Aoine na Fola – cén seans ag íobartaigh ar an gcóir nó an fhírinne?

Mura n-athrófar polasaí na Breataine is beag seans acu ar chóir nó ceart ag íobartaigh Aoine na Fola

Aoine na Fola – cén seans ag íobartaigh ar an gcóir nó an fhírinne?

“Bhí sé mar a bheadh eitleáin ag radadh buamaí anuas ar an gcathair.” Ní ón spéir a tháinig an t-ár ach ón IRA in iarthar Bhéal Feirste ar an Aoine, an 21 Iúil 1972.

Phléasc fiche buama sa chathair istigh d’uair an chloig agus ceathrú. Maraíodh naonúr agus gortaíodh 130. Sibhialtaigh ab ea seachtar den naonúr agus formhór mór na ndaoine a gortaíodh.

Maraíodh seisear nuair a phléasc carrbhuama ag stáisiún bus Shráid Oxford, ceathrar oibrithe de chuid Ulsterbus agus beirt shaighdiúirí a bhí ag freagairt d’fholáireamh faoi ghaireas. Carrbhuama eile i dtuaisceart na cathrach, ar Bhóthar Bhinn Uamha a mharaigh an triúr eile, beirt bhan agus gasúr ceithre bliana déag.

Uirlis troda nua ab ea an carrbhuama ag an IRA an bhliain sin agus níor spáráil siad é. Leathbhliain i ndiaidh Dhomhnach na Fola i nDoire bhí Aoine na Fola i mBéal Feirste.

Phléasc buamaí ag stáisiún bus eile, ag dhá stáisiún traenach, ag oifigí, garáiste, siopaí, droichid, óstán agus tábhairne. Nuair a rith daoine ó shuíomh ionsaithe amháin bhí an chontúirt ann go mbéarfaí orthu i bpléasc eile.

Rinneadh smionagar de dhaoine; b’éigean giotaí de bhaill choirp a bhailiú de na sráideanna i málaí plaisteacha. Bhí an bhail a bhí ar na coirp chomh huafásach sin gur dheacair a dhéanamh amach cén líon daoine a bhí marbh. Chonaic oibrí éigeandála cloigeann greamaithe ar bhalla. Dhá lá i ndiaidh na bpléasc frítheadh cnámh droma agus creat na n-easnacha ar dhíon foirgnimh; thángthas orthu mar gur tugadh faoi deara go raibh rud éigin á stracadh ag faoileáin.

Ba iad Jackie Gibson 45, Thomas Killops 39, William Irvine 18 agus William Crothers 15 na hoibrithe bus agus ba iad Stephen Cooper 19 agus Philip Price 27 na saighdiúirí a maraíodh ag Sráid Oxford. Ba iad Margaret O’Hare 34, Brigid Murray 65 agus Stephen Parker 14 a maraíodh sa phléasc i dtuaisceart na cathrach; bhí Stephen Parker ag rith ó shiopa go siopa ag tabhairt foláireamh go raibh gluaisteán amhrasach in aice leo.

Níor ciontaíodh éinne as na hionsaithe.

D’fhreastail cuid de ghaolta na marbh agus daoine a gortaíodh ar shearmanas cuimhneacháin ag Halla na Cathrach Déardaoin, cothrom an lae caoga bliain ó shin ar tharla an t-uafás. Bhí daoine eile, ar nós Philip Gault a bhí naoi mbliana d’aois agus a gortaíodh go dona nár mhian leis freastal ar chuimhneachán ar bith; maireann sé leis an bpian gach lá agus leis an méid a chaill sé de bharr an ghortaithe thubaistigh dá chos. Bhí agallamh breá leis san Irish Times.

Tá cuid de na daoine a gortaíodh ar shlí na fírinne anois ach tá a lán thar a bheith míshásta le Bille Oidhreachta rialtas na Breataine, iarracht Boris Johnson chun ‘líne a tharraingt faoi na Trioblóidí’. Beifear ag súil go mbeidh Teach na dTiarnaí in ann an bille a leasú sa bhfómhar agus go mb’fhéidir go dtabharfadh Príomh-Aire nua éisteacht do na híobartaigh agus do na páirtithe polaitíochta go léir in Éirinn thuaidh agus theas atá dubh dóite in aghaidh an phlean chun stop a chur le fiosruithe, ionchoisní, cúisimh agus cásanna sibhialta.

Má chuirtear an bille ar bhonn reachtúil beidh na híobartaigh ag brath ar an IRA chun an fhírinne a insint dóibh, gan seans ar chúiseamh. Is beag an seans go dtarlóidh sé. Ní buntáiste ach a mhalairt a bheadh le baint ag poblachtánaithe as na fíricí faoin uafás sin a nochtadh.

Náirigh Aoine na Fola an tIRA. Rinne siad iarracht i dtosach an milleán a chur ar na húdaráis faoin sléacht, ag rá nár ghníomhaigh siad in am i ndiaidh rabhadh a fháil. Deargsheafóid – conas a d’fhéadfaí daoine a aslonnú as cathair ina raibh fiche buama agus a thuilleadh bréag-fholáirimh faoi ghairis. Níorbh fhéidir líon na n-ionsaithe a láimhseáil, rud a d’admhaigh poblachtánaithe níos deireanaí. Ghabh siad leithscéal 30 bliain ina dhiaidh.

Tubaiste don IRA ab ea í, sléacht ar shibhialtaigh a chuir déistin ar dhaoine, fiú cuid dá ngníomhaithe féin (cé go ndearna siad an t-uafás céanna arís ar an 31 Iúil i mbaile Chlóidigh i gCo Dhoire; maraíodh naonúr le trí charrbhuama). Ghríos Aoine na Fola an Bhreatain chun tabhairt faoin IRA. Rinneadh ruathair láithreach i gceantair náisiúnacha i mBéal Feirste thiar agus thuaidh agus deich lá ina dhiaidh thosaigh ‘Operation Motorman’, oibríocht Arm na Breataine chun ceannas a ghabháil ar cheantair phoblachtánacha i mBéal Feirste, i nDoire agus ar fud an Tuaiscirt.

Níl cúis ag íobartaigh a bheith ag súil le freagraí ón IRA – conas a chuirfeadh éinne acu casadh dearfach ar Aoine na Fola – agus mura n-athrófar polasaí na Breataine is beag seans acu ar chóir nó ceart.

Fág freagra ar 'Aoine na Fola – cén seans ag íobartaigh ar an gcóir nó an fhírinne?'