Anois nó riamh do Chúige Mumhan

Tá go leor cainte á dhéanamh le roinnt laethanta anuas faoi cheapachán Rassie Erasmus mar Stiúrthóir Rugbaí, ach má tá teacht aniar ar bith i gCúige Mumhan, seo an t-am lena léiriú

Guinness PRO12, The Sportsground, Galway 16/4/2016 Connacht vs Munster Munster's Francis Saili and Donnacha Ryan take to the field Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níl ach dhá chluiche le n-imirt anois i gcluichí an Pro 12 agus tá trí chúige ón tír seo i measc na gceithre fhoireann atá ar bharr an tábla sin.

Cúige Mumhan an t-aon fhoireann ón tír seo nach bhfuil ina measc. De bhrí gur sa seachtú háit atá siad agus 53 pointe acu, ní dóigh go mbeidh siad in ann an bhearna seacht bpointe atá idir iad agus na hUltaigh, foireann atá sa gceathrú háit, a laghdú. Seans maith dá bhrí sin go nglacann na Muimhnigh leis nach mbeidh siad ag imirt i gcluiche leathcheannais an Pro 12.

Is tábhachtaí i bhfad dóibh go mbeidh siad fós ag imirt i gcomórtas sinsearach rugbaí an limistéir seo an chéad séasúr eile. Sin an rud atá i mbaol faoi láthair.

Cé go bhfuil buntáiste an bhaile ag na Muimhnigh sa dá chluiche atá fós le

n-imirt sa bPro 12, tá brú damanta ag baint leo. An Aoine seo beidh an tArm

Dearg ag imirt i gCorcaigh i gcoinne Dhún Éideann, foireann atá áit amháin

chun cinn orthu, iad sa séú háit ach an líon céanna pointí acu, 53 pointe.

Tá mé cinnte go mbeidh sárchoimhlint sa gcluiche seo agus fios ag an dá fhoireann go mbeidh tionchar mór ag toradh an chluiche ar cé acu an mbeidh nó nach mbeidh siad ag imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúir eile dá réir. Ní hamháin sin ach tá cluiche crua eile roimh na Muimhnigh faoi cheann seachtaine agus iad i gcoinne na Scarlets, foireann atá sa cheathrú háit faoi láthair. Má theipeann ar fhir Axel Foley tráthnóna, beidh siad i bhfíor-chruachás.

Tá go leor cainte á dhéanamh le roinnt laethanta anuas faoi cheapachán Rassie Erasmus mar Stiúrthóir Rugbaí, ach má tá teacht aniar ar bith sa bhfoireann, seo an t-am lena léiriú.

Inniu freisin a bheas na Connachtaigh, foireann atá sa dara háit, ag imirt san Iodáil i gcoinne Treviso, foireann atá ar bhun an tábla. Ní dóigh go mbeidh fir an bhaile in ann an lámh in uachtar a fháil sa gcluiche seo, ach mar sin féin teastóidh pointe bónais ó fhir an iarthair lena chinntiú go bhfanfaidh siad dhá phointe chun cinn ar Ghlaschú, foireann a bheas ag teacht go dtí an Bóthar Beag faoi cheann seachtaine le cluiche cinniúnach a imirt.

Ar an Satharn tabharfaidh foireann bharr an tábla, Cúige Laighean cuairt ar Bhéal Feirste le tabhairt faoi na hUltaigh, foireann atá ceithre áit agus 8 bpointe taobh thiar díobh. Tá a fhios ag foireann Leo Cullen go mbeidh buntáiste an bhaile acu sa gcluiche ceathrú ceannais má bhíonn an lá leo sa gcluiche seo. Ní hionann cás na nUltach.  Má theipeann orthu seans go gcaillfidh siad a n-áit i measc na gceithre fhoireann atá ar bharr an tábla.

Tá go leor ag brath ar chluichí an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Anois nó riamh do Chúige Mumhan'