Anois teacht an gheimhridh…rogha de sheaicéid dheasa agus cótaí teolaí do shéasúr an fhuachta

Tá sé cinn de roghanna déanta ag ár gcomhfhreagraí ar chostas idir €40 Agus €180

Anois teacht an gheimhridh…rogha de sheaicéid dheasa agus cótaí teolaí do shéasúr an fhuachta

Anois agus fuacht an gheimhridh linn nach maith an leithscéal é le dul ag siopadóireacht le seaicéad nó cóta compordach nua a cheannach? Chuir mé romham roinnt stíleanna éagsúla a roghnú ar phraghsanna maithe a d’fhágfadh cuma fhaiseanta ar dhuine.

1

1.  Cóta ina bhfuil meascán olla ó & Other Stories ar €175

Tá sé seo ar cheann de na cinn is costasaí a roghnaigh mé ach é fíordheas ar fad. An dath álainn glas a tharraing mo shúil chuige ar dtús; níl a shárú seo le fáil mar gur olann throm atá ann agus é líneáilte go hiomlán. Tá dhá rogha eile de dhathanna ar fáil, dubh agus dath an chamaill, iad ar fad gearrtha agus fuaite go fíneálta. Stíl shimplí ach clasaiceach atá i gceist agus mairfidh sé sa bhfaisean ar feadh na mblianta.

2

2. Seaicéad deinim dubh BDG ó Urban Outfitters ar €77

Tá na seaicéid deinim an-fhaiseanta arís faoi láthair – caith ort an ceann seo agus cuirfidh sé cuma fhíorfhaiseanta ort. Tá an ceann seo an-chompordach agus is féidir é a chaitheamh le jíons agus t-léine le linn an lae nó le gúna agus sála arda san oíche. Tá dath dubh ‘nite’ ar an gceann seo agus é scaoilte, neamhfhoirmeálta, cnaipí air agus pócaí ar an mbrollach agus ar na taobhanna.

3

3. Seaicéad gluaisrothair le cába fionnadh bréige ó Zara ar €89.95

Tugaim faoi deara go mbíonn an seaicéad seo á chaitheamh go minic ag cuid de na blagálaithe faisin is mó cáil agus cúis mhaith leis; tá sé go mór sa bhfaisean agus fíorchompordach. Tá sé deartha ar stíl “rómhór” agus measaim féin go gcuireann sin go mór leis ó thaobh stíle de. Tá seaicéid den chineál seo úsáideach i gcónaí go háirithe ag an tráth seo bliana. Taitníonn an cába atá déanta as fionnadh bréige agus an bheilt go mór liom. Seo seaicéad a d’fhéadfaí a chaitheamh le haon rogha éadaigh.

4 copy

4. Cóta in olann bhruite ón mbailiúchán ‘Carolyn Donnelly The Edit’ ag Dunnes Stores ar €179

Baintear úsáid as próiseas déantúsaíochta ar leith ina gcraptar an olann le huisce fiuchta le bunábhar an chóta seo a dhéanamh. Fágann sin go bhfuil an olann atá ann níos dlúithe agus an cóta níos teolaí dá bharr. Seo an cóta is daoire a roghnaigh mé ach is infheistíocht mhaith é mar go mairfidh sé ar feadh na mblianta. Tá rogha de dhá dhath ar fáil – gorm agus dath na mine coirce. Chuirfeadh an cóta seo slacht ar aon fheisteas agus d’fhéadfaí é a chaitheamh go neamhfhoirmeálta le jíons agus bróga reatha nó níos foirmeálta le sciorta nó gúna. Tá beilt leis an gcóta a d’fhéadfaí a chaitheamh mar scairf, dá mba mhian leat sin.

5 copy

5. Seaicéad pardógach le fionnadh bréige ó Mango ar €89.95

Seo an cóta is teolaí dá bhfuil ann agus é an-oiriúnach don té a bhraitheann an fuacht i gcónaí. Tá líneáil chuilteáilte air agus cochall breá air. Is féidir an fionnadh bréige ar fad a bhaint de más mian leat é a dhéanamh níos éadroime in amanna. Tá sé ar fáil i ndúghorm agus i liathbhuí.

6

6. Parca le cochall ó H&M ar €39.99

Seo an ceann is saoire ar fad a roghnaigh mé ach tá buntáistí móra leis. Úsáidtear fabraic leath-shintéiseach ar a dtugtar ‘modal’ sa pharca an-éadrom seo.  Seo an ceann le tabhairt leat nuair nach bhfuil an aimsir rófhuar ar fad ach go mbeadh baol ann go dtiocfadh braon báistí i do bhealach. Tá rogha leathan dathanna ar fáil, ina measc dubh, gorm agus bándearg!

Fág freagra ar 'Anois teacht an gheimhridh…rogha de sheaicéid dheasa agus cótaí teolaí do shéasúr an fhuachta'