ANAILÍS MHÍLEATA: Feachtais ionsaithe agus frithionsaithe chinniúnacha ar na bacáin

Agus nach mór bliain caite ó chuir an Rúis tús leis an ionradh ar an Úcráin, cá seasann cúrsaí maidir leis an dá fhórsa faoi láthair?

ANAILÍS MHÍLEATA: Feachtais ionsaithe agus frithionsaithe chinniúnacha ar na bacáin

An chéad chéim eile den ionradh

Cothrom na míosa seo bliain ó shin sheol na Rúisigh ionradh ar an Úcráin. Le linn na bliana maraíodh agus gortaíodh na mílte sibhialtach agus cuireadh iallach ar thart ar ocht milliún duine an tír a fhágáil mar theifigh.

Scriosadh níos mó ná 2,000 scoil agus naíonra, níos mó ná 1,000 ospidéal agus ionad leighis, agus na céadta míle teach agus árasán.

Meastar go bhfuil thart ar 50% de bhonneagar giniúna leictreachais agus teasa na tíre scriosta agus go gcosnóidh sé $600 billiún chun áiseanna bonneagair a atógáil. Anuas air seo, de réir mheasúnú Roinn Cosanta na Stát Aontaithe maraíodh nó gortaíodh thart ar 100,000 saighdiúir Úcránach.

Mar gheall ar an ionradh tá thart ar 17% de thalamh na hÚcráine faoi sheilbh na Rúiseach faoi láthair. Bhí orthu praghas a íoc ó thaobh líon na saighdiúirí a maraíodh agus a gortaíodh agus ó thaobh an trealaimh mhíleata a cailleadh. De réir foinse Rúiseach amháin bhí níos mó ná 97,000 Rúiseach maraithe nó gafa faoi thús mhí na Nollag anuraidh. Chun an líon sin a chur i gcomhthéacs níl ach 85,000 saighdiúir in Arm na Breataine. De réir na foinse céanna gortaíodh ar a laghad dhá oiread an líon sin.

De réir foinse oscailte Oryx chaill na Rúisigh níos mó ná 1,600 tanc, líon níos mó ná na tancanna go léir atá ag arm na Breataine, arm na Fraince, agus Arm na Gearmáine le chéile.

Cé gur cuireadh smachtbhannaí ar an Rúis ní léir go dtí seo go raibh tionchar suntasach acu ar dhul chun cinn an chogaidh agus níl sa Rúis dá bharr ach cúlú eacnamaíochta.

Níl an t-ionradh thart ná baol air. Tá idir 150,000 agus 200,000 saighdiúir slógtha fós le cur chun catha.

Táthar ag tuar go bhfuil feachtais ionsaithe agus frithionsaithe chinniúnacha ar na bacáin. Cá seasann cúrsaí maidir leis an dá fhórsa faoi láthair agus cathain a sheolfar na feachtais?

Na Rúisigh

Dhá mhí ó shin bhí na Rúisigh ar a gcosaint gach áit seachas i gCúige Donetsk timpeall ar chathair Bakhmut. Ach tá siad ar an ionsaí arís ar fud na líne coimhlinte ó Svatove trí Kreminna i gCúige Luhansk síos trí Bakhmut go dtí Vuhledar i ndeisceart Donetsk. Tuairiscítear go bhfuil Bakhmut ar tí titim.

De réir tuairiscí, tá trúpaí á gcomhchruinniú acu sa deisceart i Zaporizhizha, agus san oirthear i Luhansk. Tá trúpaí á n-athlonnú acu ón mBealarúis go dtí an ceantar. Dar le saineolaithe míleata éagsúla tá siad chun feachtas ionsaithe a sheoladh ó Luhansk agus b’fhéidir ó Zaporizhizha chomh maith. Is féidir a mheas anois go bhfuil na hionsaithe ar fud na líne coimhlinte mar chuid de thús feachtais ionsaithe ar scála mór.

Seans freisin go gcuirfidh siad leis na hionsaithe ullmhúcháin seo agus go ndéanfaidh siad ionsaithe taiscéalaíochta in áiteanna eile chun na hÚcránaigh a choimeád ar a gcosaint.

