Aontaigh liom nó ná haontaigh, is í mo thuairim mheáite, mhacánta, gurb é AP McCoy, a d’fhógair an tseachtain seo caite, gurb é seo an séasúr deireanach iomaíochta aige, an laoch spóirt is foirfe a saolaíodh in Éirinn riamh.
Nuair a bheidh an Bet365 Gold Cup ar chúrsa Sandown thart i mí an Aibreáin seo chugainn, éireoidh McCoy as agus gairmfear mar sheaimpín-mharcach sa mBreatain é don 20ú bliain as a chéile – gradam atá bainte amach aige chuile bhliain ó chuaigh sé ag plé lena cheird ansiúd ar bhonn gairmiúil.
Is é fadsaoil agus nádúr an spóirt lena bhfuil sé ag plé a thugann an svae dó, dar liomsa, thar aon phearsa spóirt eile.
A bheith fós ar bharr buaice agus scór blianta caite agat ag tabhairt faoi léimeanna, ar mhuing capall a mbíonn luas os cionn 30 míle san uair fúthu – mura léiriú é sin ar chrógacht, ar dhiongmháilteacht agus ar scil an duine, ní lá go maidin é.
Gasúr ciúin, cúlaitheach ab ea Anthony, an mac ba shine a bhí ag Peadar McCoy agus ag a bhean Claire a bhfuil cónaí orthu ar an Muine Glas in iarthar Cho. Aontroma. (‘Anthony’ an t-ainm is ansa leis féin a thabhairt i gconaí air. Níor tugadh Tony air gur shroich sé Sasana agus leis an gclú a tháinig AP, (Anthony Peter).
Cé go raibh cúrsaí teann go maith sa gceantar inar thóg Peadar agus Claire an seisear clainne a bhí acu, ní raibh an chontúirt chéanna faoin tuath agus a bhí i gcathracha agus i mbailte móra le linn chíréibeanna an Tuaiscirt. Bhí caidreamh áirithe idir Chaitlicigh agus Protastúnaigh freisin i gceantar an Mhuine Ghlais de réir dealraimh – a chruthúnas le feiceáil ar an mbaint a bhí ag traenálaí beag áitiúil, Billy Rock, Protastúnach, leis an méid a bhí i ndán do Tony McCoy agus an chreidiúint a thugann seisean do Rock, a bhásaigh i 2003.
Súinéir ab ea Peadar McCoy, ach go raibh an-suim sna capaill aige. Bhí siopa beag ag Claire. Náisiúnaithe ab ea iad. Ní raibh siad gníomhach in aon eagraíocht, ach ní mó ná sásta a bhíodh Claire freastal a dhéanamh ar phóilíní ná ar bhaill Airm na Breataine sa siopa, cé nach raibh aon rogha aici i gcúinne an Phosta, mar go mba leis an stát sin.
Má bhí Tony óg ciuín, cúthaileach, bhí sé stobarnáilte go leor freisin – rud a deir sé a chuidigh go mór leis amach sa saol.
Bhí an dearg-ghráin ar an scoil aige agus b’fhearr leis go mór a bheith ag obair i stable Rock i gCoill na Baice. D’imir sé Peil Ghaelach leis an gcumann áitiúil Naomh Eargnait – imríonn a dhearthair Colm dóibh i gconaí agus chuir Tony teachtaireacht tacaíochta ar Twitter agus iad i gCluiche Ceannais Aontraoma anuraidh.
Agus é 16 bliain d’aois, ar mholadh ó Billy Rock, ghlac an traenálaí Jim Bolger le McCoy mar phrintíseach sa stábla atá aigesean i gCúl an Chuilinn, ar an teorainn idir Ceatharlach agus Cill Chainnigh. Máistir géar ab ea Bolger. Bhí cosc ar chaitheamh tobac agus ar dheoch mheisciúil. Bhí ar na printísigh freastal ar an Aifreann Dé Domhnaigh agus le linn na seachtaine sa gCarghas.
