ANAILÍS MHÍLEATA: Seacht seachtaine ó thús ionradh na Rúise, cad a tharlóidh anois?

Déanann anailísí míleata scagadh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, ar a bhfuil tarlaithe go dtí seo agus ar a bhféadfadh tarlú anois

ANAILÍS MHÍLEATA: Seacht seachtaine ó thús ionradh na Rúise, cad a tharlóidh anois?

Agus ionradh na Rúise ar an Úcráin faoi lánseol le seacht seachtaine anuas tá soiléireacht de shaghas éigin againn ar cad atá ag tarlú agus fiú anois tá ceachtanna míleata agus geopholaitíochta le foghlaim. Nuair a tháinig Fórsaí V, O agus Z de chuid na Rúise aduaidh, anoir aduaidh agus aneas thar theorainn na hÚcráine ba léir cad a bhí ag titim amach.

Bhí cogadh ceart ar siúl agus bhí an Rúis ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar chathracha móra na hÚcráine – leithéidí Kyiv sa tuaisceart, Kharkiv san oirthear, Mariupol san oirdheisceart agus Kherson – mar bhealach isteach chuig Odesa sa deisceart. Anuas air seo bhí na Rúis ag iarraidh an ruaig a chur ar Rialtas na hÚcráine. 

Straitéisí

Is iomaí straitéis mhíleata atá ann chun ionradh a dhéanamh ar thír. Ar thaobh amháin den scála, má cheaptar go bhfuil an namhaid sách lag d’fhéadfaí fórsaí a eagrú i líne chomhraic agus ionsaí tapa a dhéanamh ón líne thosaigh go dtí an sprioc. Ar an taobh eile den scála, má mheastar go bhfuil an namhaid sách láidir d’fhéadfadh go mbeadh gá ionradh a dhéanamh ar fhronta leathan.

Tá laigí agus láidreachtaí ag baint leis an dá straitéis seo. Is é an míbhuntáiste is mó a bhaineann leis an gcéad chur chuige ná má dhéanann do chéile comhraic cosaint mhaith nó má bhíonn constaic chosanta ar an mbealach bíonn sé an-deacair dul thairisti. Is é an buntáiste is mó a bhaineann leis an dara straitéis ná má tá constaic chosanta ar an mbealach gur féidir leis na trúpaí ar na cliatháin bogadh thairsti. 

Deacrachtaí

Is léir anois go raibh na Rúisigh ag iarraidh seilbh a ghlacadh go tapa ar an tír agus ruathar a dhéanamh ar chathracha na tíre i líne dhíreach. Is as sin a d’eascair cuid mhaith de na deacrachtaí míleata leis an ionradh. Ar dtús sheol an Rúis fórsaí taiscéalaíochta chun cinn is gan mórán tacaíochta acu agus nuair nár éirigh leosan a gcuid spriocanna a bhaint amach sheol siad fórsaí armúrtha chun tosaigh ach gan na coisithe mar chúltaca acu.

Anuas air seo ní raibh ceannas san aer acu, rud a chuir ionadh ar a lán saineolaithe míleata san iarthar. Cinnte bhí baint ag an gcaoi a n-úsáideann an Rúis scairdtrodairí mar thacaíocht do na fórsaí ar an talamh leis an teip seo. Úsáideann Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) aerfhórsaí chun bonneagar cosanta an namhad a scriosadh roimh ionradh a dhéanamh.

Toisc go raibh eagar comhraic na Rúiseach sínte amach bhí na línte soláthair i mbaol a n-ionsaithe, go háirithe sa tuaisceart agus rinne fórsaí cosanta na hÚcráine ionsaí i ndiaidh ionsaithe ar na línte soláthair seo. Bhí tionchar nach beag ag diúracáin frith-thancanna ar na hionsaithe seo agus ar chosaint na gcathracha ar fud na tíre. Cé go bhfuil scéalta sna meáin faoi thionchar na ndiúracán frith-thancanna a fuarthas ó thíortha an iarthair, leithéidí Javelin agus NLAW, bhain fórsaí na hÚcráine an-úsáid as a ndiúracáin féin, Stugna-P.

Struchtúr Ceannais

Cé gur éirigh leis na Rúisigh seilbh a ghlacadh ar réimsí móra talún go háirithe i ndeisceart na tíre ba léir le linn na chéad seachtainí den ionradh gur theip orthu a gcuid príomhspriocanna a bhaint amach. Bhí líon na bhfeithiclí armúrtha, idir thancanna, charranna armúrtha agus iompróirí armúrtha pearsanra, a bhí á scriosadh ag ardú lá i ndiaidh lae. Tuairiscíodh gur maraíodh seisear ginearál de chuid na Rúise sna chéad cheithre seachtaine agus ba léiriú é seo nach raibh an t-ionradh ag dul ar aghaidh mar a bhí beartaithe. De ghnáth bíonn na ceannasaithe is sinsearaí díreach taobh thiar den chéad trian den ionsaí ionas go mbeidh siad in ann bogadh go dtí an líne thosaigh le dul i bhfeidhm ar na trúpaí agus tionchar a imirt ar an gcath sa chás go mbíonn deacrachtaí leis an ionsaí.