Tá buntáistí éagsúla ag na Rúisigh agus iad ag dul i mbun ionsaithe arís:

  • Cé nach bhfuil siad ag scaoileadh an méid céanna sliogán agus a bhí siad, tá i bhfad níos mó gunnaí agus sliogán airtléire acu ná atá ag na hÚcránaigh
  • Tá diúracáin threoraithe acu, a eitlíonn i bhfad níos faide ná aon rud atá ag na hÚcránaigh. Má úsáideann siad iad i gcoinne áiseanna míleata, seachas i gcoinne áiseanna sibhialtacha, beidh sé deacair ag na hÚcránaigh trúpaí a chomhchruinniú le haghaidh frithionsaithe.
  • Tá an dara haerfhórsa is mó ar domhan acu agus má thagann siad ar bhealach chun a gcuid scairdtrodairí a úsáid níos faide thar an líne choimhlinte beidh sé deacair ag na hÚcránaigh dul as radharc. Fiú má fhaigheann na hÚcránaigh scairdtrodairí nua-aimseartha níl aon chinnteacht ann go mbeidh siad in ann ceannas san aer a bhaint amach toisc go bhfuil córas frith-aerárthaí éifeachtach ag na Rúisigh chomh maith.
  • Cé go raibh deacrachtaí athsholáthair acu ar dtús, tá córas lóistíochta acu atá bunaithe ar an ngréasán iarnróid agus is féidir leo trealamh míleata trom agus trúpaí a bhogadh go tapa chuig na cinn iarnróid sna críocha gafa.
  • Tá aonaid slógtha faoi oiliúint i gcampaí traenála sa Bhealarúis. Toisc go bhfuil fórsaí na Rúise lonnaithe ann caithfidh na hÚcránaigh trúpaí a choimeád ar an teorainn rud a chiallaíonn nach féidir leo iad a úsáid i láithreacha eile.

Bhí na buntáistí céanna ag na Rúisigh ag tús an ionraidh agus seachas an buntáiste a bhaineann leis an airtléire theip orthu leas suntasach a bhaint astu.

Ach tá siad tar éis teacht ar réiteach chun a gcuid fórsaí coisithe a úsáid le seilbh a ghlacadh ar talamh. Toisc gurb iad na fórsaí coisithe a ghabhann talamh tá an cur chuige simplí agus éifeachtach. Cuireann siad trúpaí slógtha agus gallóglaigh ar aghaidh chun suíomhanna na nÚcránach a aimsiú, ina dhiaidh sin seolann siad ionsaithe airtléire agus sa deireadh cuireann siad na haonaid is fearr ar aghaidh chun an talamh a ghabháil.

Tar éis ocht mí d’ionsaithe timpeall Bakhmut tá an cur chuige seo ag obair.

Na hÚcránaigh

Níl an dara rogha ag na hÚcránaigh ach iarracht a dhéanamh an méid is mó talún a athghabháil chomh tapa agus is féidir. Cé go raibh siad céim chun tosaigh roimh an Nollaig tá an tréimhse sin den chogadh thart. Faoi láthair caithfidh siad a bheith ar a gcosaint, an fód a sheasamh agus na hullmhúcháin chuí a dhéanamh go dtí gur féidir leo feachtas frithionsaithe a sheoladh.

Cinnte tá buntáistí meanman acu mar gheall ar an dul chun cinn a rinne siad anuraidh agus toisc go bhfuil a dtír á gcosaint acu.

Ach dá n-éireodh leis na Rúisigh talamh breise a ghabháil go tapa i ngach láthair chogaidh ba ghearr a mhairfeadh an mheanma.

Tá na hÚcránaigh ag fanacht ar na tancanna, feithiclí armúrtha troda agus córais airtléire nua seo a leanas ó thíortha an iarthair:

  • 130 tanc nua-aimseartha.
  • 150 seantanc uasghrádaithe ón ré Shóivéadach.
  • 300 feithicil armúrtha troda
  • 1,000 feithicil armúrtha eile
  • 150 córas airtléire.

Má fhaigheann siad an méid sin trealaimh in am agus má chuireann siad córas cothabhála agus soláthair i bhfeidhm sula dtéann siad i mbun catha bainfidh siad tairbhe as.

Ach ar bhealach tá an oiliúint atá ceannasaithe Úcránacha a fháil sa Ghearmáin faoi láthair chun fórsaí coisithe, tancanna agus airtléire a chomhordú in ionsaí amháin níos tábhachtaí ná an trealamh nua.

D’éirigh leo teacht aniar aduaidh ar na Rúisigh agus na teaicticí cearta a úsáid chun iad a dhíbirt ó Kharkiv anuraidh.

Má fhaigheann siad deis den chineál céanna arís beidh siad in ann an deis sin a thapú mar gheall ar an oiliúint agus trealamh nua.

Ach ní minic a fhaightear deis chun teacht aniar aduaidh ar chéile comhraic.