Ógánach anabaí, aineolach ab ea McCoy nuair a shroich sé Cúl an Chuilinn i 1990 agus súil aige slí mhaireachtála a bhaint amach ag iomaíocht ar an talamh cothrom. Bhí sé cloch go leith níos troime, oideachas maith faighte aige ar shaol na rásaíochta agus ar chapaill faoin am ar thug sé aghaidh ar Shasana ceithre bliana ina dhaidh sin agus a fhios aige faoi seo gur leis an tseilg-rásaíocht a chaithfeadh sé a shaol mar gheall ar a mheáchan.
An chéad bhliain ansiúd aige, ba é seaimpín na bprintíseach é agus 74 rása buaite aige. An bhliain dar gcionn, bhí 101 lena chos sin aige agus Príomh-Chraobh na Marcach den chéad uair.
Capaill de chuid an traenálaí Toby Balding ba mhó a bhí iontu siúd – bhí traenálaithe eile a raibh tóir acu freisin air, ina measc Paul Nicholls, a bhí i dtús a cheirde féin ag an am freisin.
Sna 1990í d’athraigh an traenálaí Martin Pipe cúrsaí seilg-rásaíochta i Sasana ó bhonn. Roimhe sin, ba ar an talamh bog agus ar rásaí luachmhara an gheimhridh a dhíríodh na traenálaithe móra ar fad an chuid ab fhearr de na capaill a bhí acu. Shocraigh Pipe go mbeadh a chuidsean capall lánaclaí ar feadh na bliana. Thosaigh sé ag carnadh buaiteoirí agus craobhacha. Bhuaigh sé Craobh na dTraenálaithe 15 uair agus thraenáil os cionn 200 buaiteoir ocht n-uaire acu sin.
Sa bhliain 1997, chuaigh Pipe agus McCoy i bpáirt lena chéile. Faoi dheireadh an tséasúir, bhí 253 buaiteoir ag an marcach – curiarracht nua seilg-rásaíochta. Sa bhliain 2002, sháraigh sé an churiarracht a chruthaigh Gordon Richards i 1947 ar an talamh cothrom nuair a bhí McCoy sa muing ar 269 capall a bhuaigh
Ón mbliain 2004 i leith, is ar chapaill atá faoi úinéireacht J.P. McManus a bhíonn McCoy sa diallait. I 2006 bhí sé ar an gcéad seilg-mharcach a bhuaigh 2,500 rása nuair a thrasnaigh Kanpai an líne i Huntingdon.
I dtráth an ama seo tá os cionn 1,600 lena chois sin buaite aige agus níl ceann ab fhearr a léirigh a mhisneach agus a dhiongbháilteacht ná bua uimnhir 4,000 ar Mountain Tunes (6/4 Rogha) i Towcester bliain agus ráithe ó shin.
Tar éis don chapall botún a dhéanamh dhá léim ón deireadh, ba sa 3ú áit a bhí McCoy, laistiar de Kris Spin agus Panama Petrus. Barr ar an mí-ádh, bhuail sé féin agus Panama, a bhí sa dara háit, faoina chéile ag an léim dheireanach.
A liachtaí marcach a déarfadh .. ‘sin, sin’, ach beag an baol gur ar a leithéid a smaoinigh an seampín. Agus aon unsa spreaca a bhí fanta ina chapall ag silt amach as le chuile choisméig, dhaingnigh an marcach a ghlúine i mbolg an eich. Le chuile chor dá cholainn, chroch sé Mountain Tunes as an láib agus thiomáin an capall chun cinn, gur bhailigh an capall a bhí roimhe agus ansin Kris Spin ar an líne.
Chomh fórsúil céanna i rása as a raibh £3,119 don bhuaiteoir agus a bhí sé in aon Gold Cup, Grand National ná Champion Hurdle a bhuaigh sé riamh.
‘AP, an Rí’.
Fág freagra ar 'AP an Rí, an laoch spóirt is foirfe a saolaíodh in Éirinn riamh'