Ar do shúile atá sé….

Leis na forbairtí is úire sa teicneolaíocht, tá ceannasaíocht na pictiúrlainne á ceistiú arís.

22/12/2012. Cinema Queues

Nuair a tháinig an taifeadán fístéipe ar an saol i dtosach, thóg lucht Hollywood cás os comhair na cúirte ag iarraidh na gléasanna a chosc.

Rialaigh na cúirteanna go raibh sé de cheart ag duine clár a thaifeadadh chun go bhfeádfadh sé breathnú air ag am eile. Thóg sé ocht mbliana ar fad sular deineadh an rialú deireanach ar an gcás i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe i 1984, agus faoin am sin, bhí na comhlachtaí scannáin ag tuilleamh go leor airgid as fístéipeanna a dhíol. Bhí an saol athraithe agus bhí glactha leis an bprionsabal gur cheart go mbeadh ábhar físe ar fáil don lucht féachana ach é a éileamh, de réir an chláir ama is rogha leis an duine féin.

B’é an nós coitianta ar feadh i bhfad go dtabharfaí tús áite don eisiúint phictiúrlainne, i gcás na scannán ab fhearr. Ansin scaoilfí amach ar fístéip iad, ansin ar an teilifís (satailít agus cábla ar dtús, teilifís tíre ina dhiaidh sin). Cúis náire a bhí ann do scannán dá dtógfaí an cinneadh gan eisiúint phictiúrlainne a thabhairt dó agus ligean dó bheith ar fáil i gcruth fístéipe ‘caol díreach’.

Ach leis na forbairtí is úire sa teicneolaíocht, tá ceannasaíocht na pictiúrlainne á ceistiú arís. Ní teilifíseáin bheaga shuaracha atá anois againn ach scáileáin bhreátha leathana le córais imfhuaime: amharclanna teaghlaigh. Ná níl orainn turas a thabhairt ar shiopa na bhfíseán le DVD a fháil ar cíos. Tá togha agus rogha craoltóireachta na míosa ar fáil ó na ‘seinnteoirí’ éagsúla atá ag na stáisiúin theilifíse. Agus ansin tá Netflix.

An mhí seo, shínigh Netflix conradh leis an aisteoir Adam Sandler go ndéanfadh sé ceithre scannán dóibh, scannáin a thaispeánfar go heisiach ar Netflix.

Freisin, tá fógartha acu go mbeidh The Green Legend, a leanann scannán cáiliúil Crouching Tiger, Hidden Dragon, le feiceáil ar dtús ar Netflix nuair a sheolfar é i gceann bliana.

Beidh an scannán sin le feiceáil i bpictiúrlanna IMAX ag an am céanna, ach ní fios an mbeidh sé i ngnáthphictiúrlanna in aon chor.

Cad ’tá i ndán do ghnáthphictiúrlanna mar sin? Mar a tharlaíonn sé, tá siad ag leanúint sampla na teilifíse, ar shlí.

Muna raibh tú in ann ticéad a fháil do na trí chluiche craoibhe sa pheil Ghaelach agus san iomáint i mbliana, bhí rogha eile agat más amhlaidh nach raibh an scáileán sa bhaile mór a dhóthain duit. Taispeánadh na cluichí sin beo, i bpictiúrlanna ODEON ar fud na tíre.

Bíodh is go bhfuil pictiúrlanna sa bhaile againn anois, is deas an rud é fós a bheith ‘gualainn le gualainn’ ag an ócáid mhór.

– Tá Conn Ó Muíneacháin ina eagarthóir ar an suíomh idirlín Technology.ie.