Anois tráth na bhfreagraí do lucht Whitehall agus páirtithe an tuaiscirt

Déanfar measúnú inniu ar na seansanna gur féidir feidhmeannas a bhunú go luath san athbhliain

Anois tráth na bhfreagraí do lucht Whitehall agus páirtithe an tuaiscirt

Siombail an éagumais is ea an teach bánaithe ar an gcnoc a dúirt Státrúnaí athcheaptha Thuaisceart Éireann, Julian Smith Dé Luain is é ag éileamh fuascailt na sáinne in Stormont. Tá ollchruinniú idir na cúig pháirtí, an Státrúnaí agus an Tánaiste, Simon Coveney beartaithe don lá inniu, Dé Céadaoin nuair a dhéanfar measúnú ar na seansanna gur féidir feidhmeannas a bhunú go luath san athbhliain.

Ba léir gur thuig na páirtithe go léir gur ordaigh na vótóirí dóibh an tseachtain seo caite a ndualgas a chomhlíonadh agus riail dhíláraithe a fheidhmiú. Ar éigean is gá a rá gur olltoghchán Westminster a bhí ann agus nár bhain sé go díreach le Stormont ach d’admhaigh gach páirtí gur éiligh vótóirí ag na doirse go ngabhaidís i mbun oibre sa ‘Teach ar an gcnoc’.

Thug cuid de na páirtithe aghaidh ar chainteanna Dé Luain agus iad neartaithe ag an sainordú a tugadh san olltoghchán ach bhí an dá mhórpháirtí, an DUP agus Sinn Féin níos laige ná mar a bhí siad i mí Lúnasa nuair a chuaigh an dreas cainte deiridh i léig cheal suime.

Ní hamháin go raibh laghdú ar údarás an DUP ach bhí miondráma inmheánach ar siúl sa pháirtí freisin, mar a tharlaíonn go minic i ndiaidh drochthoghcháin. Toisc go bhfuair Boris Johnson móramh ollmhór ní leis an DUP atá an svae in Westminster. D’fhág sin iad ag filleadh ar chainteanna ilpháirtí agus iad i dtuilleamaí Stormont chun údarás nó cumhacht a bheith acu. É sin agus iad leonta mar gur chaill siad beirt fheisirí, agus a leascheannaire Nigel Dodds ar dhuine acu. Ba é an miondráma go raibh ceannaireacht Arlene Foster á ceistiú ag cuid den bhallraíocht tráth a bhfuil brú uirthi socrú a aontú agus é a dhíol leo.

Ó thaobh uimhríochta bhí Sinn Féin níos measa as mar thit a vóta siúd níos mó ná an DUP; chaill siad suíochán Elisha McCallion ach níor bhall sinsearach ise. Níor chualathas aon sioscadh faoi athrú ceannaireachta. Tá a fhios againn, áfach, mar gur ghéill Sinn Féin do cheisteanna tar éis seachtaine, go bhfuair John O’Dowd aon trian de vótaí na dtoscairí ag Ard-Fheis Shinn Féin nuair a thug sé dúshlán Michelle O’Neill; ní beag an leibhéal míshástachta é sin. Níl promhadh déanta ar Michelle O’Neill ina ról mar cheannaire an pháirtí san Tionól ach cé is moite de bhua drámatúil John Finucane i mBéal Feirste Thuaidh agus bua Mark Ward i mBaile Átha Cliath Lár-Thiar sa bhfothoghchán le déanaí níl scórchárta toghcháin O’Neill agus Mary Lou McDonald thar mholadh beirte.

Tá Alliance agus an SDLP neartaithe go morálta agus ar bhonn síceolaíochta de bharr an olltoghcháin ach mionpháirtithe is ea iadsan agus an UUP i gcomhthéacs an Tionóil. Is idir an DUP agus Sinn Féin a bhí an fhadhb ba mhó agus is iadsan a chaithfidh a theacht ar réiteach cé go gcaithfear éilimh na mionpháirtithe a shásamh faoi nósanna imeachta agus caighdeán iompair in oifig phoiblí.

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil gach páirtí diongbháilte go réiteofar an tsáinn an uair seo, ach tá a fhios acu nach íocshláinte ar fhadhbanna uilig na sochaí é athbhunú an Fheidhmeannais agus an Tionóil as féin. Is fada an t-éileamh ar Acht Gaeilge luaite mar an t-aon bhac ar shocrú ach maítear anois go bhfuil sé sin inréitithe agus is ar shláinte agus oideachas atá aird.

Bhí liodáin de chúiseanna ag vótóirí chun pionós a ghearradh ar an DUP agus Sinn Féin – Breatimeacht, neamhfhreastal ar Westminster agus folús Stormont. Bhí siad ar buile faoin ngéarchéim sa chóras sláinte, mar a bhfuil na línte feithimh is measa san Ríocht Aontaithe, faoin nganntanas mór foirne sna hospidéil agus faoi rátaí pá níos ísle a bheith ag oibrithe ná mar atá ag comhghleacaithe sa Bhreatain Mhór agus racht stailceanna ar siúl.

Tá altraí nach ndeachaigh ar stailc ariamh cheana le bheith ar na picéid taca an ama a mbeidh na páirtithe ag bualadh leis an dá rialtas inniu, iad ag tabhairt foláirimh le fada go mbeadh othair i gcontúirt de bharr brú oibre agus easpa foirne. Má cheapann an pobal gur leor athbhunú Stormont, as féin, chun an éigeandáil sin a leigheas, is beag seans a bheidh ag na polaiteoirí iad a shásamh.

Ós annamh an port céanna ag na páirtithe go léir tá siad aontaithe go bhfuil gá le hairgead breise ó Whitehall chun an t-ardú pá d’oibrithe sláinte fud fud na Ríochta Aontaithe a íocadh sa Bhreatain Mhór míonna ó shin a thabhairt don fhoireann abhus. Níl dóthain airgid ag Stormont dar le lucht na státseirbhíse. Thairis sin beidh acmhainní sa bhreis riachtanach chun atheagar a chur ar an tseirbhís de réir an phlean a bhí ullamh nuair a thit Stormont i mí Eanáir 2017, athruithe nach sásóidh gach duine.

Tá fadhb mhór sa chóras leasa shóisialaigh i ndán do Stormont san earrach dar le lucht feachtais a deir go mbeidh an t-uafás daoine atá ar an ngannchuid cheana féin san fhaopach ar fad nuair a thiocfaidh deireadh le faoiseamh ó bheartais déine na dTóraithe. Beidh go leor éilimh ar Julian Smith sna cainteanna. Dúirt sé go raibh rialtas na Breataine toilteanach ‘gach arbh fhéidir’ a dhéanamh chun tacú le seirbhísí poiblí. Ach beidh biseach agus bisiúlacht Stormont ag brath ar chinneadh rialtas Boris Johnson faoi cad ‘is féidir’ a dhéanamh. Beifear ag súil le freagraí ó Whitehall agus páirtithe an tuaiscirt thart ar Lá Nollag Beag.

Fág freagra ar 'Anois tráth na bhfreagraí do lucht Whitehall agus páirtithe an tuaiscirt'

  • An Teanga Bheo

    Am an chonspóideach ar fad le Bille Teanga agus Breathimeacht?