Ar an 19 Meitheamh 1920 a thosaigh na caismirtí i nDoire…

Cogadh, conspóid agus cuimhneachán: Sa tsraith seo le Tuairisc.ie i gcomhar leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh tugann staraithe éagsúla léargas ar scéala Éireann i mbliain chinniúnach 1920. Caitear súil inniu ar an gcoimhlint ó thuaidh…

Ar an 19 Meitheamh 1920 a thosaigh na caismirtí i nDoire…

Cé gur chaith an Páirtí Aontachtach bliain ag scaipeadh bolscaireacht dhubh a chuir síos ar Phrotastúnaigh Shóisialacha mar Shinn Féin faoi cheilt agus Boilséivigh rúnda, rinne na mílte Protastúnach neamhaird den leabhal fola agus chaith vótaí ar son Pháirtí Lucht Oibre Bhéal Feirste [BLP] sna toghcháin áitiúla in Eanáir 1920. Leoga, shaothraigh Sam Kyle den BLP an méid is mó vótaí chéad rogha (2082) i dtoghcheantar na Seanchille. Thug seo dúshlán suntasach don cheannasaíocht aontachtach a mhaígh gur ghrúpa aonchineálach iad Protastúnaigh Uladh agus gur cheart iad a dheighilt ón chuid eile den tír. Chuir an Irish Times síos ar an “chéim mhór chun tosaigh” a rinne saothar i mBéal Feirste, cathair gurbh ar éigean a bhain iarrthóirí UUC leath na vótaí i nDúnfort an Aontais.

An mhí chéanna, threoraigh Edward Carson do Dawson Bates cruinniú UUC a eagrú, ach go mbeadh ar thoscairí intinn oscailte a bheith acu faoi ‘scéim na sé chontae’. Ghlac an UUC leis ar an 10 Márta 1920, ach mhothaigh aontachtaithe ar an teorainn gur tréigeadh iad. D’éirigh Ambrose Ricardo, ceannaire den UVF i dTír Eoghain, as an chomhairle le ‘fearg agus déistin’ air’. Sa deireadh thiar thall, i ndiaidh cruinnithe eile ar an 27 Bealtaine, níor vótáil ach 80 den 390 ball den UUC ar son críochdheighilt 9 gcontae. Scríobh James Craig paimfléad a dhearbhaigh gurbh iad na sé chontae ‘dúnfort Aontachas Uladh. Mura raibh siad in ann urphoist a shábháil, an ionann sin is a rá go raibh orthu an dúnfort a ghéilleadh?… ní thig le duine ar bith an cúnant a léamh mar chomhaontú féinmharaithe.’

Baisteadh Tuaisceart na hÉireann i linn fola. B’éagsúil iad na coimhlintí ar an dá thaobh den teorainn. Cogadh idir trodaithe, den chuid is mó, a bhí i gCogadh na nDúchrónach. Coimhlint sheicteach as éadan a thit amach ó thuaidh. I ndiaidh díbirt 10,000 Caitliceach agus Protastúnach sóisialach in Iúil 1920, chuir dronganna antoisceacha ruaig ar 23,000 Caitliceach óna mbailte agus bhí an stát ó thuaidh fágtha ag 50,000 fá 1923.

D’úsáid ceannairí na n-aontachtaithe, Carson agus Dawson Bates go háirithe, dhá ghrúpa seicteacha, Compántas Shaothar na nAontachtaithe Uladh [UULA] agus Compántas Iarshaighdiúirí Uladh [UESA] leis na ceardchumainn a bhriseadh agus an pogram a chur i bhfeidhm. Baineadh úsáid as feachtas na nÓglach ó dheas mar leithscéal fá choinne olldíbeartha. Nuair a bhris foréigean amach idir Arm Phoblacht na hÉireann agus an tArm agus UVF i gCathair Dhoire, chuir oibrithe sna longcheártaí achainí chuig Carson ligint dóibh díoltas a bhaint amach. I ndiaidh dó labhairt leis an dá ghrúpa seo, thug Carson óráid ghríosaitheach ag páirc na bhfear buí i bhFionnachadh a bhagair go raibh Sinn Féin ag úsáid ceist na gceardchumann le hUlaidh a insíothlú agus go mbeadh ar aontachtaithe cúram rudaí a ghlacadh orthu féin. Chríochnaigh sé agus é ag rá nach raibh ach fuath aige do bhriathar gan bheart.’

Nuair a maraíodh Coirnéal G. F, Smyth i gCorcaigh ar an 17 Iúil, thapaigh an UULA an deis. I ndiaidh an tórraimh, agus gríosú Carson ag gliogar ina gcluasa, chruinnigh na mílte dílseoir le chéile i gclós loinge Workman & Clarke. Rinne oibrí eile ráiteas maslach faoin Ord Buí, agus thug plód ruathair tríd an chlós ag ionsaí na gCaitliceach agus na bProtastúnach lofa. B’éigean do chuid acu snámh lena n-anam trasna Loch Lao faoi chith de choinfití Bhéal Feirste nó seamanna loinge. Spreag sé seo pogram níos leithne inar díbríodh suas le 10,000 ó longcheártaí, teilgcheártaí agus monarchana na cathrach.

