Anois nó riamh ag Dún na nGall agus an chraobh tagtha

Tabharfaidh Tír Eoghain agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile i mBealach Féich tráthnóna agus fios ag an dá fhoireann nach mbeidh arís acu

Anois nó riamh ag Dún na nGall agus an chraobh tagtha

Dún na nGall v Tír Eoghain – Bealach Féich, 1.30i.n. (Beo ar RTÉ)

Faoi dheireadh an lae inniu, beidh naoi gcinn de chontaetha díbeartha ó Chraobh Shinsir Peile na hÉireann, ceann de na foirne is láidre sa tír ina measc.

Tabharfaidh Tír Eoghain agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile i mBealach Féich tráthnóna agus fios ag an dá dream imreoirí nach mbeidh an dara seans acu má chailleann siad inniu.

Cé gurb iad Áth Cliath agus Ciarraí rogha láidir na coitiantachta chun cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach arís i mbliana, tá an dá fhoireann Ultacha seo áirithe i measc na buíne bige foirne a d’fhéadfadh teacht aniar aduaidh orthu.

I ndáiríre, is le gairid atá cás á dhéanamh do Thír Eoghain. Nuair a bhain drochghortú don bhfathach Cathal McShane i dTuaim mí Feabhra, seans gur cheap daoine go raibh aon deis a bhí acu ar chluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach imithe leis.

Ach má bhain aon fhoireann leas as an bpaindéim Covid-19, ba é Tír Eoghain é. Tinn den chaoi ar chaith na meáin leis san Astráil agus cumha air i ndiaidh an bhaile, chinn Conor McKenna deireadh a chur leis an seal sé bliana atá caite aige san AFL. D’fhill sé ar Thír Eoghain agus, cé nach mbíonn sé éasca i gcónaí ag imreoirí a thagann abhaile ón Astráil, tá McKenna imithe i dtaithí ar an bpeil láithreach.

Scóráil McKenna 1-2 in aghaidh Dhún na nGall sa chluiche sraithe idir na foirne coicís ó shin agus 2-2 a d’aimsigh sé in aghaidh Mhaigh Eo i gcluiche cinniúnach seachtain ina dhiaidh sin.

Má fhágtar McKenna ar imeall na cearnóige, ba cheart go mbeadh coimhlint den scoth ann idir é féin agus cosantóir mór téagartha Ghaoth Dobhair, Neil McGee.

Tá seans ann go gcaithfidh McKenna seal níos gaire do lár na páirce, áfach, chun cabhrú lena chomhghleacaithe.

Agus Colm Cavanagh éirithe as an imirt do Thír Eoghain, níl aon amhras ach go bhfuil buntáiste ag Dún na nGall lár páirce ó thaobh airde de agus leithéidí Michael Murphy, Ciarán Thompson, Hugh McFadden, Michael Langan agus Jason McGee acu chun breith ar na ciceanna amach.

Má tá Mickey Harte chun McKenna a úsáid níos faide amach ón gcúl, d’fhéadfadh go mbeidh an tosach óg Darragh Canavan sa líne lántosach. Scóráil mac Peter ‘The Great’ cúl in aghaidh Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite, ina chéad chluiche d’fhoireann shinsir Thír Eoghain. Beidh le feiceáil an mbeidh sé de mhisneach ag an mbainisteoir é a chur chun páirce ó thús i gcluiche crua craoibhe.

Ógánach ar fhoireann na gConallach a rinne an beart nuair a chas na foirne seo ar a chéile sa tsraith. D’aimsigh Peadar Mogan cúl iontach sa chluiche cúpla seachtain ó shin, ach seans gur ar fhir a bhfuil beagán níos mó taithí acu a bheifear ag brath inniu.

Caithfidh Tír Eoghain fear nua a fháil chun Michael Murphy a mharcáil agus an chuma ar an scéal nach mbeidh Pádraig Hampsey ná Rory Brennan ar fáil dóibh.

Thabharfadh Jamie Brennan agus Oisín Gallen neart le déanamh do Thír Eoghain más iad a thosaíonn sa líne lántosach do Dhún na nGall agus seans go bhfeicfear Paddy McBrearty ag tráth éigin chomh maith agus é ag teacht ar ais ó ghortú.

Bhí an lámh in uachtar ag Tír Eoghain sa choimhlint seo le roinnt blianta anuas go dtí go bhfuair Dún na nGall an ceann is fearr orthu i gcluiche leathcheannais Uladh anuraidh. Tá an chuma ar na Conallaigh le cúpla bliain anuas go bhfuil siad réidh le gaisce a dhéanamh sa chraobh agus seans gur anois atá a ndeis.

Fág freagra ar 'Anois nó riamh ag Dún na nGall agus an chraobh tagtha'