Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag éileamh go dtabharfaí ar ais an deontas Gaeltachta d’ábhair oidí

Deir an USI go bhfuil na cúrsaí Gaeltachta ‘ríthábhachtach’ ach go gcuireann na táillí a bhaineann leo mic léinn atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíochta ó dhoras

Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag éileamh go dtabharfaí ar ais an deontas Gaeltachta d’ábhair oidí

Tá éileamh déanta ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) ar an Rialtas an deontas a thugtaí d’ábhair oide le freastal ar chúrsaí éigeantacha Gaeltachta a chur ar fáil arís.

Dúirt an USI go bhfuil na cúrsaí Gaeltachta “ríthábhachtach” le líofacht na múinteoirí bunscoile a fheabhsú ach go gcuireann na táillí a bhaineann leo mic léinn atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíochta ó dhoras.

Cuireadh deireadh leis deontas Gaeltachta a d’íoctaí le hábhar oidí in 2011 toisc, a dúradh, go raibh acmhainní gann.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Brendan Griffin ó Chiarraí le Tuairisc.ie anuraidh go raibh sé “in am” an deontas d’ábhar oidí a thabhairt ar ais” i bhfianaise an fheabhais atá tagtha ar an ngeilleagar ón uair a cuireadh deireadh leis”.

Dar leis an USI, tá ar mhic léinn an €637 atá ar na cúrsaí éigeantacha Gaeltachta a íoc as a bpóca féin.

“Is é an tumoideachas an bealach is fearr le líofacht a bhaint amach sa teanga agus is fearr é sin a dhéanamh sa Ghaeltacht. Tháinig go leor athruithe dearfacha ar an Ardteist le blianta beaga anuas, ar nós an bhéim atá anois á cur ar an scrúdú cainte. Is fearr a chuireann daltaí barr feabhais ar a líofacht teanga nuair a bhíonn líofacht teanga ag a múinteoirí.

“Is léiriú bríomhar ar chultúr, stair, tírghrá agus féiniúlacht ár náisiúin í an Ghaeilge. Tá ról tábhachtach, lárnach aici i gcothú agus i gcur chun cinn an Éireannachais. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh cumas ceart teanga acu siúd a bheidh á múineadh, agus is trí thumoideachas Gaeltachta a bhainfear é sin amach,” a dúirt Aife Hoey, Uachtarán an USI.

Dúirt sí go raibh ábhair oidí “bánaithe” ag costas an choláiste cheana féin agus nár cheart go mbeadh tuilleadh costais orthu le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, rud a “chuirfidh lena gcumas múinteoireachta” agus le foghlaim na ndaltaí scoile.

Maíodh i dtuarascáil a d’fhoilsigh Grúpa Oibre Taithí Ghaeltachta in 2012 gur “údar mór imní” a bheadh ann dá gcuirfí deireadh leis an maoiniú stáit do thaithí Ghaeltachta na n-ábhar oidí agus go bhféadfadh sé go gcuirfí “daoine atá faoi mhíbhuntáiste ó dhoras na gcoláistí oiliúna”.

Thug an t-iarAire Oideachais Jan O’Sullivan le fios mar fhreagra ar cheist Dála anuraidh nach raibh sé i gceist an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Dúirt sí nach raibh an t-airgead ann chun tús a chur athuair le híocaíocht an deontais ar cuireadh deireadh leis in 2011.

Dúirt sí, áfach, go raibh machnamh á dhéanamh ar an gcás i gcónaí.

Fág freagra ar 'Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag éileamh go dtabharfaí ar ais an deontas Gaeltachta d’ábhair oidí'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Caidé ‘ghnigh na hábhar oidí ar na cúrsaí Gaeltachta cibith? An suíonn siad i seomraí ranga an t-am ar fad ansin síos go dtí’n tabhairne le neart ól agus ceol go maidin a dhéanamh?

    Caidé fá foghlaim faoin spéir mar oibrí deonach ar fheirm órgánach? Nó obair dheonach de chineál ar bith – fhad is go ndéantar achan rud trí mheán na Gaeilge, agus cúpla ceacht gramadaí caite isteach leis. Sa dóigh sin tá dream amháin ag foghlaim na teanga agus saol na tuaithe/feirme chomh maith le lóistín saor in aisce a fháil, agus tá an dream eile ag fáil oibrithe ar an fheirm leis an áit a choinneáil beo.