Aodh Ó Coileáin ceaptha mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RTÉ RnaG



Fear an Daingin le tosnú go luath i ndiaidh na Cásca

b7f614c6e0a801a54ac3a34f1f5d7f80_400x400

Tá Aodh Ó Coileáin, léachtóir le cumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus iareagarthóir nuachta le TG4, ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is ar an 13 Aibreán a thiocfaidh Ó Coileáin i gcomharbacht go hoifigiúil ar Ghearóid Mac Donncha, atá ceaptha ina Leascheannaire ar an stáisiún.

Dúirt Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur chun leas an stáisiúin a bheadh taithí Uí Choileáin sna meáin.

“Tá taithí fhairsing agus scileanna den chéad scoth ag Aodh Ó Coileáin, atá forbartha aige le blianta fada ina chuid oibre sna meáin.  Níl dabht ná go gcuirfidh sé go mór le foireann na seirbhíse seo, agus tá mé ag súil le dhul i mbun oibre leis ina ról nua mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta,” a dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá Ó Coileáin, ar ón Daingean i gCiarraí ó thús dó, ag plé leis na meáin ó thosaigh sé ag obair le Radio Kerry ag tús na nóchaidí.

D’oibrigh sé mar Eagarthóir Nuachta le TG4 ó 1996 go dtí 2003.

Tá taithí fhada chomh maith ag Ó Coileáin ar chláracha teilifíse a dhéanamh.

I measc na gcláracha atá déanta ag fear an Daingin, tá ‘Sin í an Fhírinne: Johnny Chóil Mhaidhc’, agus ‘Litir Ó Mháirtín Jaimsie’. Ainmníodh a chlár faisnéise Cúba: Sláinte Mhaith? do Ghradam IFTA.

Aithneoidh lucht éisteachta RTÉ RnaG Ó Coileáin mar dhuine de léirmheastóirí a dhéanann scagadh gach seachtain ar na meáin Ghaeilge ar an gclár Cormac ag a Cúig, ach ní inniu ná inné a chualathas ar dtús ar an raidió é.

Thug sé seal mar láithreoir ar an gclár Seó Beo an tSathairn i dtús na nóchaidí agus chaith sé tréimhse chomh maith i mBaile na nGall ag plé le cúrsaí nuachta agus ag cur An Saol ó Dheas i láthair.

Fear mór ceoil agus drámaíochta é Ó Coileáin leis, agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an chompántais drámaíochta Na Fánaithe.
 Bhí sé ina bhall chomh maith de Siamsa Tíre agus d’Aisteoirí Bhréanainn i gCorca Dhuibhe.

Fág freagra ar 'Aodh Ó Coileáin ceaptha mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RTÉ RnaG

'

  • Pádraic

    Fear an-chumasach. Go n-éirí leis ina phost nua!