Is iomaí uair le ceithre huaire fichead a chuimhnigh mé ar cheann de na chéad eagráin de The West Wing, an tsraith teilifíse faoi shaol na polaitíochta sna Stáit Aontaithe.
San eagrán sin tá foireann an Tí Bháin cruinnithe ag ócáid ag a ngeallann an tUachtarán Jeb Bartlett (Martin Sheen) go dtabharfaidh sé dlí nua isteach le smacht a chur ar ghunnaí a rith. Le linn a óráide, faigheann an ceann foirne Leo McGarry (John Spencer) glaoch le cur in iúl dó go bhfuil cúig vóta caillte acu agus nach n-éireoidh leo an dlí a athrú. Baineann an chuid eile den chlár le hiarrachtaí na foirne na vótaí a fháil ar ais.
Chun na vótaí a mhealladh ar ais luaitear athruithe in íocaíochtaí feirme, conarthaí cosanta, áiteanna ar bhoird stáit agus leasuithe ar an gcóras cánach. Ar deireadh thiar beartaítear sampla LBJ a leanacht agus gan aon chostas a bheith ag baint leis na geallúintí a thugtar. Mar sin féin, bagraítear ar an mball comhdhála as Wisconsin nach roghnófar é mar iarrthóir an chéad uair eile. Gealltar don chomhalta óg nuathofa go bhféadfaidh sé cluiche fichille a imirt leis agus gloine bhranda a ól le Bartlett ó tharla nach n-imríonn an t-uachtarán galf.
An fáth go bhfuil mé ar bhóithrín na smaointe i gcuideachta lucht an West Wing inniu ná go samhlaím go bhfuil go leor den chineál céanna stocaireachta ar siúl i Westminster faoi láthair. Teastaíonn 320 vóta ó Boris Johnson le go n-éireoidh leis inniu sa bparlaimint.
De réir na dtuairiscí atá cloiste againn go dtí seo, beidh suas le 316 vóta ar son an rúin. San áireamh ansin, tá na feisirí is déine a bhí in aghaidh shocrú Theresa May, an ERG, cé gur dhúirt siad go nglacfadh siad treoir ón DUP. Níl ag na Caomhaigh ach 247 ar fad agus sin an fáth go raibh tábhacht leis an DUP le dhá bhliain.
Agus céard faoin triúr agus fiche a dhíbir Johnson as an bpáirtí nuair nár ghéill siad dó cheana? An dtiocfaidh siad ar fad ar ais? Meastar freisin go dtacóidh roinnt feisirí de chuid an Lucht Oibre le socrú an phríomh-aire. D’fhéadfadh suas le seachtar déag acu a bheith i gceist. Tá sé chomh simplí i gcuid de na cásanna sin go bhfuil leathshúil acu ar olltoghchán agus gur vótáil an pobal ina dtoghcheantar imeacht as an Aontas Eorpach. Beidh siad in ann a rá gur chomhlíon siad mianta an phobail. Ceist eile cén pionós a chuirfidh Corbyn orthu.
Glactar leis go mbeidh an SNP, na Glasaigh agus Plaid Cymru ag vótáil in aghaidh an tsocraithe. Tá lucht an áirimh den tuairim go mbeidh Johnson i bhfoisceacht trí nó ceithre vóta don sprioc tráthnóna amárach.
Samhlaím é féin agus Dominic Cummings ag siúl an urláir in Uimhir 10 agus an chuid eile den fhoireann amuigh ag stocaireacht. Mealladh, plámás agus geallúintí. Cluiche fichille agus gloine branda leis an uachtarán? An éireoidh leo?
Is gearr uainn fios.
Fág freagra ar 'Ar mhaith le duine ar bith cluiche fichille agus gloine branda leis an uachtarán?'