lena mbeatha a shaothrú. Sin 29 Teachta Tionóil, Arlene Foster san áireamh, móide comhairleoirí speisialta, rúnaithe, tiománaithe agus go leor eile. Má chliseann ar an bhfiontar beidh go leor díomhaoin. Luath nó mall, ghearrfaí tuarastail. Ba bhreá leis an DUP Stormont a bheith i mbun oibre agus iadsan in ann a rá go raibh ardú ar an mbuiséad bainte amach acu.
Bhíothas den bharúil roimhe seo nach ndéanfaí margadh i Stormont go dtí an fómhar – nuair a bheadh cuid d’imeachtaí an fhiosraithe faoin RHI feicthe go poiblí agus séasúr na máirseála thart.
Tá éiginnteacht faoi gach rud anois.
Fág freagra ar '‘Ár n-arán laethúil, tabhair dúinn inniu é, Theresa’ – cás an DUP, na Caomhaigh agus Stormont'