Anois uair na gclubanna agus cathanna móra cois Laoi

Tá na cearta ceannaithe ag RTÉ cluichí clubanna a thaispeáint agus dhá choimhlint spéisiúil acu mar thús

Anois uair na gclubanna agus cathanna móra cois Laoi

Seo an chéad uair dom a bheith ag scríobh faoi chluichí ceathrú ceannais na gclubanna, ach bíonn an chéad uair i gceist le gach rud, is dócha.

Seo an chéad uair freisin ag RTÉ a bheith ag taispeáint cluichí clubanna agus iad ag cur tús leis sin anocht le dhá chluiche ó Pháirc Uí Rinn Chorcaí. Tá na cearta ceannaithe ag an gcraoltóir náisiúnta chun cluichí clubanna an tSathairn a thaispeáint. Le cúpla bliain bhídís á dtaispeáint ag an gcomhlacht Eir.

Is iad Fánaithe an Ghleanna, seaimpíní 2015 is 2016, agus Baile Nua Sheandroma a bheidh in éadan a chéile ar a 5.00pm agus seaimpíní an chontae le dhá bhliain anuas, Uí Mhic Coille, a bheidh i gcoinne na Sáirséalach ag 6.45pm.

Is iad Uí Mhic Coille, foireann dúiche ó oirthear an chontae, atá go láidir ina rogha na n-údar agus é á thuar go láidir go mbeidh an tríú bua as a chéile acu inniu. Tá éacht déanta ag an mbainisteoir Fergal Condon agus a fhoireann bhainistíochta mar de gnáth bíonn sé an-deacair ag bainisteoirí foirne dúiche imreoirí a fháil óna gclubanna féin. Ní hamháin go bhfuil sin déanta aige ach tá foireann láidir chumasach cruthaithe aige a bhfuil an díograis agus an tiomantas don fhoireann dúiche go láidir iontu.

Sa chluiche deireanach a bhí acu, d’ainneoin gur ghéill siad 4-16 i gcoinne Mhainistir na Corann, chuireadar ceithre chúilín is tríocha ar chlár na scór. Ba iad an dá fhoireann chéanna a bhí i gcluiche ceannais an chontae anuraidh agus ba é an toradh céanna a bhí ar an gcluiche sin.

Le tamall de bhlianta is é barúntacht Uí Mhic Coille an taobh den chontae is láidre san iomáint. Dar ndóigh tá Mainistir na Corann agus na Sáirséalaigh sa bharúntacht sin. Imreoirí as na foirne idirmheánacha agus sóisir a bhíonn ar an bhfoireann bhuacach seo a bheidh ag dul chun páirce anocht. Tá captaen fhoireann an chontae Séamus Harnedy acu agus an réalt lár páirce Bill Cooper chomh maith le scata deas imreoirí a bhfuil taithí idirchontae faoi aois, sna sóisir agus sna sinsir acu.

Ach tá na Sáirséalaigh láidir freisin agus imreoirí an-chumasach acu. Tá Conor  O’Sullivan, an dynamo Daniel Kearney  agus an t-ógánach Jack O’Connor ó phainéal an chontae acu. Bhuadar craobh an chontae trí huaire le deich mbliana (in 2014 go deireanach a bhuadar í). 

Ón méid atá feicthe agam féin le trí bliana anuas is deacair cás a dhéanamh dos na Sáirséalaigh ach bí cinnte nach ngéillfidh siad ró-éasca.

Sa chéad chluiche inniu, is iad Fánaithe an Ghleanna rogha na n-údar agus is iad chomh maith an dara rogha ag na geallghlacadóirí chun an chraobh ar fad a bhuachan. B’fhéidir go bhfuil se róshimplí a rá go mbraitheann mórán ar thaispeántas laoch scórála an chontae Patrick Horgan. Ach mura n-éiríonn leis an mBaile Nua smacht a choinneáil air is beag seans atá acu an cluiche seo a bhuachan.

Tá an t-imreoir contae Tim O’Mahony ag imirt leis an mBaile Nua chomh maith le Jamie Coughlan, imreoir eile atá ar phainéal an chontae. Ach níl an doimhneacht sa phainéal is a bhíodh nuair a bhí Ben agus Jerry O’Connor agus Pat Mulcahy i mbarr a réime agus an Baile Nua ina ríthe ar an iomáint sa chontae, mar a bhí ceithre huaire le deich mbliana anuas, agus ar Éirinn nuair a bhí siad ina  seaimpíní ar an tír uile in 2004.

Tá go leor taithí ag fir na cathrach ach amhail na Sáirséalaigh b’fhéidir go bhfuil na laethanta is fearr acu caite acu.

Ní bheidh mórán idir na foirne ach bheadh ionadh orm mura mbeadh an bua ag an Ghleann. 

Fág freagra ar 'Anois uair na gclubanna agus cathanna móra cois Laoi'