Ar éigean a d’fhéadfaí líon na gcásanna Covid-19 a thabhairt anuas faoi 500 sa lá – Varadkar

Deir an tAire Sláinte Stephen Donnelly go mbeidh snáthaid amháin nó péire in aghaidh an Covid-19 tairgthe do cheathrar as gach cúigear de mhuintir na tíre faoi dheireadh an Mheithimh

Ar éigean a d’fhéadfaí líon na gcásanna Covid-19 a thabhairt anuas faoi 500 sa lá – Varadkar

Deir an Tánaiste Leo Varadkar gur ar éigean a d’fhéadfaí líon laethúil na gcásanna Covid-19 a thabhairt anuas chomh híseal agus a bhíodar anuraidh de bharr cineál an B117 a bheith i réim faoi láthair.

Dúirt sé “gur dheacair a fheiceáil” conas a d’fhéadfaí an ráta a thabhairt anuas faoi 500 cás sa lá, d’ainneoin “iarrachtaí ollmhóra mhuintir na hÉireann”.

Is léir ón gcaint sin go mbeidh an Rialtas ag brath ar fheabhas a chur ar an gclár vacsaínithe chun aon mhaolú a dhéanamh ar na srianta agus an víreas a chloí. 

Agus é ag caint sa Dáil inniu, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go mbeadh snáthaid amháin nó péire in aghaidh an Covid-19 tairgthe do cheathrar as gach cúigear de mhuintir na tíre faoi dheireadh an Mheithimh. Ar ndóigh braitheann an sprioc sin ar chomhlachtaí cógaisíochta a gcuid conarthaí seachadta a chomhlíonadh. 

Dúirt go mbeadh 1.1 milliún dáileog vacsaíní faighte ag an tír seo ó thrí chomhlacht faoi dheireadh an Mhárta agus go mbeadh Jannsen ag soláthar vacsaíní dúinn san Aibreán. 

An tseachtain seo caite, tháinig 96,870 vacsaín chugainn, i bhfad níos lú ná an 144,840 dáileog a fuaireamar an tseachtain roimhe sin agus an fhadhb le Oxford-AstraZeneca cuid den chúis leis an easnamh.

Is ón gcomhlacht Pfizer-BioNTech is mó a tháinig soláthar na hÉireann, 570,960 dáileog as an 855,360 ar fad.

Dúirt Leo Varadkar go raibh súil aige go mbeadh milliún vacsaín faighte againn faoi dheireadh an Mhárta, agus go mbeadh 800,000 acu sin  “i ngéaga daoine”.

Dúirt Róisín Shortall, comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta, go raibh líon na gcásanna “an-ard i gcónaí” d’ainneoin trí mhí dianghlasála. Is amhlaidh an scéal a deir sí toisc nach ndearna “an Rialtas a gcion ná gach ar gheall siad”. 

Fág freagra ar 'Ar éigean a d’fhéadfaí líon na gcásanna Covid-19 a thabhairt anuas faoi 500 sa lá – Varadkar'