Díol anama nó margadh pragmatach?

Ó chúrsaí Gaeilge go cúrsaí teilifíse, tá na cluichí réamh-thoghcháin faoi lán tseoil i dTuaisceart Éireann trí mhí roimh olltoghchán Westminster

26/2/2011 General Elections Campaigns Results
Pictiúr: Photocall Ireland

Ar seift sheicteach nó margadh pragmatach é rith an ráis a ligean le hiarrthóir chun an taobh eile a threascairt?

Rinne na hAontachtaithe é i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas don olltoghchán deiridh. Tá an t-eiteachas tugtha ag SDLP d’iarratas Shinn Féin ar mhargadh chun suíochán Michelle Gildernew sa toghcheantar sin a chosaint.

Sea, tá na cluichí réamh-thoghcháin faoi lán tseoil i dTuaisceart Éireann trí mhí roimh olltoghchán Westminster. Tá cuid den imirt ar siúl i Stormont, dreas eile ar na meáin agus, seans, sna cúirteanna. Tá an chuid is traidisiúnta agus is nimhní den chleasaíocht ar siúl ar dhá thaobh na deighilte.

Sin í an chaint ar mhargadh idir dhá pháirtí chun ‘an taobh eile’ a choinneáil amach; b’ionann é agus d’anam a dhíol ar mhaithe le seicteachas dar le lucht a cháinte, margadh pragmatach dar le lucht a mholta.

Is mór an spórt an choraíocht faoi dhíospóireachtaí teilifíse an fheachtais. Tá pairtithe Thuaisceart Éireann ar fad fágtha as an áireamh ag craoltóirí na Breataine atá ag iarraidh a theacht ar mhúnla éigin nach dtig le ceannaire na dTóraithe, an Príomh-Aire, David Cameron a sheachaint. Bíonn na páirtithe áitiúla ar theilifís réigiúnach ach maíonn siad go bhfuil gach ceart acu a bheith páirteach sna cláracha sa Bhreatain má bhíonn ról ag Plaid Cymru agus ag Náisiúnaithe na hAlban iontu. Cor nua is ea an chonspóid seo agus is annamh a bhíonn a leithéid i dtoghchain ó thuaidh.

Is geal le scéal thairis é i gcomparáid leis na seanaighnis logánta atá á gcothú an athuair mar chuid den tóir ar vótaí.

Gan dabht, is é an gad is giorra don scornach ag gach páirtí gach a bhfuil aige a choinneáil.

Tá an dara gné ag toghcháin abhus, áfach. Ní hamháin gurb é an cuspóir gach pairtí eile a chur ó dhoras ach caitear dua ar leith ar fheachtais lena chinntiú nach mbaineann pairtí ar an taobh eile den deighilt sheicteach suíochán.

Chuige sin, is mian leis an DUP agus Sinn Féin, an dá phríomhpháirtí, cur lena neart agus an céile comhraic óna dtreabh féin a lagú.

Mar a bhí le léamh i scéal nuachta ar Tuairisc.ie, bhí na páirtithe aontachtacha san iomaíocht lena chéile i Stormont Dé Luain chun a léiriú cé acu ba mhó a bhí in éadan na Gaeilge agus an ghaeloideachais.

Níor éirigh leo stop a chur leis an bplean do Cholaiste Dhoire i nDún Geimhin ach níor ceapadh riamh go n-éireodh.

Caolsheans gurb in é cuspóir na díospóireachta, cé gur mhaígh moltóirí na rún nach frith-Ghaelachas faoi ndear iad ach imní faoi chaiteachas poiblí. Tá gaelcholaiste dara leibhéal amháin i dTuaisceart Éireann faoi láthair. Mar sin féin, mhaígh aontachtaithe gur idirdhealú i bhfábhar na Gaeilge é an plean do Cholaiste Dhoire.

Ba mhaith leis an DUP deireadh a chur le hiomaíocht idiraontachtach agus díríonn siad níos mó saighead ar an UUP agus an TUV sa Tionól ná ar éinne eile.

Ar ndóigh, imríonn siad an cárta frith-SF chomh maith.

Ar an taobh eile, ba mhaith le Sinn Féin cibé beocht atá fágtha san SDLP a phlúchadh agus a vótaí a bhailiú isteach ina líon. Tá caint ar iarrthóir ‘aontaithe’ Aontachtach d’Fhear Manach/Tír Eoghain Theas arís, cleas ar theip air an uair dheiridh nuair a bhuaigh Sinn Féin an suíochán le farasbarr dhá vóta.

Is furasta a thuiscint ar bhonn uimhríochta cén fáth a mbeadh margadh réamh-thoghcháin ó SF, ach ó tá an SDLP dubh dóite in aghaidh margaí seicteacha agus luigh sé le réasún go dtabharfaidís an t-eiteachas do Shinn Féin arís.

Léirigh SDLP “easpa físe straitéiseach” dar le Martin McGuinness, Sinn Féin.

Mhaígh sé freisin go raibh vótóirí á ligean síos ag an bpáirtí eile. Gach seans go bhfuil easpa físe ar an SDLP ach sin réimse amháin ina bhfuil a bpolasaí soiléir agus ar bhonn teann.

Bhí a fhios go maith ag Sinn Féin cad é leagan amach an SDLP sula ndearna siad moladh do-ghlactha ach bainfear leas as an argóint le súil go spreagfaidh sé daoine chun vótáil go taicticiúil.

Bíonn an dá léamh i gcónaí ar shocrú den tsórt sin; bíonn sé éifeachtach amanta ach chomh minic céanna, cuireann sé olc ar vótóirí a mheasann gur margadh an diabhail é agus a chaitheann vóta ina choinne dá réir.

Fág freagra ar 'Díol anama nó margadh pragmatach?'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Bhí ceart ag an SDLP glacadh le tairiscint SF ar an goinnoill go gcaithfeadh pé duine a raibh tofa glacadh lena s(h)uíochán le go mbeadh urlabhraí ar son an Chomhaontaithe ag labhairt ar a shon i bPairliimint na Breataine….. Tá a dhothain den dtaobh eile cloiste thall ansan agus ní léir go bhfuil freagra laidir go leor á thabhairt ag an taobh atá ar son an Chomhaontais…. Ní gá gur margadh seicteach a bheadh ann – ach gach duine/phairtí atá ar son an dhul chun cinn a theacht le chéile agus ionadaí a roghnú le nach mbeadh ardán ag leithéidí Jim Allister nó a chomhthaistealaithe sotto voce sa DUP….