Anois nó riamh do Chúige Chonnacht

Tá roinnt oibre le déanamh fós ag Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh más leo dul chun cinn a dhéanamh

Anois nó riamh do Chúige Chonnacht

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Is léir nár chuir drochthaispeántas fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann sa gcomórtas Sé Náisiún as do chur chuige na gcúigí agus iad ag imirt i mbabhtaí ceathrú ceannais rugbaí na hEorpa an deireadh seachtaine seo caite.  Na Connachtaigh an t-aon eisceacht, b’fhéidir. I gcás na dtrí chúige eile, bhí siad iontach ar fad agus iad san iomaíocht i gcuid de na cluichí rugbaí idirchlubanna is fearr a chonaic muid le fada an lá.

Anois tá na ceithre chúige ar ais ag imirt sa bPro 14 agus gan ach trí chluiche fágtha le himirt acu sna réamhbhabhtaí. Tá Cúige Laighean, na curaidh, cinnte dá n-áit sna cluichí leathcheannais den chomórtas seo cheana féin, agus tá Cúige Mumhan beagnach cinnte go mbeidh áit sna babhtaí ceathrú ceannais acu. Tá roinnt oibre le déanamh fós ag an dá chúige eile, sin más leo dul chun cinn a dhéanamh sa chomórtas.

Tráthnóna beidh Cúige Mumhan agus Cúige Uladh ag dul chun páirce i mBabhta 19. Sa mbaile i gCorcaigh a bheas na Muimhnigh, atá sa dara háit i nGrúpa A, agus Caerdydd rompu, foireann atá sa gceathrú háit. Bhí an lá leis an bhfoireann ón mBreatain Bheag (37-13) nuair a chas siad ar a chéile i mBabhta 4, ach is i gCaerdydd a bhí an cluiche sin. Ní hamháin go mbeidh buntáiste an bhaile ag na Muimhnigh an Aoine seo, tá athrú iomlán agus feabhas breá curtha acu ar a gcur chuige ón lá sin. Is iad foireann an bhaile rogha na coitiantachta agus is cinnte go mbeidh foireann na Gaillimhe ag súil go ndéanfaidh na comharsana ó dheas gar mór dóibh. Ar ndóigh is iad  Caerdydd atá ag cur brú ar Chúige Chonnacht agus iadsan ag iarraidh greim a choinneáil ar an tríú háit i nGrúpa A.

As baile thall in Albain a bheas Cúige Uladh agus iad i gcoinne Ghlaschú, atá ar bharr Ghrúpa B. Sa dara háit i nGrúpa B atá na hUltaigh agus iad faoi bhrú ag iarraidh greim a choinneáil ar an áit sin. Cinnte bhí na hUltaigh thar barr i Staid Aviva an Satharn seo caite ach is deacair bua a thuar dóibh sa gcluiche seo, go háirithe agus gan fáil acu ar Rory Best. Mar sin féin tá mise ag súil le sáriomaíocht agus cluiche iontach. I ladhair an chasúir atá na hUltaigh agus gan acu anois ach an comórtas seo.

Beidh na Connachtaigh san Iodáil ar an Satharn i gcoinne Zebre, foireann atá ar íochtar Ghrúpa A, agus gan ach trí bhua faighte acu sa gcomórtas go dtí seo. Tá sé chomh simplí leis seo: caithfidh foireann Andy Friend an bua a fháil, agus pointe bónais a shaothrú leis,. Má theipeann orthu, beidh an baol ann go sciorrfaidís ón tríú háit órga sin.

Cuirfidh Cúige Laighean fáilte roimh Treviso, foireann atá sa tríú háit sa ngrúpa céanna. Chuile sheans go mbeidh bua eile sa mbaile ag na curaidh ach d’fhéadfadh foireann na hIodáile iad a chur faoi bhrú. Nár bhreá leo geit a bhaint as fir Átha Cliath agus as lucht an rugbaí go léir? Ní dóigh liom go dtarlóidh sé.       

Fág freagra ar 'Anois nó riamh do Chúige Chonnacht'