Ar cheart comhairle an Ard-Aighne don rialtas a choimeád faoi rún i gcónaí?

Dúirt Máire Whelan leis an rialtas gur sháraigh bille a mhol Clare Daly an Bunreacht, ach níor cuireadh a réasúnaíocht ar fáil do dhuine ar bith eile.

16/12/2014 Abortion Issues in Ireland
Clare Daly. Pictiúr: Photocall Ireland

Sa Dáil Dé Máirt, d’iarr Clare Daly ar Enda Kenny rud a dhéanamh nach ndearna Taoiseach ar bith riamh. Foilsigh comhairle an Ard-Aighne, a dúirt sí leis, maidir lena bille faoi éalang mharfach féatais (fatal foetal abnormality).

Thug Enda Kenny an freagra céanna a thug gach Taoiseach roimhe agus droim láimhe á thabhairt acu le gach iarratas dá leithéid. Ní fhoilsítear tuairimí Ard-Aighne riamh, a dúirt sé léi ach fáth níor thug sé.

Níl cosc dlíthiúil ná bunreachtúil ar fhoilsiú chomhairle Ard-Aighne. Ní theastaíonn ach toil an Taoisigh agus an Ard-Aighne. Dála an scéil, ní mionchoinníoll é cead foilsithe a fháil ón Ard-Aighne. Ní comhalta den rialtas í, cé go mbíonn sí i láthair ag gach cruinniú rialtais, agus tá stádas neamhspleách bunreachtúil aici (féach thíos ‘Cé hí Máire Whelan?’).

Fearacht gach abhcóide a chuireann comhairle ar fáil do chliant, is léir an fáth nach mbeadh fonn ar an Ard-Aighne, ná ar an Taoiseach a cheap í, go mbeadh a tuairimí i mbéal an phobail. Ní den míréasún drogall mar sin a bheith uirthi agus ní tearc na cúiseanna gur fiú cloí leis an gcleachtas atá i bhfeidhm ó bunaíodh an stát.

Mar sin féin, dhúisigh an cheist a chuir Clare Daly sarar diúltaíodh dá bille sa Dáil (104 vóta i gcoinne, 20 i bhfabhar) ábhar ar fiú é a phlé. D’admhaigh an tAire Stáit Kevin Humphreys an méid sin nuair a dúirt sé gur chóir foilsiú comhairle i gcásanna áirithe a bhreithniú.

Cuir i gcás go bhfuil bille á phlé sa Dáil a bhaineann le hábhar ina bhfuil spéis ag mórán, agus a chuireann isteach ar mhionlach go mór. Agus abair go mbaineann an bille sin le mórcheisteanna casta bunreachta agus daonnachta atá pléite gan a bheith réitithe le breis agus 30 bliain.

Agus abair go bhfuil go leor teachtaí dála báúla le haidhmeanna an bhille, a sháraíonn an Bunreacht, dar leis an Ard-Aighne, agus go ndiúltaíonn an teachta dála a mhol an bille do thuairim an Ard-Aigne.

Bhí díospóireacht dá leithéid sa Dáil an tseachtain seo.

Ar ndóigh ní dúirt Enda Kenny gur ábhar tábhachtach eisceachtúil a bhí faoi chaibidil. Ní dúirt sé ach an oiread go ndéanfaí leas an phobail dá bhfoilsefaí an chomhairle a chuir Máire Whelan ar fáil don Rialtas.

Ach dá ndéanfadh an Taoiseach amhlaidh, an ndéarfadh duine ar bith nach raibh cinneadh stuama déanta aige?


Cé hí Máire Whelan? 

3/4/2014. New High Court Judges
An tArd-Aighne Máire Whelan agus an Taoiseach, Enda Kenny. Pictiúr: Photocall Ireland

Rugadh: i gCinn Mhara, Contae na Gaillimhe.

Oideachas: Ollscoil na hÉireann Gaillimh, King’s College i Londain agus Harvard.

Abhcóide: sóisearach ó 1985, sinsearach ó 2005.

Polaitíocht: iar-rúnaí airgeadais Pháirtí an Lucht Oibre.

Aon rud eile? Is iarchathaoirleach í ar na hIonaid Saor-Chomhairle Dlí (FLAC).

Leabhar: Comhúdar The National Asset Management Agency Act 2009 – A Reference Guide a foilsíodh i 2011.

Ceaptha: i mí na Márta 2011, le bunú an rialtais.

Stairiúil: Is í Máire Whelan an chéad bhean riamh a ceapadh mar Ard-Aighne in Éirinn.

Pearsanta: pósta le Bernard McCabe, páiste amháin.

 

Fág freagra ar 'Ar cheart comhairle an Ard-Aighne don rialtas a choimeád faoi rún i gcónaí?'