Ar an mBóthar Beag a bheas coimhlint an deireadh seachtaine

Ach an oiread le Cúige Uladh níl de rogha ag Cúige Chonnacht ach iarracht fhíochmhar a dhéanamh bua a fháil

Ar an mBóthar Beag a bheas coimhlint an deireadh seachtaine

Cé go dtugann an sos deireadh seachtaine sa gcomórtas Sé Náisiún deis do chlubanna an Pro 14 filleadh ar pháirc na himeartha anocht agus amárach, caithfidh siad é a dhéanamh gan na himreoirí atá ar an bpainéal idirnáisiúnta.

Cinntíonn an líon mór imreoirí idirnáisiúnta atá ar liosta na ngortuithe go bhfuil ar chúpla bainisteoir cúige tochailt go domhain ina bpainéal le teacht ar ionadaithe d’imreoirí atá gortaithe nó ar dhualgas idirnáisiúnta.

Is cinnte gur ag na Laighnigh, foireann atá as baile anocht, atá an dúshlán is mó den chineál seo. Fágann sin go bhfuil ar Leo Cullen foireann idir an dara agus an tríú rogha a chur chun páirce i gcoinne na Dragons anocht. Fós féin, níor cheart go mbeadh mórán stró ar Chúige Laighean fiú agus iad as baile i gcoinne foireann atá 36 pointe taobh thiar díobh féin. Níl ach an t-aon chluiche amháin caillte ag foireann Átha Cliath i gcomparáid le seacht gcinn atá caillte ag foireann na Breataine Bige. Bua eile agus seans maith ar phointe bónais ag Cúige Laighean anocht.

Ní dóigh go mbeidh rudaí chomh héasca céanna ag na hUltaigh, foireann atá as baile i nGlaschú. Tá 31 idir na foirne seo i nGrúpa A, Ulaidh sa dara háit ar an tábla agus Glaschú sa gceathrú háit. Is iad na hUltaigh rogha na coitiantachta sa gcoimhlint seo ach caithfidh siad a bheith airdeallach gan ligean don bhearna ceithre phointe sin idir iad féin agus Cúige Laighean ar bharr an tábla méadú tuilleadh. Níl de rogha ag fir Bhéal Feirste ach dul sa tóir ar bhua. Beidh sé deacair iad a stopadh.

Tabharfaidh Cúige Mumhan faoi Dhún Éideann sa gcathair sin amárach. Ach an oiread le Cúige Laighean, tá na Muimhnigh iad féin ag lag trá de bharr imreoirí a bheith sa gcampa idirnáisiúnta. Go deimhin is ionann an cás do Dhún Éideann é, iad sa gcúigiú háit ar thábla Ghrúpa B. Na Muimhnigh atá ar a bharr. Mar sin féin is deacair bua a thuar d’fhoireann an bhaile go háirithe agus leithéidí JJ Hanrahan, Mike Haley agus Shane Daly na Mumhan ag iarraidh a chruthú gur cheart dóibh féin a bheith leis an bhfoireann idirnáisiúnta.

Seans gurb ar an mBóthar Beag a bheas coimhlint na deireadh seachtaine seo idir Cúige Chonnacht, foireann atá sa dara háit i nGrúpa B agus Caerdydd atá sé phointe taobh thiar díobh sa tríú hait. Is cinnte go mbíonn buntáiste ag baint le himirt sa mbaile ach ní raibh na Connachtaigh in ann mórán leasa a bhaint as sin le tamall. Go dtí seo tá cheithre chluiche as sé cinn a d’imir siad sa mbaile an séasúr seo caillte acu. Má chailleann siad arís amárach ní hamháin go mbeidh an dara háit ar an tábla i mbaol ach níos measa ná sin beidh na Muimhnigh ag cur leis an mbearna eatarthu. Ach an oiread le Cúige Uladh níl de rogha ag Cúige Chonnacht ach iarracht fhíochmhar a dhéanamh bua a fháil.

Fág freagra ar 'Ar an mBóthar Beag a bheas coimhlint an deireadh seachtaine'