Anois an t-am sa Bhruiséil, caithfear socrú a dhéanamh

Inniu an chéad chruinniú mullaigh ag Micheál Martin mar Thaoiseach agus ag Thomas Byrne mar Aire Stáit Gnóthaí Eorpacha

Anois an t-am sa Bhruiséil, caithfear socrú a dhéanamh

Tiocfaidh ceannairí an Aontais Eorpaigh le chéile inniu sa Bhruiséil féachaint le bailchríoch a chur leis an socrú téarnaimh atá á bheartú acu.

Tá an chaint faoin bpacáiste fite fuaite anois leis an mbuiséad fadtéarmach don Aontas féin agus práinn leis, dar le ceannairí an Aontais, go dtiocfaí ar réiteach inniu agus amárach. Ina litir ag tabhairt cuireadh do na ceannairí chun na Bruiséile, dúirt Charles Michel “Anois an t-am. Caithfear socrú a dhéanamh.”

Mar is dual do chruinnithe mullaigh Eorpacha bíonn an chuid is mó den obair déanta na laethanta roimh ré agus deis a bhíonn sa gcruinniú féin do na ceannairí stampa a chur ar an socrú agus labhairt leis na meáin faoi na héachtaí a fheictear dóibh a bheith déanta acu.

De bharr an easaontais le roinnt míonna ag leibhéal an Aontais faoin riaradh a dhéanfar ar an bpacáiste téarnaimh – iasachtaí nó deontais – níl aon chinnteacht go ndéanfar réiteach an dá lá seo. Tá sraith moltaí nua foilsithe ag Uachtarán na Comhairle, Charles Michel agus dúirt Príomh-Aire na hÍsiltíre Mark Rutte tar éis an chruinnithe a bhí ag an mbeirt go bhfuil siad níos sásúla ná na moltaí a bhí ann go dtí seo agus go mbeidh a leabhar faoin gcumadóir Chopin ag fanacht sa mbaile.

Is é Rutte ceannaire neamhoifigiúil na mballstát atá ag éileamh gur iasachtaí seachas deontais a chuirfí ar fáil do thíortha le cuidiú leo teacht ó ghéarchéim Covid-19. Thug sé an leabhar faoin gcumadóir Polannach leis mar ábhar léitheoireachta ag an gcruinniú mullaigh deiridh le tabhairt le fios nach raibh sé ag súil go mbeadh mórán idirbheartaíochta ar bun aige.

Tá uachtaránacht an Aontais ag an nGearmáin faoi láthair agus sí an teachtaireacht shoiléir ón Seansailéir Angela Merkel go gcaithfidh na ballstáit teacht ar réiteach faoin airgead fóirithinte don chéad ghlúin eile agus buiséad fadtéarmach an Aontais. Ní nach ionadh nuair a chuimhnítear ar chomh dona agus a bhí siad buailte ag Covid-19 tá Príomh-Airí na Spáinne agus na hIodáile, Pedro Sanchez agus Giuseppe De Conte, ag súil le dlúthpháirtíocht óna gcomhghleacaithe. Is beag atá i ndán don Aontas mura seasann na baill le chéile sa gcás seo, a deir Sanchez.

Seo an chéad chruinniú mullaigh ag Micheál Martin mar Thaoiseach agus ag Thomas Byrne mar Aire Stáit Gnóthaí Eorpacha. Beidh siad ag leanacht den stocaireacht a bhí ar bun ag Éirinn ag an bhfíschomhdháil ceithre seachtaine ó shin. Bhí Leo Varadkar go láidir den tuairim ag an am go gcaithfí athrú a dhéanamh ar an gcóras a bhí beartaithe le háireamh a dhéanamh ar an sciar den chiste a bheadh le fáil anseo in Éirinn.

Gheobhaidh muid léargas freisin ar an dearcadh atá ag baill eile inár leith faoin mbreithiúnas i gcás Apple agus bua an rialtais. Beidh sé ar a n- intinn ag toscaireachta na hÉireann freisin go bhfuil an t-am ag sleamhnú thart, scrios déanta ag Covid-19 ar an ngeilleagar agus an Breatimeacht ag teannadh linn ag deireadh na bliana.

Mura ndéantar réiteach an dá lá seo beidh súil ag ceannairí an Aontais na polaiteoirí a thabhairt le chéile arís gan mhoill – más sa Bhruiséil nó ar an scáileán é.

Teastaíonn ón nGearmáin go háirithe go ndéanfaí réiteach gan mhoill. Ar mhaithe le bonn a chur faoin téarnamh agus ionas go mbeidh socruithe déanta sula dtagann aon dara ráig den víreas corónach go dtí mór-roinn na hEorpa.

Fág freagra ar 'Anois an t-am sa Bhruiséil, caithfear socrú a dhéanamh'