Aoife agus Liam na hainmneacha Gaeilge is coitianta ar pháistí i 2014

Odhrán, Róise, Gráinne agus Caolán ag dul sa treis ach is lú an tóir ar na hainmneacha Sorcha, Orlaith, Ciarán agus Colm

Passport-1

Aoife agus Liam na hainmneacha Gaeilge is coitianta ar leanaí Éireannacha, de réir figiúirí na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

Is rannóg de chuid na Roinne sin Oifig na bPasanna ar Shráid Theach Laighean i mBaile Átha Cliath agus d’eisigh an Oifig liosta na n-ainmneacha is coitianta ar phasanna a eisíodh do shaoránach faoi bhun trí bliana d’aois i 2014 inniu.

Ní raibh ach ainm amháin Gaeilge sna deich n-ainm is mó tóir do chailíní agus do bhuachaillí araon. Thuas seal agus thíos seal a bhí ann do na hainmneacha eile Gaeilge ar an liosta de bheagnach 200 ainm a foilsíodh inné.

Tháinig ardú as cuimse ar líon na bpáistí le hainmneacha ar nós Odhrán, Róise, Gráinne agus Caolán ach titim mhór ar líon na bpáistí le hainmneacha ar nós Sorcha, Orlaith, Ciarán agus Colm. 

Ar bharr an liosta bhí ‘Emily’ agus ‘Jack’ arís, ainmneacha a bhfuil an phríomháit bainte amach acu le roinnt mhaith blianta anuas.

Tá tionchar na scannán agus leabhar le feiceáil sa liosta freisin sna hainmneacha ‘Elsa’ ón scannán Disney Frozen agus ‘Aria” ón tsraith cháiliúil leabhar A Song of Ice and Fire.

Tá cúpla ainm nua ar an liosta i mbliana freisin; is iad ‘Zuzanna’ agus Kacper’ ón bPolainn na hainmneacha nua is coitianta.

Ar an iomlán tá 34 ainm Gaeilge ar liosta na gcailíní agus 37 ainm Gaeilge ar liosta na mbuachaillí. Feictear an t-ainm céanna ach é litrithe ar bhealaí éagsúla cúpla uair ar na liosta freisin; Fia agus Fiadh ar liosta na gcailíní agus Dáithí agus Daithí ar liosta na mbuachaillí.

Tá leaganacha Gallda d’ainmneacha Gaeilge ar an liosta freisin – Keelan, Clodagh agus Maeve mar shampla – nár cuireadh san áireamh agus an anailís á déanamh ag Tuairisc.ie.

Eisíodh 53,046 pas do ghasúir faoi bhun trí bliana d’aois anuraidh. Dúirt an tAire Gnóthaí Eachracha Charlie Flanagan go léiríú atá sna figiúirí ar an tóir atá ar ainmneacha Gaeilge chomh maith le hilchultúrachas bríomhar na tíre.

Léiríonn na hainmneacha go bhfuil tóir fós ar ainmneacha traidisiúnta Éireannacha, mar Aoife agus Oisín, agus is léiriú iad freisin ar an ilchultúrthacht bhríomhar in Éirinn sa lá atá inniu ann, le Zuzanna agus Kacper ar na cinn nua is coitianta,” a dúirt an tAire.

Mheabhraigh an tAire do mhuintir na hÉireann bailíocht a bpas a sheiceáil agus cur isteach ar cheann nua roimh ruathar an tsamhraidh.

Baby Names

Fág freagra ar 'Aoife agus Liam na hainmneacha Gaeilge is coitianta ar pháistí i 2014'

  • Seán

    Tá an liosta míchruinn ar bhealach. Má bhreathnaíonn tú ar an ainm Seán ( 253) agus Sean (184) is léir gurb é Seán an t-ainm Gaeilge is coitianta ar bhuachailli óga in Éirinn (líon iomlán 437).
    Is cinnte nach Sean san fhocal seanfhear atá i gceist leis an dara leagan den ainm ach Seán leis an síneadh fada ar lár.