Is minic a bhíonn muid ag caint orthu, na Polannaigh seo, ach ní dócha gur minic a bhíonn muid ina gcuideachta. Feicim go minic iad ag triall ar sheamlais mo cheantair féin, na daoine bródúla seo i mbun oibre nach áil leis an phobal áitiúil. Nach aisteach é? Iadsan ag obair a fhad is atá daoine eile, de bhunadh an cheantair, dífhostaithe. Ní do gach duine an cineál seo oibre daite, is í atá cáidheach, tú i mbun búistéireachta go laethúil.
Ach tá an meon céanna ag na Polannaigh agus a bhí ag mo ghlúin féin agus glúin mo thuismitheoirí – déanann tú cibé cineál oibre atá ann. B’fhearr an post ba lú ná bheith i do shuí ar do thóin sa bhaile.
Mar sin féin, tá níos mó i gceist leis na Polannaigh seo ná oibrithe – is pobal creidimh agus teanga iad. Tá Aifreann ar leith acu abhus – po polsku – agus sagairt dá gcuid féin. Bíonn na céadta acu ar Aifreann an Domhnaigh agus an tseirbhís ar fad i bPolainnis. Tá naíonáin bheaga i bpramanna, páistí in aois bunscoile, déagóirí, tuismitheoirí sna 30í agus 40í agus roinnt, roinnt go díreach, a déarfá gur in aois mamó agus daideo iad. Pobal ar fad atá ann, ó aois go haois.
Níl bileog Aifrinn acu ach leabhar iomann, é faoi chlúdach donn leathair. Ní thiocfadh liomsa bun nó barr a bhaint as an teanga nó níl focal di agam. Ach, a Thiarna, is maith leis na Polannaigh ceol ar Aifreann. Ní luaithe a thagann an sagart chun altóra go dtosaíonn an canadh, canadh a chorraíonn an croí agus an t-anam ionat. Thiocfadh leat bheith thoir in ardeaglais Vársá agus ní i séipéal Éireannach.
Cad é a dhéanann tú nuair nach dtuigeann tú an chaint? Géilleann tú don fhuaim ghlórmhar, do thaoidí na n-iomann, do cheol na léachtaí. Éiríonn tú as ciall a lorg ar do bhileog Bhéarla Aifrinn agus tumann tú sa sruth fuaimeanna anoir, sa chaint ársa seo as an Eoraip thoir.
Oiread chéanna le páistí óga Éireannacha, tig leis an pháiste Pholannach bheith iomlatach ar Aifreann. Imíonn tachrán beag ar seachrán i dtreo na haltóra agus a mháthair sa tóir air. Tá máthair taobh thiar díom ag tabhairt amach, i bPolainnis, dá mac agus é ag útamáil gan stad gan staonadh. Tá babaí beag ag caoineadh ar chúl an tséipéil sula gcromann a máthair lena thógáil as an phram. Pógann sí i bPolainnis é gan amhras.
Is beag aird a thugann muid ar a dteanga, nach beag? Nach minic a chluineann muid gligín inteacht ag déanamh beag is fiú den teanga seo againne agus a rá gur chóir dúinn teanga ‘mhór’ Eorpach a fhoghlaim ina háit. Bhuel, seo teanga mhór Eorpach inár measc le fada fada agus oiread agus focal de níl ag an chuid is mó againn. Seo pobal a bhfuil stair léanmhar ag baint leo ach nach muid atá aineolach uirthi? Nach muidinne na Sasanaigh bheaga i ndáiríre, nach muidinne a thuigeann go mbeidh Béarla acu agus go mbeidh muid in ann iad a thuigbheáil dá réir sin?
Lá den tsaol, ba í an Laidin teanga na hEaglaise Caitlicí in Éirinn. Bhí uncail de mo chuid i gcónaí den bharúil gur botún a rinne Vatacáin a Dó droim láimhe a thabhairt leis an Laidin agus caint na ndaoine a thógáil chuici féin. Bhain sé sult as éisteacht leis an Laidin agus an t-aistriúchán Béarla ina leabhrán. Nach ait le smaointeamh go raibh trí theanga á labhairt in Éirinn – Béarla, Gaeilge agus Laidin?
Tuigeann tú dó ar bhealach. Seo Aifreann Caitliceach i séipéal in Éirinn ach Polannaigh amháin atá i láthair. Is é an creideamh céanna é agus atá ag mórán Éireannach ach níl iomrá ar Éireannaigh páirt a ghlacadh san Aifreann seo leo. Bíodh sin mar atá, b’fhéidir go bhfuil sé ró-rómánsúil bheith ag amharc siar ar an Laidin. Is dócha gur beag Gael Caitliceach nach gcorraíonn an croí ann agus Aifreann i nGaeilge ann?
