Aontachtaithe in aimhréidh céad bliain i ndiaidh bhunú Thuaisceart Éireann

100 bliain ó bunaíodh an stát ar limistéir a ‘chinnteodh’ móramh aontachtach níl mórán de chúis cheiliúrtha ag an UUP ná an DUP

Aontachtaithe in aimhréidh céad bliain i ndiaidh bhunú Thuaisceart Éireann

Níorbh é seo an plean. An dá phríomhpháirtí Aontachtacha gan ceannaire agus comóradh céid Thuaisceart Éireann in áit na leathphingine. 

Chomh maith le toghchán ceannaireachta an DUP a bheidh ar siúl Dé hAoine tá an UUP sa tóir ar cheannaire nua ó d’éirigh Steve Aiken as maidin Dé Luain tar éis tréimhse chorrach in oifig le bliain go leith.

100 bliain ó bunaíodh an stát ar limistéir a ‘chinnteodh’ móramh aontachtach ní ag ceiliúradh a bhforlámhais atá an UUP a bhí i gceannas astu féin ar feadh leathchéad bliain, ná ní ag ceiliúradh atá an DUP a fuair an ceann is fearr orthu ag tús an chéid seo. Tá diancheistiú ar siúl faoina bhfuil i ndán d’aontachtaithe agus cad é an treo ceart dóibh. 

Bhí imeacht Steve Aiken mar cheannaire an UUP níos cuibhiúla ná treascairt Arlene Foster, ach ba dhíbirt é mar sin féin. Bhí Aiken faoi bhrú le tamall, a cheannaireacht éiginnte agus é lag ar na meáin. Labhair na fir sna cultacha leis chun moladh dó éirí as. 

Tugadh an deis dó a imeacht a fhógairt é féin in Stormont maidin Dé Luain i bhfochair a chomrádaithe. Ba mhór idir sin agus comhghleacaithe Arlene Foster san DUP a ruaig í gan focal a rá léi.

Tráthnóna Dé Luain d’fhógair Doug Beattie, 55 Teachta Tionóil don Bhanna Uachtair go mbeadh sé ina iarrthóir don cheannaireacht. Ní raibh sé soiléir ag an am sin an mbeadh éinne eile san iomaíocht agus an mbeadh toghchán ann. Bíonn toghcháin san UUP oscailte; déanann iarrthóirí agallaimh ar na meáin agus cuireann siad a dtuairimí faoi bhráid na ballraíochta. Tá vóta ag gach ball den pháirtí. 

Bhí brú ar Beattie laistigh agus lasmuigh den pháirtí seasamh don cheannaireacht i mí na Samhna 2019, ach dhiúltaigh sé agus mhol sé Steve Aiken. Bhí an brú níos treise an babhta seo. Meastar gurb é an t-iarchaptaen in Arm na Breataine an t-údar dóchais is fearr chun an UUP a tharrtháil agus stop a chur leis an meath. 

Comhartha sóirt ar a laige is ea nach luaitear an UUP nuair a bhíonn vótóirí ag imeacht ón DUP. ’Sé Alliance a fhaigheann an tacaíocht mar rogha na n-aontachtach measartha agus ní hé an UUP. Ní haon ribín réidh é do cheannaire ar bith an UUP a athbheochan. D’admhaigh Beattie é sin, ach ba chosúil nach raibh suim aige sa gcaint faoi chomhghuaillíocht leis an DUP. 

Dúirt Beattie go bhfuil fís shoiléir aige don UUP. Tá a fhios ag cait an bhaile go bhfuil géarghá lena leithéid. ’Sí an cheist is coitianta faoin UUP, céard lena aghaidh é? Teastaíonn uaidh sochaí a thógáil ina mbeidh buntáistí na Ríochta Aontaithe le fáil ag gach duine, beag beann ar pholaitíocht, creideamh, cúlra nó claonadh gnéis.

Bhí Beattie go mór san nuacht le déanaí ó ba eisean a mhol an rún in Stormont go gcuirfí bac ar an teiripe iompaithe frithhomaghnéasach (conversion therapy). Glacadh lena rún le móramh mór ach bhí an DUP ina choinne agus maítear gurb é cinneadh Arlene Foster staonadh ó vótáil a ghríos comhghleacaithe chun gníomhú ina coinne ag an bpointe sin. B’fhacthas do lucht tacaíochta an UUP gur léirigh Beattie go raibh difríochtaí idir iad agus an DUP.

Fearacht gach Aontachtach eile tá Beattie in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta ach arís, ní hionann a leagan amach leis an DUP. Teastaíonn uaidh an Prótacal a chur ar ceal ach a chinntiú nach gcuirfí teorainn i bhfeidhm ar muir nó ar tír. Ba mhaith leis an DUP an teorainn leis an bPoblacht a bheith lárnach i socruithe iarBhreatimeachta. Ní léir cén cur chuige a bheadh aige – nó a bheidh aige – má /nuair a leanfar leis an bPrótacal.

Is mór idir nósanna imeachta an UUP agus an scéal do thoghchán ceannaireachta an DUP Dé hAoine. Tá sé á rith faoi rún i measc na 36 vótóirí, 28 Teachtaí Tionóil agus 8 Feisirí Parlaiminte. Níl cead ag na hiarrthóirí, Edwin Poots agus Jeffrey Donaldson, agallaimh a dhéanamh ná feachtasaíocht a dhéanamh go poiblí. Ní cheileann an rúndacht an deighilt sa pháirtí áfach, an choraíocht idir eite bhunchreidmheach an DUP agus an dream a mhaíonn gur gá a bheith blas beag níos nua-aoisí. 

Tá imní ar ionadaithe faoi vótóirí atá á dtréigean, cuid acu ag dul i dtreo an TUV agus líon níos mó, áirítear, ag dul ag Alliance. 

Cén dream ar a ndíreoidh siad? Dúshlán mór is ea é sin don mbuaiteoir a fhógrófar oíche Dé hAoine, ach ní hé leas an DUP an t-aon fhreagracht a bheidh air. 

Níl tada curtha in iúl don phobal faoin saghas feachtais in aghaidh an Phrótacail atá beartaithe, an leagan amach a bheidh ag an gceannaire nua i dtaca le roinnt na cumhachta in Stormont, feidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus cé na gealltanais a chomhlíonfar. 

Tá lear mór ceisteanna le freagairt sna seachtainí seo romhainn – beidh na freagraí tromchúiseach.

Fág freagra ar 'Aontachtaithe in aimhréidh céad bliain i ndiaidh bhunú Thuaisceart Éireann'