‘Annus Horribilus 2016’ agus ‘Éire Aontaithe’ le plé ag Craobh na hÉireann Ghael Linn anocht

Beidh ceithre scoil Ghaeltachta san iomaíocht i gcomórtas na sinsear a bheidh ar siúl i gColáiste na Tríonóide anocht

‘Annus Horribilus 2016’ agus ‘Éire Aontaithe’ le plé ag Craobh na hÉireann Ghael Linn anocht

Beidh scoth lucht díospóireachta ó fud fad na tíre ag triall ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath anocht do Chraobh-Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain anocht.

Cuirfear tús leis an mór-ócáid bhliantúil ag a cúig a chlog le comórtas na sóisear. An rún a bheidh faoi chaibidil acu ná “‘Annus Horribilis’ a bhí sa bhliain 2016!”. Beidh Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua agus Coláiste Eoin ar son an rúin. Beidh ar Ghaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, agus Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil a chruthú do na moltóirí nach amhlaidh gur dhrochbhliain a bhí in 2016.

Ag 6.30pm, i Téatar Stanley Quek, i gColáiste na Tríonóide, a chuirfear tús le comórtas na sinsear, mar a mbeidh an rún ‘Bheadh Éire aontaithe ar leas mhuintir uile an oileáin seo!’ á phlé. Scoileanna Gaeltachta amháin a bheidh san iomaíocht do chraobh na sinsear, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Coláiste Pobail Ráth Chairn, agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua.

Is é Pól Ó Gallchóir, iar-Cheannasaí TG4 agus Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge a thabharfaidh aoichaint na hoíche sula dtabharfaidh na moltóir a mbreith ag a hocht a chlog.

50 foireann ar fad a ghlac páirt i réamhbhabhtaí an chomórtais bhliantúil díospóireachta i mbliana. Bronnfar corn agus duais €1,000 ar an bhfoireann a thabharfaidh leo an chraobh anocht agus bronnfar duais €250 ar na foirne eile.

Coláiste Pobail Ráth Chairn. Pictiúr: @GaelLinn/Twitter

 

Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua. Pictiúr: @GaelLinn/Twitter

 

Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Pictiúr: @GaelLinn/Twitter

 

Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Pictiúr: @GaelLinn/Twitter