Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhféadfadh gurb é an reachtaíocht teanga nua “an deis dheireanach” a bheidh ag an Stát “córas cuí, ceart agus cuimsitheach” a thabhairt isteach a chinnteodh go bhfuil dóthain daoine le Gaeilge sa státchóras chun freastal ar phobal na teanga.
Dúirt an Coimisinéir go raibh “dul chun cinn áirithe” déanta maidir le soláthar seirbhísí stáit i nGaeilge ó tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúil “ach ar an mórgóir agus muid ag breathnú siar ar chúig bliana déag d’fheidhmiú an Achta, ní cathair mar a tuairisc í”.
Dúirt Ó Domhnaill leis gurb é a thaithí féin ó ceapadh ina Choimisinéir Teanga é “go bhfágtar an Ghaeilge ar lár ó mhórbheartais an Stáit agus i gcur i bhfeidhm na mbeartas sin”.
Agus Léacht Uí Ghadhra, a eagraíonn Conradh na Gaeilge gach bliain, á tabhairt in Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath aréir aige, thagair an Coimisinéir Teanga do chás na Gaeilge sa chóras poiblí agus do ghéarchéim na teanga sa Ghaeltacht.
Dúirt an Coimisinéir go léiríonn an fhianaise “nár dhócha” go mbeidh an Ghaeltacht “i bhfad eile ann de réir mar a thuigtear an focal sin go coitianta” agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne dhuairc faoi staid na Gaeltachta.
“Léiríonn staitisticí an daonáirimh dheireanaigh, áfach, nach bhfuil aon éalú ón bhfírinne sin. Léirítear i dtaighde chomh maith go bhfuil sé ag éirí níos deacra ag tuismitheoirí, fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh dá gclann mar chéad-teanga sna cúinsí ina maireann siad sa lá atá inniu ann,” a dúirt an Coimisinéir Teanga agus Léacht Uí Ghadhra, in ómós don iriseoir agus údar Nollaig Ó Gadhra, á tabhairt aige.
Maidir leis an mBille nua a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, dúirt Ó Domhnaill gur cheart córas a bhunú a chinnteodh go mbeadh “íoschéatadán foirne atá inniúil sa nGaeilge á earcú” sa státchóras agus go gcaithfí monatóireacht neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras sin.
“Caithfidh an córas sin a bheith bunaithe ar phleanáil éifeachtach agus ar fhaisnéis agus anailís chruinn ina n-aithneoidh an Stát na seirbhísí atá mar thosaíocht aige, na socruithe chun na seirbhísí sin a chur ar fáil agus na hacmhainní daonna atá ag teastáil chun sin a bhaint amach.
“Le toil agus comhoibriú is féidir sin a bhaint amach – creidim sin i mo chroí – ach tá an t-am ag sleamhnú agus is anois nó go brách a chaithfear tabhairt faoina leithéid d’obair.”
Mhol sé go mbeadh “dualgas reachtúil” ag baint lena leithéid de phlean a ullmhú agus go n-ullmhófaí é laistigh de bhliain go leith ón tráth a thabharfar isteach an tAcht leasaithe.
“Is ag leibhéal níos airde ná an comhlacht poiblí aonair a chaithfear dul i ngleic le cur i bhfeidhm bheartas an Stáit i leith sheirbhísí an Stáit a sholáthar sa dá theanga oifigiúla.”
Dúirt an Coimisinéir arís gur den riachtanas go mbeadh spriocdháta luaite leis an gcuspóir sa dréachtreachtaíocht go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí.
“D’fháiltigh mé tríd is tríd roimh cheannteidil an Bhille nua a foilsíodh anuraidh, cé gur tharraing mé aird ar easnaimh in áiteacha. Tá sé mar chuspóir aitheanta sna ceannteidil go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.
“Deirtear gur san fhadtréimhse a tharlóidh sé sin. Ach caithfear sprioc shonrach a chur leis an aidhm sin, agus caithfidh muinín a bheith againne, muidne ar mian linn gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát, go mbainfear amach an sprioc sin.”
Dúirt sé chomh maith gur chóir “prionsabal soiléir” a leagan síos san Acht a d’fhágfadh go gcaithfeadh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht.
“Tá os cionn nócha bliain ann ó d’aithin Coimisiún na Gaeltachta an riachtanas seo i dtús báire.
“Astu féin, ní réiteoidh soláthar na seirbhísí stáit trí Ghaeilge dúshláin teanga na Gaeltachta ach léireodh a leithéid diongbháilteacht agus ceannaireacht agus is mór is gá iadsan.”
Dúirt an Coimisinéir Teanga “gur léir gurb é croí na faidhbe nach bhfuil a ndóthain foirne (nó foireann ar bith) le cumas sa nGaeilge ag eagraíochtaí stáit”.
Dúirt sé gurb é “bun agus barr an scéil nach féidir seirbhísí a chur ar fáil trí mheán teanga mura mbíonn acmhainn sa teanga sin ag lucht soláthair na seirbhísí sin”.
Tuairisg
Tá sé in am aige a bhéal a oscailt
Lillis Ó Laoire
“Na Gaeltachtaí is láidre…” Níl a leithéid ann feasta. Tá an ceart ag an Choimisinéir mar sin féin. Go n-éirí leis a fhís a chur i gcrích.
An Teanga Bheo
Nocht an fhírinne go minic……. ach ní minic a tugtar aird uirthi………….. sin mar atá mo léan
Gearóid Mac Thaidhg
Tá lom-chlár na fírinne sa mhéid a bhí le rá ag an gcoimisinéir ach bíonn an fhírinne searbh.