Ar lanúin fear iad Cú Chulainn agus Fear Diadh a raibh dúil acu i ngnéas foréigneach?

Ar dhaoine aeracha iad George Washington, Abraham Lincoln agus Richard Nixon? Tá leabhar ‘staire’ nua tar éis conspóid a chothú sna Stáit Aontaithe – ach ardaíonn sé an cheist, an bhfuil gá le hathscríobh aerach ar an stair?

Abraham Lincoln, left and Richard Nixon

Is cosúil go bhfuil leabhar nua tar éis creathadh a bhaint as Meiriceá – agus níl in The American People: Volume 1 – The Search for my Heart, a bhfuil ocht gcéad leathanach ann, ach an chéad chuid de shraith dhá leabhar ina gcíorann an t-údar Larry Kramer (79) ‘saol rúnda aerach’ na scórtha pearsana stairiúla, George Washington, Abraham Lincoln agus Richard Nixon ina measc.

‘Úrscéal’ atá á thabhairt ag na foilsitheoirí Farrar, Straus and Giroux ar shaothar Kramer – ar gníomhaí ar son chearta an phobail aeraigh é – ar eagla go gcothódh an leabhar deacrachtaí dlí. Deir staraithe nach bhfuil mórán fianaise ann a chruthódh áitimh Kramer.

Ach sin é go díreach an fáth gur chuir Kramer tús an chéad lá riamh –dhá scór bliain ó shin – leis an gcuntas aerach seo ar stair na Stát Aontaithe.

‘B’fhéidir go bhfuil cuma an fhicsin air, ach ní ficsean atá ann domsa,’ a dúirt Kramer leis an New York Times seachtain go leith ó shin. ‘Daoine díreacha a scríobh an chuid is mó den stair. Níor scríobhadh leabhar staire riamh ina raibh cur síos ar dhaoine aeracha ó thús na staire. Áiféis atá ann a cheapadh nach raibh ár leithéid ann riamh anall.’

Agus leis sin, tá ceist fhíorshuimiúil ardaithe ag Larry Kramer, bíodh bunús lena leabhar nó ná bíodh. 

Tá corrthagairt dóibh i stair na sean-Ghréige, ar ndóigh, ach cad a tharla do dhaoine aeracha idir Sappho agus Oscar Wilde? 

Ar lanúin fear iad Cú Chulainn agus Fear Diadh a raibh dúil acu i ngnéas foréigneach? 

An mbíodh mná Chríoch Lochlann ag spraoi lena chéile fad is a bhí creach á dhéanamh ag a gcuid fear ar chóstaí iarthar na hEorpa (agus má bhí, céard a bhí ar siúl ag na fir agus iad ar an bhfarraige?) 

Agus céard faoi na scórtha milliún eisimirceach Eorpach a scaip iad féin ar fud an domhain ó dheireadh na 15ú hAoise i leith? An bhféadfadh sé go raibh cuid shuntasach acu ar a dteitheadh ó shaol ina raibh cosc iomlán ar mhianta nádúrtha a gcolainne?

Ní bheidh a fhios againn go brách, toisc go ndearnadh cinsireacht iomlán ar an gcuid aerach den stair ar feadh nach mór dhá mhíle bliain.

Is leor féachaint ar ar tharla le Elizabeth O’ Farrell (NASC: https://www.thejournal.ie/eirebrushed-play-1428985-Apr2014/) bhocht, ar glanadh a híomhá amach as grianghraf a tógadh le linn Éirí Amach na Cásca toisc gur bhean í, le tuiscint a fháil ar an gcinsireacht bhrúidiúil a bhí á déanamh ag staraithe, níos lú ná céad bliain ó shin, ar chuimhní an phobail. 

Má bhí staraithe ag tús na 20ú hAoise sásta duine a ghlanadh amach as an stair toisc gur bhean í, samhlaigh céard a dhéanfaidís le haon eolas a bheadh acu faoi shaol pearsanta daoine aeracha ag an am. Nach aoibhinn an deis é ceiliúradh na bliana seo chugainn le claonadh gnéis roinnt de cheannairí Éirí Amach na Cásca a bhfuil an homaighnéasachas luaite leo a scrúdú an athuair?

Ardaíonn leabhar Larry Kramer ceist bhunúsach: an bhfuil gá le hathscríobh aerach ar an stair? Seans go bhfuil. I ndeireadh na dála, nach ionann an stair riamh anall agus an mhiotaiseolaíocht – cinsireacht déanta ar fhíricí áirithe agus béim curtha ar fhíricí eile le go bhfeileann an t-iomlán don spriocghrúpa? 

Má bhí cead ag pobail éagsúla leis na mílte bliain anuas a stair féin a chumadh, is cinnte go bhfuil an cead sin ag daoine aeracha. 

Ach ní mór cuimhniú gur cuid iad daoine aeracha a bhaineann le pobail atá níos mó ná iad, agus ba cheart do na pobail sin stair a saoránach aeracha síos tríd na céadta a scrúdú, a chaomhnú agus a mhúineadh sa seomra ranga.

Fág freagra ar 'Ar lanúin fear iad Cú Chulainn agus Fear Diadh a raibh dúil acu i ngnéas foréigneach?'

  • Fearn

    Ar lanúin fear iad Cú Chulainn agus Fear Diadh a raibh dúil acu i ngnéas foréigneach?

    Nach athair agus mac a bhí iontu? Nó an péidfíleacht atá i dtreis?

    • Aonghus

      Níorbh ea. Ag smaoineamh ar Chonnla atá tú, a ghin cú Chulainn le hAoife.