Ar an bportach le Paul Galvin

Tá gach rud sa mbailiúchán nua-dheartha do Dunnes Stores ag iarpheileadóir Chiarraí le beagán smaise a chuir ar fhear, ó bharr na baithise go bonn na gcos. 

Ar an bportach le Paul Galvin

Ó phortaigh Thuaisceart Chiarraí, a fhód dúchais féin, a fuair an dearthóir faisin Paul Galvin inspioráid don bhailiúchán is deireanaí éadaigh atá curtha ar fáil aige do Dunnes Stores. Spreag dathanna an phortaigh samhlaíocht an iarpheileadóra cáiliúil agus is faoin teideal ‘Bogman’ atá an séú bailiúchán seo deartha aige do shéasúr an earraigh do mhuintir Dunnes.

Déarfainn go bhfuair sé inspioráid bhreise ó bheirt charachtar cáiliúil de chuid na Ríochta, an teachta Dála Michael Healy Rae agus an ‘Bull’ McCabe a cheap an scríbhneoir John B. Keane dá shaothar cáiliúil ‘The Field’. Mheabhródh pictiúr amháin de Paul Galvin féin lena mhaide draighean an seasamh céanna a bhí ag Richard Harris sa scannán a rinneadh de ‘The Field’. Agus ní rachadh an caipín speiceach de chuid Galvin amú ar theachta Dála Chill Orglan.

Tá an tsimplíocht i gceist i gcuid mhaith den bhailiúchán nua seo, sna t-léinte (bán, liath nó dubh), an veist bhán nó an húdaí liath. Tá cótaí folaigh ‘camouflage’ deartha aige freisin chomh maith le léinte, jíons agus geansaithe. Agus ó tharla péire stocaí agus bróga a bheith curtha ar fáil freisin aige tá gach rud san iarracht nua seo le beagán stíle a chur ar fhear ar bith, ó bharr a bhaithise go bonn na gcos.

Tá cuid mhaith de bhailiúchán nua Paul Galvin le fáil cheana féin, le seachtain anuas, i siopaí Dunnes, ach beidh tuilleadh le fáil as seo go tús mhí an Aibreáin.

Seo roinnt de na píosaí is deireanaí ó shamhlaíocht iarlaoch na Ríochta

 

Seaicéad ‘camouflage’ ar €90

 

Húdaí liath le muinchillí fada ar €40

 

Geansaí muineál criú ar dhath an uachtair ar €35

 

Léine bhán le seic éadrom agus muinchillí gearra ar €35

 

Jíons fáiscthe liath ar €40

 

Caipín speiceach a d’fheilfeadh ar ‘Peaky Blinders’ nó do Michael Healy Rae ar €35

 

Dhá phéire stocaí (ar €5) agus péire bróga spóirt déanta as leathar ar €80

Fág freagra ar 'Ar an bportach le Paul Galvin'

  • leitheoir

    Tabhair ar ais an vástchóta (veist) óir is balcais thar a bheith praitinniúil é. Bhíodh sé á chaitheamh ag an seandream i gcónaí cuma cén ócáid a bheadh i gceist. Trí cinn de phócaí ar a laghad i ngach ceann agus cad é úsáid is féidir a bhaint astu sin! Tá siad thar a bheith teolaí freisin mar bíonn sé fáiscthe isteach leis an gcorp. Samhlaíonn daoine cúngaigeanta aineolacha ‘galántacht’ lena leithéid ach tá breall orthu, is ball éadaigh traidisiúnta fíor-phraitinniúil é. Aon phictiúr a fheicfidh tú de Thomás Criomhthain bhíodh veist á chaitheamh aige. Níorbh aon áilleagán é siúd.