Bhí mé ag iarraidh samhail a fháil ar an gcuma a bhí ar Éamonn Fitzmaurice an tseachtain seo caite nuair a fuair sé an scéala ó Cholm Cooper go mba dhóigh leis siúd go raibh a théarma istigh mar pheileadóir idirchontae.
An ceann ab fhearr a tháinig chugam go raibh sé ar nós an té a bheadh ina shuí ar tholg ag breathnú ar an teilifís agus é ag tarraingt ar an meán oíche. Nuair a chaithfeadh sé súil ar an tine ba léir dó go raibh sé ag soláthar teasa i gcónaí, ach go raibh an lasair ba láidre a chonaic sé nuair a chaith sé a shúil air go deireadh múchta.
Bhí splancanna go leor i gcónaí ann, ach leis an tine a thabhairt chun a nirt arís níor mhór tosaí ag fódú, ag corraí an ghríosaí agus b’fhéidir ag cur corrshéideóg fúithi le súil agus go dtiocfadh sí ar ais chomh láidir agus a bhí.
Ní fhaca mise ar chuma ar bith aon lasair ba ghile ná an Gooch – Fitzmaurice ach an oiread déarfainn. Cúpla uair an chloig tar éis don scéal a theacht chun solais rinne Seán O’ Rourke iarracht Jack O’ Shea a sháiniú nuair a d’fhiafraigh sé do cé acu ab fhearr Cooper nó Mikey Sheehy ? Rinne Jacko dhá gháire – ceann mar gur Ciarraíoch é agus ceann eile mar nárbh fhéidir an cheist a fhreagairt.
Seoda glioscarnacha ab ea iad beirt.
Nuair a d’imir Cooper sa gcraobhchomórtas shinsir den chéad uair in aghaidh Luimnigh ar Pháirc na nGael i 2002 bhí fanacht trí seachtaine air sula mbeadh sé naoi mbliana déag.
I gcomórtas na bliana roimhe bhí Ciarraí taobh le bua cúig chúilín ar Luimneach i gCluiche Leathcheannais na Mumhan agus bhí dodaireacht go leor ag baint lena mbua ar Chorcaigh sa gcluiche ceannais.
Tháinig beocht sa tine athuair nuair a bhuaigh siad ar Bhaile Átha Cliath in athimirt Chluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann, ach ba thubaiste a lean sin agus cliseadh 11 cúilín in aghaidh na Mí i gcluiche ina raibh siad taobh le cúig scór ar fad.
Scóráil an Gooch cúilín sa gcluiche sin in aghaidh Luimnigh, tógadh den pháirc é i gcluiche leathcheannais comhscóir na Mumhan in aghaidh Chorcaigh i gCill Airne agus bhí sé taobh le cúilín san athimirt a bhuaigh an fhoireann baile ar Pháirc Uí Chaoimh.
Don chéad uair ariamh thaisteal peileadóirí Chiarraí an cúlbhealach. I bPort Laoise a scóráil Cooper a chéad chúl craoibhe dóibh in aghaidh Fhear Manach – smitín de chic thar an gcúl báire a bhí ag déanamh air. Ba iomaí uair ina dhiaidh a phioc báireoirí an pheil as an eangach de bharr gliceas agus ardéirim peile Chúipéir, a fuair cúl eile in aghaidh Chill Dara ar Pháirc Semple sa chluiche leathcheannais.
I bPáirc an Chrócaigh a chaith sé an chuid eile de shéasúr 2002 – trí chúilín as imirt aige sna 20 nóiméad ba thúisce den bhabhta ceathrú ceannais in aghaidh na Gaillimhe, 1-5 ar an gcuma chéanna agus díoltas ar Chorcaigh sa gcluiche a lean, cé ar ndóigh gur choinnigh Ard Mhacha an chraobh uathu ina dhiaidh sin. In aois a 19 bliain bhí a chéad All Star ag an Gooch.
Fuair sé ocht gcinn eile acu, d’imir i gCluiche Ceannais na hÉireann naoi n-uaire, bhí ar phríomhscórálaí an lae i seacht gcinn acu sin agus thug an bua leis i gceithre cinn. Bhí sé ag teacht as gortú ach fágtha ar an mbinse nuair a bhuaigh Ciarraí Corn Sam Mhig Uidhir go deireadh i 2014.
Ba ar Pháirc an Chrócaigh ba mhó a bhláthaigh an Gooch agus is as siúd a mhairfidh na cuimhní is mó agam air.
Le babhta ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh Bhaile Átha Cliath i 2009 a bhaineann an chéad cheann.
Bhí an mhaidin caite agam ag míníu rialacha agus leagan amach na Peile Gaelaí do chara liom as na Stáit Aontaithe a bhí suite le m’ais in Ardán an Ógánaigh nuair a chuir an réiteoir tús leis an imirt.
Ní túisce a bhí sin déanta ná a thug an Poncánach sonc dom. ‘Why is the small red-headed guy all on his own near the goals?’ a deir sé .
In imeacht an ama ar thóg sé ar Pat McEnaney an liathróid a chaitheamh isteach agus faid agus a bhí Darragh Ó Sé/Séamus Scanlon agus Ross McConnell/Darren McGee ag féachaint a chéile, bhí mo leaidín rua éalaithe isteach agus tar éis do na Cíarraigh seilbh na liathróide a fháil i lár na páirce, bhí sí báite san eangach aige agus gan 40 soicind féin caite ar an gclog. Chuir sé seacht gcúilín eile leis sin, ceann acu as cic saor a ghlac sé lena chos dheis agus bhuaigh Ciarraí 1-24 – 1-7.
Cúig bliana déag ananns tar éis a chéad chuairte bhí Cooper ar ais i bPáirc an Chrócaigh, an babhta seo i gCluiche Ceannais na gClubanna Sinsearacha leis na Crócaigh. Is léir anois nach dtáinig sé go hiomlán as an ngortú a bhaint dó ag imirt dóibh siúd in aghaidh Mhistéalaigh Chaisleáin an Bharraigh trí bliana ó shin, agus cé go raibh na cosa níos righne bhí an inchinn chomh haibí céanna Lá le Pádraig seo caite.
Fós d’oibrigh sé gan staonadh mar a rinne sé na déaga de bhlianta roimhe, ach an babhta seo ba eisean an seanfhondúir ag treorú na hóige.
Fear foirne ab ea an Gooch i gcónaí – lena chlub agus lena chontae. Aireoidh muid uainn a aghaidh soineanta, a bhricíní agus a mheanga. Ach thar rud ar bith eile is boichte go mór muid d’uireasa a chumais.
Ár míle buíochas leat a Choilm. Is iomaí sin tráthnóna Domhnaigh a d’fhág d’ábaltacht gan teorainn gealgháireach muid.
Is i do dhiaidh atá an cat sa mbaile ainmnithe – puisín beag riabhach, rua agus bán a bhí ann nuair a tháinig sé chuig an teach, seasta ag ag rith, ag léimneach agus ag pramsáil – é ag cinniúint ar aon duine a theacht suas leis.
Céard eile a bhí le baisteadh ar a leithéid ach ‘Gooch’? Tá comhartha a deir ‘Cill Airne’ os cionn na háite ina gcodlaíonn sé.
Shílfeá go bhfuil seisean é féin in isle brí an tseachtain seo!
Patrick
Bhuel sin alt iontach eile uait a Mhartain, mile buiochas. Is aisteach gur bhaist tu do chat i ndiaidh an Gooch, thugas fein Jacko ar mo mhaidrin fein fado.