Na feachtais chinniúnacha

Mar gheall ar an mbrú a cuireadh ar Bakhmut bhí ar na hÚcránaigh aonaid bhreise a úsáid chun í a chosaint. Toisc go bhfuil na Rúisigh tar éis ionsaithe nua a sheoladh beidh ar na hÚcránaigh aonaid a chur ar aghaidh chuig na láithreacha cogaidh go léir, rud a chiallaíonn go mbeidh sé deacair orthu aonaid a chomhchruinniú sna láithreacha is mó baol chun cosaint dhaingean a dhéanamh.

Ciallaíonn sé freisin nach mbeidh aonaid ar fáil mar chuid d’fhórsa cúltaca chun frithionsaí a sheoladh.

Má éiríonn leis na Rúisigh níos mó talún a ghabháil beidh brú breise ar na hÚcránaigh. Beidh orthu cinneadh a dhéanamh idir aonaid agus threalamh míleata a chur ar aghaidh nó iad a choimeád siar le haghaidh feachtas frithionsaithe. Diúltóidh siad don chathú imeacht ón bplean chun fórsa frithionsaithe a chur le chéile a oiread agus is féidir ach b’fhéidir nach mbeidh an dara rogha acu ach aonaid a chur ar aghaidh chun an fód a sheasamh.

Má chuirtear moill ar na Rúisigh agus iad ag iarraidh an chuid eile de Donetsk a ghabháil beidh níos mó ama ag na hÚcránaigh chun feachtas a eagrú. Toisc nach mbeidh na tancanna nua ar an talamh roimh mhí an Mhárta agus toisc go mbíonn báisteach throm sa Donbas ag an am sin den bhliain, seans go bhfanfaidh na hÚcránaigh go dtí deireadh an earraigh sula seolfaidh siad feachtas frithionsaithe.

Le coicís anuas tuairiscítear go bhfuil ceannasaithe Úcránacha ag rá go bhfuil na hullmhúcháin á ndéanamh chun Bakhmut a thréigean. Mura n-éiríonn leis na Rúisigh Bakhmut agus Vuhledar a ghabháil agus bogadh ó Kreminna i dtreo Lyman i gceann tamall gearr beidh sé seo mar chomhartha nach bhfuil ag éirí go maith leo.

Má fheictear go bhfuil na hÚcránaigh ag cur aonaid agus trealamh ar aghaidh chuig na láithreacha cogaidh anseo is ansiúd, seachas iad a choimeád siar, beidh sé seo mar chomhartha go bhfuil siad faoi bhrú.

Feicfear laistigh de mhí nó dhó an mbeidh na Rúisigh in ann leas a bhaint as a gcuid acmhainní míleata. Feicfear laistigh de thrí nó ceithre mhí an mbeidh freagra ag na hÚcránaigh agus an mbeidh siad in ann leas a bhaint as an oiliúint agus an trealamh nua a fuair siad ó thíortha an iarthair.

-Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'ANAILÍS MHÍLEATA: Feachtais ionsaithe agus frithionsaithe chinniúnacha ar na bacáin'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tuairisc ghrinn ghairmiúil scanrúil í seo nach bhfuil a macasamhail le fáil in aon cheann de na meáin Bhéarla, thall ná abhus. Leagann an t-údar blár an chatha amach go gléghlan fuarchúiseach uimhríochtúil. Agus cuireann a anailís fuarallas amach tríom. Ag géarú orthu atá agus a bheidh an dá thaobh gan sánas agus leanfaidh an sléacht ar aghaidh faid gach nfhaid nó go ndéanfar canach ar fad de thír na hÚcráine nó
    … go mbrúfaidh Putin an cnaipe dearg? Ní dhéanfadh, an ea? Ní luann an t-údar rogha seo Putin in aon cheann dá chuid tuairiscí go nuige seo. Tá ráite go minic ag Putin go dtaobhóidh sé lena chuid arm núicléach, más gá. Agus “ní mar mhagadh atáim” a mhóidigh sé. An gcloisimid é? Bhfuil dearmad déanta againn de Hiroshima/Nagasaki? Ní tharlóidh a leithéid aríst, deir tú? Nach iontach go deo mar a bhaisteamar ‘homo sapiens’ orainn féin! Agus nach umhal agus nach fiúntach mar a fhoghlamaímid ceachtanna ón stair. Má chasann an taoide in aghaidh Putin…má bheirtear sa chúngrach air, cé déarfadh nach ‘gcruthóidh’ an fear buile seo Hiroshima eile? Fainic an méid adúirt Baudelaire anallód:
    “La plus belle des ruses du diable est de vous persuader qu’il n’existe pas.”