Tá an tAifreann thart. Níor thuig mé focal den Aifreann agus thuig mé gach aon fhocal de. Tá a gcuid paidreacha ráite ag na Polannaigh. Tá na mianta céanna acu agus atá againne, déarfainn, na cúraimí céanna orthu, an t-ábhar céanna imní faoi dholaí agus eile. Tá an chumha chéanna orthu agus a bhíos ar ár muintir féin thall sna Stáit nó sa Bhreatain, déarfainn, iad ar deoraíocht sa tír aisteach seo.
Tá athair agus iníon óg ag siúl le chéile. Tá greim láimhe aici ar a deaid. Labhrann sí leis i bPolainnis. Cromann sé síos agus labhrann léi i bPolainnis fosta. Creideamh agus teanga in aon eachtra amháin
Seán Ó Riain
An-alt, a Phóil! Tá Polainnis go líofa agam féin, mar chaitheas 5 bliana ag obair in Ambasáid na hÉireann i Vársá. Bíonn ionadh ar Pholannaigh nuair a labhraim leo ina dteanga féin, mar tá an ceart agat – is teanga fhíordheacair í, agus is beag Éireannach a bhfuil focal di acu.
Ach tá teanga bheo eile a rugadh sa Pholainn thiar in 1887 agus atá fíor-éasca – sin Esperanto. Bhíodh Aifreann rialta in Esperanto agus mé i Vársá, agus fiú easpag ann a raibh an teanga go líofa aige! Tá a dteanga féin go láidir ag na Polannaigh, ach léiríonn a nasc le hEsperanto go bhfuil fonn orthu bheith i dteagmháil le náisiúin eile.
Beir beannacht.
Seán Mac Gearailt
Alt fíor-shuimiúil.
Táid ann a deir go gcloíonn na Polainnigh lena dteanga toisc go bhfuil ar intinn acu filleadh ar an bPolainn nuair is acmhainn dóibh. N’fheadar.
Bhíos ag caint le beirt as an bPolainn uair agus nior thuig siad an leatrom atá á dhéanamh ar an nGaeilge anseo. Shíl siad go mba chóir dúinn bheith bródúil as ár dteanga agus as an gcultúr.
Easpa féin mhuinín a thugann orainn sodar i ndiaidh na n-uasal i gcónaí.
Críostóir
Thug mé cuairt ar an bPolainn, tá cúpla bliain ó shin agus thug mé faoi dheara nach bhfuil an Béarla forleathan. Bhí cara liom arbh as an bPolainn dó, trí thimpiste- ag gabháil ar ais ar cuairt seachtaine a bhí sé- agus bhí meangadh mór air agus muid ar an mbus ón aerfort don bhaile mór- mar go raibh muid ag labhairt Béarla a dúirt sé liom. Mhínigh sé dom nach mbeadh sé aisteach mura mbeadh Béarla ar éinne ar an mbus, agus fiú mura mbeadh sé cloiste ag scata mór acu, ach oiread. Tuigim go mbeadh an scéal éagsúl sna cathracha móra, Warsaw agus Krakow, áiteanna a mbeadh turasóirí coitianta, ach ba chathair caosach mhór í Wroclaw, an áit ina raibh mise. Tá siad brodúil as an teanga náisiúnta. Ní dheirfinn go bhfuil fonn orthu Béarla a fhoghlaim, cosúil leis na Francaigh.
Is ait é go mbíonn dearcadh éagsúla ag tíortha i leith teangacha iasachta. Tá an Ghearmáin agus an tSualainn tiománta dóibh, don Bhéarla ach go háirithe, agus ar an taobh eile tá tíortha cosúil le Sasana, Meiriceá, an Fhrainc, an Pholainn nach mbíonn teangacha iasachta acu go hiondúil- agus fiú nach bhfuil fonn orthu iad a bheith acu (i gcás na Fraince le Béarla agus Meiriceá le Spáinnis).
Is deas é an meon a mbíonn acu, a dteanga féin a labhairt feasta. Is mór an trua é, nach mar sin a bhí sé leis an nGaeilge nuair a bhí sí forleathan in iarthar na hÉireann ag tús na fichiú haoise.
Manus
Bhí Fraincis á labhairt i ngo leor bailte Normannacha in Éirinn roimh an Bhéarla. Lingua franca a bhí sa Laidin agus ní teanga pobail. Pólannaigh a rá liom nárbh ann don Phólainn ar mhapa na hEorpa ar feadh na gcéadta bliain ach in ainneoin na nainneoin mhair an teanga.