Níl aon athrú déanta ar fhoireann rugbaí na hÉireann don chluiche i gcoinne Shasana an deireadh seachtaine seo.
Tá an cúigear déag imreoirí céanna a thosaigh sa chluiche a bhuadar in aghaidh na Breataine Bige roghnaithe arís ag Andy Farrell don chluiche in Twickenham Dé Domhnaigh.
Athrú amháin atá déanta i measc na n-ionadaithe agus Caelan Doris ag teacht isteach. Bhain gortú cloiginn d’fhear Chúige Laighean sa chéad chluiche i gCraobh na Sé Náisiún in aghaidh na hAlban agus níor ghlac sé páirt ar bith sa chluiche in aghaidh na Breataine Bige an tseachtain dar gcionn.
Tá Doris tagtha chuige féin anois, áfach, agus é tagtha isteach in áit Max Deegan i measc na n-ionadaithe.
Tá an chéad dá chluiche sa chomórtas go dtí seo buaite ag Éirinn. Cé nach raibh foireann Andy Farrell thar mholadh beirte in aghaidh na hAlban, d’fheabhsaigh siad go mór in aghaidh na Breataine Bige agus d’éirigh leo an bua agus pointe bónais a thabhairt leo.
Beidh rudaí níos deacra acu Dé Domhnaigh, áfach, agus iad ag tabhairt aghaidh ar Shasana as baile.
Cé nach mbeidh teacht ag Eddie Jones ar an mbeirt Vunipola, Billy agus Mako, meastar go mbeidh Manu Tuilagi, a bhí gortaithe don chluiche a bhuaigh Sasana i gcoinne na hAlban, tagtha chuige féin in am do chluiche na hÉireann.
15. Jordan Larmour 1. Cian Healy Ionadaithe:
16. Ronan Kelleher
14. Andrew Conway
13. Robbie Henshaw
12. Bundee Aki
11. Jacob Stockdale
10. Johnny Sexton (captaen)
9. Conor Murray
2. Rob Herring
3. Tadhg Furlong
4. Iain Henderson
5. James Ryan
6. Peter O’Mahony
7. Josh van der Flier
8. CJ Stander
17. Dave Kilcoyne
18. Andrew Porter
19. Devin Toner
20. Caelan Doris
21. John Cooney
22. Ross Byrne
23. Keith Earls
Fág freagra ar 'Andy Farrell ag cloí leis an rud a d’oibrigh cheana don turas go Twickenham'