Nuair a scaoil an tIRA an Cigire Oswald Swanzy ar an 22 Lúnasa i Lios na gCearrbhach, loisc dronganna an pobal Caitliceach amach óna dtithe. Scríobh an dílseoir tábhachtach Fred Crawford nach raibh ach trí nó ceithre theaghlach fágtha agus go raibh an radharc ar nós na mbailte faoi smionagar sa Fhrainc. Chuir an Daily News síos ar chúig seachtaine de ghéarleanúint gan trua, baghcat, loscadh, creach agus ionsaí a chríochnaigh le seachtain iomlán d’fhoréigean gan srian, nach bhfacthas a leithéid taobh amuigh de phogram na Rúise agus na Polainne. D’inis Carson don pharlaimint go raibh sé ‘níos bródúla as a chairde sna longcheártaí ná as cara ar bith eile ar domhan’.

Ansin, rinne rialtas na Breataine earcaíocht ar lucht an phograim agus an UVF mar Speisialtaigh. Faoi Bhealtaine 1922, dúirt Lloyd George gurbh ionann Fascisti Mussolini agus na Speisialtaigh agus gurbh é dúnmharú na gCaitliceach a spreag an foréigean agus a bhí á choinneáil beo. Le linn an ama go léir, thug rialtas Lloyd George gunnaí do 48,000 Protastúnach. Caitheadh £6 mhilliún orthu i lár chúlú eacnamaíochta. I Meitheamh 1922, mhaígh Ricardo gur fórsa claonta a bhí sna Speisialtaigh a chruthaigh achrainn phearsanta fola a mhairfeadh ar feadh na nglún. Maítear go minic gur cruthaíodh an Tuaisceart le féinchinntiúchán a thabhairt do náisiún na Breataine in Éirinn, ach de réir na fianaise, instinn i bhfad níos bunúsaí a luigh faoi – cibé lenar treise lámh bíodh aige an gadhar bán is an fia.

Ritheadh Acht um Rialtas na hÉireann ar an 23 Nollaig 1920. Maítear go forleathan go raibh an chríochdheighilt dosheachanta agus nach raibh san Acht seo ach cur i gcrích phróiseas nádúrtha. Má dhéantar mionscrúdú ar an fhianaise, áfach, baintear an bonn ó bhraistint. Cinnte faoin am ar cuireadh an stampa ríoga ar an Acht seo, bhí forlámhas ar an phobal Protastúnach bainte amach ag James Craig agus a pháirtí, ach bhraith an dispeansáid nua ar bhearta antoisceacha a rinneadh sa bhliain sular ritheadh an reachtaíocht. Le linn na bliana, thréig ceannasaíocht an pháirtí a mbráithre i nDún na nGall, An Cabhán agus Muineachán nuair a caitheadh cúnant 1912 i dtraipisí. Ansin, spreag agus threoraigh siad pogram brúidiúil in éadan an mhionlaigh Chaitlicigh le go dtiocfadh leo geilleagar oráiste a chruthú. B’ionann forlámhas na ndílseoirí ar mhargadh an tsaothair agus an inneoin ar ar bhris siad na ceardchumainn, gluaiseacht faoi bhláth a thug dúshlán neamhsheicteach sóisialach na n-aontachtaithe idir 1918-20 go dtí gur briseadh í le linn an tsamhraidh fhuiltigh i 1920.

Trí chéile, thug stát impiriúil na Breataine tacaíocht gan choinníoll d’fheachtas seicteach in Ulaidh idir 1920-21.

Fág freagra ar 'Ar an 19 Meitheamh 1920 a thosaigh na caismirtí i nDoire…'

  • MacAnRí

    Spéisiúil amach is amach…ba cheart dúinn dealbh Carson (Stormont) a leagan ach is dóigh go mbeadh dearcadh difriúil ag na h-aontachtaithe

  • Seán Fennell

    Agus cuirtear ceist go fóill ar mhuintir an Sé Chontae cad chuige nach mbíonn muid bródúil agus mórtasach fán Tuaisceart agus muid ag déanamh réidh le 100 Bliain de NORN IRON a cheiliúradh!
    Ba chóir leagan Béarla a chur ar fáil do mheánscoltacha agus bunscoltacha a bheas ag múineadh leagan eile den stair. Bulaí fir

  • Seanán Ó Coistín

    Cad is brí leis an nath gleoite sin “cibé lenar treise lámh bíodh aige an gadhar bán is an fia.”?
    Nílim in ann teacht air in aon áit.

  • MacAnRí

    Seanán
    “might »
    might is right ….. cloíonn neart ceart, cibé lenar treise lámh bíodh aige an gadhar bán is an fia, an té atá thuas, óltar deoch air….Foclóir.ie