‘Ar deireadh thiar thall, tá comhionannas ceart sa dlí ag an mBreatnais’

Beidh tionchar ag breithiúnas cúirte a rinneadh an tseachtain seo ar stádas dlíthiúil na Breatnaise

‘Ar deireadh thiar thall, tá comhionannas ceart sa dlí ag an mBreatnais’

Tá fáilte curtha ag gníomhaithe teanga sa Bhreatain Bheag roimh chinneadh suntasach cúirte a chuirfidh reachtaíocht sa Bhreatnais ar comhchéim le reachtaíocht sa Bhéarla.

De réir an bhreithiúnais san Ard-Chúirt cuireadh deireadh le plean £37 milliún chun cónascadh a dhéanamh idir scoileanna i ndeisceart na Breataine Bige. Rinneadh cinneadh deireadh a chur leis an mbeartas sin mar gheall ar an dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh don Bhreatnais.

Beidh tionchar ag an mbreithiúnas freisin ar stádas na Breatnaise sa dlí agus é ráite ag duine de na dlíodóirí a bhí páirteach sa chás go bhfágann an cinneadh go bhfuil an stádas céanna anois ag reachtaíocht i mBreatnais agus atá ag reachtaíocht i mBéarla.

“Fuarthas go raibh brí na reachtaíochta níos soiléire sa Bhreatnais ná mar a bhí sé sa leagan Béarla,” a dúirt Michael Imperato, páirtí sa ghnólacht Watkins & Gunn a thug an cás chun cúirte.

“Ní bheifear riamh arís in ann argóint a dhéanamh gurb é an leagan Béarla den reachtaíocht a shocraíonn cén chiall atá leis an dlí,” a dúirt an t-abhcóide Rhodri Williams QC.

“As seo amach, beidh ar gach duine atá ag iarraidh reachtaíocht a chur i bhfeidhm i gceart sa Bhreatain Bheag an dá theanga a chur san áireamh.

“Ar deireadh thiar thall, tá sé deimhnithe ag na cúirteanna go bhfuil comhionannas ceart sa dlí ag an dá teanga sa Bhreatain Bheag.”

Bhain an cás cúirte le cinneadh a rinne comhairle áitiúil roinnt scoileanna i gceantar Pontypridd a dhúnadh agus dhá scoil mhóra a chur ina n-áit.

Rinneadh athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh, áfach, agus rialaigh an Ard-Chúirt nach raibh an tionchar a bheadh ag an bplean ar an mBreatnais curtha san áireamh ag comhairle Rhondda Cynon Taf.

Ina bhreithiúnas, dúirt an Breitheamh Fraser dá dtiocfadh laghdú ar líon na ngasúr a bhí ag freastal ar bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Breatnaise go dtiocfadh laghdú ar líon na ndaltaí a d’fhreastalódh ar iarbhunscoileanna Breatnaise.

Dúirt an breitheamh go mbeadh na daltaí sin “caillte go deo” ag an mBreatnais.

Fág freagra ar '‘Ar deireadh thiar thall, tá comhionannas ceart sa dlí ag an mBreatnais’'

  • Seathrún Mac Éin

    Go hiontach! Ní dóigh liom go bhfuil cosaint dlí chomh láidir céanna ag scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta in Éirinn, an bhfuil?