
Pic5-
Dúradh nach raibh ann ach ceist ama sula dtarraingeodh Ryan Manning aird na gclubanna is mó i Sasana air féin agus go bhfágfadh sé slán ag Galway FC. Anois agus fear Bhaile Chláir na Gaillimhe ar a mbealach le conradh a shíniú le Queens Park Rangers i Londain, is fiú breathnú ar chuid de na himreoirí eile a d’fhág Tír Oileáin chun a gcuid a shaothrú ar an taobh thall de Mhuir na hÉireann.
David Forde
Thóg se achar fada ar David Forde, cúl báire na hÉireann, teacht faoi bhláth agus barr a cumais a bhaint amach. D’fhág sé Galway Utd den chéad uair i 2001, tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh leo. Tar éis bliana le Barry Town sa Bhreatain Bheag, shínigh sé le West Ham i bPríomhroinn Shasana.
Bhí David James á choinneáil amach ón bhfoireann i Londain agus tar éis seal a thabhairt le clubanna eile mar imreoir ar iasacht, tháinig sé ar ais go Gaillimh i 2004. Tar éis cúpla bliain a thabhairt i nGaillimh agus i nDoire, chaith sé seal sa Bhreatain Bheag arís le Cardiff City sula ndeachaigh sé go Millwall.
Is i Londain atá Forde i gcónaí agus é ag imirt níos fearr ná mar a d’imir sé riamh ina shaol. Roghnaíodh é mar imreoir na bliana don séasúr 2013/14.
Jay O’Shea
Tháinig O’Shea go Gaillimh ag deireadh na bliana 2007 agus cé nach raibh sé i gCathair na dTreabh ach ar feadh achair ghearr, is mó gaisce a rinne sé le linn ama sin. Bhí páirt lárnach aige i dteacht aniar Galway Utd ón ísliú céime a shíl mórán a bhí i ndán dóibh i 2008.
Cheannaigh Birmingham City é tar éis bliain eile den scoth a bheith aige i 2009 agus is in Old Trafford i gcoinne Manchester United a d’imir sé a chéad cluiche. Ar éigean a d’imir an cliathánaí do Birmingham dá éis sin, faraor. MK Dons an chéad chlub eile ar imir sé leo sular thug sé a aghaidh ar Chesterfieldi Sraith a hAon i Sasana, foireann a mbíonn sé ag imirt leo go rialta anois.
Eamonn Deacy
Cé go bhfuair sé bás óg, gan é ach sna caogaidí, bhain ‘Chick’ níos mó amach ná a dhéanfadh daoine a mhairfeadh an céad. Is é Deacy a d’aimsigh an chéad cúl a scóráil foireann na Gaillimhe i Sraith na hÉireann i 1977 agus taobh istigh de cheithre bliana, bhí an Chéad Roinn buaite aige le Aston Villa i Sasana. I 1982, d’imir sé i gcoinne Zico, Socrates agus a gcairde nuair a bhuail an Bhrasáil Éire 7-0.
Bhí Deacy ina bhall de phainéal imreoirí Villa le linn a ré órga úd, tráth a bhuaigh siad an tSraith i 1980/81 agus Craobh na hEorpa i 1982. D’fhill sé ar Ghaillimh i 1984 agus d’fhan sé ag imirt leis an gclub anseo go dtí gur bhuaigh siad Corn an FAI i 1991.
Séamus Conneely
D’imir fear Chamais do Galway Utd ar feadh ceithre bliana tar éis dó aistriú ó Mervue Utd. I mí Eanáir 2011, agus tar eis dó imirt le foireann Faoi-21 na hÉireann, tharraing sé aird Sheffield Utd air féin, foireann a bhí ag imirt sa dara roinn i Sasana ag an am.
Cé nár imir Conneely don chéad fhoireann seo acu, bhí sé ina chaptaen ar an dara foireann. Tar éis 18 mí, áfach, tháinig sé ar ais go Connachta agus thug a aghaidh ar Rógairí Shligigh. Bhuaigh Conneely an tSraith agus Corn an FAI le Sligeach agus ag tús na bliana seo.
Ní raibh deireadh lena aistear fós, áfach; d’fhill sé ar Shasana agus tá sé imirt anois le Accrington Stanley, atá faoi chúram John Coleman, an bainisteoir a bhí ag Conneely agus é imirt le Rovers!
Fág freagra ar 'Ryan ar an mbád go Sasana: imreoirí sacair eile a d’fhág Gaillimh'