Aon siopa amháin ar an mbóthar idir Dún Chaoin agus Baile na nGall –  cad a bheidh fágtha ag muintir na tuaithe fé cheann 20 bliain?

Ní bheidh ach trí shiopa agus aon oifig poist/siopa amháin, sa limistéar ar fad laistiar de bhaile an Daingin, ach a ndúnfaidh Oifig Poist Bhaile na nGall

Aon siopa amháin ar an mbóthar idir Dún Chaoin agus Baile na nGall –  cad a bheidh fágtha ag muintir na tuaithe fé cheann 20 bliain?

Nuair a bhíodh m’athair ag gabháilt an bóthar ó thuaidh ó Dhún Chaoin go Baile na nGall agus é ag obair don raidió sna 1980í (nó sna 1880í b’fhéidir. Fear an-chríonna ar fad is ea é, tabhair fé ndeara), théadh sé thar oifig poist/siopa i nDún Chaoin, siopa i mBaile an Fheirtéaraigh, dhá shiopa agus oifig poist ar an mBuailtín, siopa beag eile fós i dTeach na Féile, siopa agus caidéil bhreosla ar an Riasc, siopa eile ar an Muirígh, agus siopa agus oifig poist i mBaile na nGall.

Nuair a bheidh an cúrsa céanna á thabhairt agamsa tar éis Meán Fómhair seo chugainn, ní bhead ag gabháilt thar ach aon siopa amháin, sin Siopa an Bhuailtín. Siopa amháin in imeacht sé chiliméadar déag de bhóthar.

Fé mar a tuairiscíodh ar RnaG agus ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, tá sé fógartha ag máistreás poist Bhaile na nGall, Phil Uí Bhrosnacháin, go mbeidh an oifig agus siopa á ndúnadh aici fé thús an Fhómhair. Go n-éirí sé sin léi – tá an briseadh tuillte go maith aici tar éis a cuid seirbhíse ag friotháilt ar mhuintir na háite le blianta móra fada.

An-chailliúint do mhuintir na háite an gnó seo a bheith ag iamh, mar is ródhócha ná tiocfaidh aon oifig eile ina áit. Ní bheidh ach trí shiopa agus aon oifig poist/siopa amháin, sa limistéar ar fad laistiar de bhaile an Daingin, ach a ndúnfaidh Oifig Poist Bhaile na nGall.

Oifig an Phoist, Baile na nGall

Níl an scéal puinn níos fearr maidir le seirbhísí stát anseo, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Níl aon dath á dhéanamh i monarchana Údarás na Gaeltachta laistiar de Dhroichead Bhaile an Mhuilinn, agus níl aon Gharda ag maireachtaint ar an mBuailtín anois, fé mar a bhíodh tamall. Go deimhin, seachas Oifig na nOibreacha Poiblí in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, agus RTÉ i mBaile na nGall, níl an Stát i láthair na ndaoine olc nó maith in Iarthar Duibhneach.

Ní ag olagón, nó lán de mhaoithneachas don seansaol atáim, fé chailliúint na n-acmhainní seo ar fad, ach ag cur na bhfíricí os bhur gcomhair. Tuigim go bhfuil an saol gnó agus gnáthais na ndaoine athraithe, ach tá na bailte, beag agus mór, ag slogadh agus ag alpadh na ngnóthaí agus na seirbhísí a bhíodh coitianta fén dtuath tráth, agus táimid tar éis dul i dtaithí ar déanamh dá gceal. Ach ní haon ionadh go mbeadh clann na háite thiar ag bogadh isteach fén mbaile, mar a bhfuil gach aon ní ar lic a’ dorais acu. Diaidh ar ndiaidh, tá na gnóthaí, agus na pobail, á sú isteach dtí’s na bailte. Uirbiú a thabharfaí ar sin, de réir dealraimh.

Ach ar dhún oifig poist Dhún Chaoin (agus is deacair dom ‘oifig poist’ a rá nó a scríobh, mar is póist afas a bhí riamh againn air), i 1996, chaith muintir an pharóiste dul sé chiliméadar thar Mhám Clasach ag triall ar bhraon bainne nó punt ime, nó naoi gciliméadar go dtí oifig poist Cheann Trá chun stampa a cheannach. Sin saol na tuaithe, is dócha, ach is deacair é sin a dhéanamh mura bhfuil mótar féd’ thóin agat. Agus nuair a déarfá le turasóirí go gcaithfidh siad dul naoi gciliméadar le stampa a cheannach, féachann siad ort ar nós gur tú an pleidhce leath-amadáin ba mheasa a tháinig trasna orthu riamh.

Gnó beag eile ag dúnadh fén dtuath in Éirinn. Cad a bheidh fágtha ag muintir na tuaithe fé cheann fiche bliain?

Fág freagra ar 'Aon siopa amháin ar an mbóthar idir Dún Chaoin agus Baile na nGall –  cad a bheidh fágtha ag muintir na tuaithe fé cheann 20 bliain?'

  • Pól Ó Braoin

    I gceann fiche bliain ní bheidh aon ghaeltacht fanta againn agus maoineofar coiste fiosrúcháin costasach eile leis an scéal ‘coscrach’ sin atá tar éis teacht aniar aduaidh orainn a chíoradh… Cuirfear an cheist ‘cén fáth?’… caoinfear na deora cuí agus leanfar ar aghaidh le plean nua teanga…

  • tommy

    Nì ag ithe éisc a bheidh siad ach go háirithe. Ach amháin más blasta leo plaisteach.

  • Áine Ní Neachtain

    Tá an rud céanna ag titim amach istigh sna bailte; gach éinne ag baint na sáile dá chéile ag rith isteach go Lidl, Aldi, Tesco, Supervalu, Dunnes, Marks agus araile, gan aon chuimhneamh acu ar na trádálaithe neamhspleácha beaga nach bhfuil seans dá laghad acu dul san iomaíocht. Cá bhfuil muintir na tíre, agus muintir Dhún Chaoin san áireamh, ag ceannach na messages? Sin ceist. Beimid ag lorg na gnóthanna beaga amach anseo, ach ní bheidh aon mhaith ann ansin; nuair a imíonn siad, imíonn siad go deo, agus is muid fhéin fé ndear é sin.