Ba léir nach raibh cead ag na hoifigigh shinsearacha ar an talamh na pleananna a athrú. Tuairiscíodh go ndearna na Rúisigh sé ionsaí i ndiaidh a chéile ar a laghad ar aerfort i ndeisceart na tíre gar do Kherson chun seilbh a ghlacadh ar Mykolaiv agus gur maraíodh beirt Leifteanant Ginearál sna hionsaithe seo. Níor athraíodh eagar comhraic na bhfórsaí ó thuaidh nuair a bhí siad sáinnithe i scuaine fhada ar feadh coicíse agus maraíodh ginearáil eile agus na céadta saighdiúir mar gheall ar an easpa solúbthachta seo. 

Cor Cinniúnach

Tá cor cinniúnach sa chogadh faoi láthair agus fórsaí an tuaiscirt, Fórsaí V agus O, tar éis tarraingt siar ó Kyiv agus óna n-iarracht an phríomhchathair a ghabháil. Ba léiriú bua na hÚcráine sa chath seo ar spiorad, cumas agus eagar comhraic fhórsaí na tíre. 

I ndeisceart na tíre, sa gceantar idir Muir Azov agus Abhainn an Dneiper, tá a sheilbh ar an limistéar sin á dhaingniú ag Fórsa Z na Rúise. Sa cheantar timpeall an Donbas tá atheagar á chur ag Fórsa Z orthu féin chun ionsaí fíochmhar eile a dhéanamh. As an125 grúpa oirbheartaíochta cathláin (battalion tactical group) a tháinig thar theorainn na hÚcráine ó thús an ionraidh, meastar gur scriosadh 16 acu, gur lú atá anois in 34 acu agus go bhfuil 75 fágtha mar a bhí chun an t-ionradh a chur i gcrích. As seo amach beidh sé ina chogadh ceart i gceantar an Donbas agus beidh fórsaí de chuid na Rúise ag díriú a gcuid iarrachtaí ar sheilbh iomlán a ghlacadh ar an gceantar. 

An Donbas

Tá an dá fhórsa sa Donbas imlonnaithe i limistéar boilsce agus fórsaí na Rúise ar thrí thaobh den bhoilsc sin. Beidh na Rúisigh ag déanamh gach iarracht an taobh ó thuaidh agus ó dheas den bhoilsc nó don ghob sin a cheangal le chéile agus fórsaí de chuid na hÚcráine a thimpeallú agus a chliseadh nó a chur ó fhorás. Má bhriseann na Rúisigh trí línte cosanta na hÚcráine beidh an buntáiste acu. 

Mar gheall ar a fhairsinge is atá críocha an cheantair seo agus toisc go bhfuil líon mór tancanna ag na Rúisigh, ba chóir, má bhíonn an aimsir go maith, go mbeidís in ann bogadh to tapa chun an ceantar a thimpeallú. Mura mbeidh dea-aimsir ann b’fhéidir go mbeadh seans ann go sáinneofaí sa láib a gcuid tancanna mar gheall ar thalamh bog. Beidh deiseanna ag fórsaí na hÚcráine an timpeallú seo a stopadh, ach braitheann sé ar na soláthairtí míleata a fhaigheann siad.

Má fhaigheann siad diúracáin frith-aerárthaí a fheidhmíonn ar raon níos faide beidh deis acu ceannas san aer a chosc ar na Rúisigh. Tá an tSlóvaic tar éis diúracáin frith-aerárthaí S-300 a thairiscint don Úcráin ach níl an margadh déanta fós. Anuas air sin má fhaigheann siad tancanna breise beidh deis acu bogadh le dul i mbun catha i gcoinne na Rúiseach ar thalamh oscailte an Donbas gan a bheith i mbaol ionsaithe ón aer. Tá Poblacht na Seice tar éis 12 tanc athchóirithe T-72 a chur ar aghaidh chuig an Úcráin, ach beidh níos mó ná seo ag teastáil. Beidh dróin agus airtléire fadraoin ag teastáil uathu freisin chun targaidí a aimsiú. 

Mura bhfaigheann siad na hearraí míleata atá riachtanach chun an fód a sheasamh agus má dhéanann fórsaí na Rúise iad a thimpeallú tá gach seans nach stopfaidh na Rúisigh ag an Donbas. Má theipeann ar na Rúisigh seilbh a ghlacadh ar an Donbas tá seans ann go leanfar leis an gcoimhlint mar chogadh tnaíte.

Sa chás sin, leanfadh na Rúisigh ar aghaidh ag léirscrios bhonneagar na tíre agus, toisc go bhfuil tionscal na déantúsaíochta arm an-láidir sa Rúis, is í an cheist a thiocfadh chun cinn ansin ná cé chomh fada agus a bheadh an Úcráin in ann maireachtáil leis an scrios seo. 

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'ANAILÍS MHÍLEATA: Seacht seachtaine ó thús ionradh na Rúise, cad a tharlóidh anois?'

  • Seán Mag Leannáin

    Anailís ghéarchúiseach ar cé mar a sheasann cúrsaí sa gcogadh san Úcráin i láthair na huaire.

  • Fearn

    Is maith liom an anailís, a Mháirtín. Anois go bhfuil Ginearál úr Rúiseach ina Cheann Foirne san ionradh, bheadh sé spéisiúl do bharúil a fháil ar a mhalairt straitéise, más ann di!

  • Máirtín

    Fearn, Tá gach seans ann go gcloífidh an ginearál nua le dúnghaois mhíleata arm na Rúise – ionsaithe fíochmhara airtléire ar dtús, agus na príomh-ionsaithe sa dheireadh. Táim ag súil go mbeidh na hionsaithe seo níos comhordaithe mar gheall ar an gceannasaí nua.

  • Fearn

    Go raibh míle maith agta, a Mháirtín!