ANAILÍS MHÍLEATA: An choimhlint sa cheantar Donbas idir dhá cheann na meá 

Beidh sé an-deacair ag na hÚcránaigh iad a dhíbirt ó cheantar Donbas agus an deiscirt gan frithionsaithe ar scála ollmhór a dhéanamh

ANAILÍS MHÍLEATA: An choimhlint sa cheantar Donbas idir dhá cheann na meá 

Beidh comóradh chliseadh na Naitsithe ar siúl i Moscó ar an 9 Bealtaine. Tuairiscítear go dtabharfaidh sé seo deis do na Rúisigh bua a gcuid fórsaí san Úcráin nó ar a laghad bua i gcath suntasach a cheiliúradh. Meastar gur maraíodh níos mó ná 15,000 saighdiúir Rúiseach sa chogadh, rud a chiallaíonn gur gortaíodh nó gur maraíodh 45,000 Rúiseach ar a laghad.

Maíonn an hÚcránaigh go bhfuil níos mó ná 4,000 feithicil troda caillte ag na Rúisigh ach de réir foinse oscailte Oryx tá thart ar 3,000 caillte acu, gan trácht ar líon na n-aerárthaí troda. Toisc go n-úsáideann an fhoinse sin grianghraif chun líon na bhfeithiclí a dheimhniú tá gach seans ann go bhfuil níos mó feithiclí caillte. Cá seasann rudaí san Úcráin maidir le spriocdháta an 9 Bealtaine agus cá seasann rudaí maidir le haidhmeanna an ionraidh a leag Roinn Cosanta na Rúise amach ag tús an chogaidh?

An Cath i Donbas 

Tá an cath chun seilbh a ghlacadh ar réigiún Donbas ag dul ar aghaidh agus an choimhlint sa cheantar idir dhá cheann na meá faoi láthair. Tá na hionsaithe taiscéalaíochta de chuid na Rúise ag fás de réir a chéile mar ionsaithe cearta go háirithe ó dheas ó Izyum. Tá na Rúisigh ag bogadh ar an ais sin ar fhronta leathan agus ar bhealaí éagsúla atá comhthreomhar lena chéile agus sa chaoi sin is féidir leo tacaíocht a thabhairt dá chéile. Tá siad ag bogadh i dtreo Slovyansk agus Kramatorsk agus ag ionsaí níos faide soir i Popasna chun fórsaí na hÚcráine a thimpeallú. 

Cé go bhfuil deacrachtaí ag na Rúisigh agus cé nach bhfuil mórán talaimh bhreise gafa acu, tá an méid sin ag méadú beagán ar bheagán. Mar léiriú ar dheacrachtaí na Rúiseach tuairiscítear go raibh Ceann Foirne Arm na Rúise in Izyum an deireadh seachtaine seo caite chun dul i bhfeidhm ar a chuid fórsaí níos mó dul chun cinn a dhéanamh ar an ais ó Izyum.

Ar thaobh na nÚcránach de, cosaint ar doimhneacht atá á déanamh acu i Donbas. Ciallaíonn sé seo má ghéilleann siad in áit chosanta éigin tarraingíonn siad siar go háit chosanta eile chun an fód a sheasamh nó chun frithionsaí ar scála beag a eagrú. Tá sé seo ar cheann de na cúiseanna nach bhfuil ag éirí leis na Rúisigh níos mó talaimh a ghabháil go háirithe i gcúige Donetsk. Rinne na hÚcránaigh ionsaí airtléire ar bhunáit cheannasaíochta na Rúise in Izyum ag an deireadh seachtaine seo caite rud a chuir isteach ar oibríochtaí na Rúiseach ar feadh dhá lá. Timpeall Kharkiv tá frithionsaithe á ndéanamh ag na hÚcránaigh agus tá talamh athghafa acu soir ón gcathair i dtreo theorainn na Rúise.

An Cath sa Deisceart

 D’fhógair ginearáil Rúiseacha coicís ó shin go raibh na Rúisigh chun díriú ar Donbas agus ar dheisceart na tíre. Tá níos mó oibríochtaí ag tarlú sa deisceart ó rinneadh an fógra sin. Tá dul chun cinn déanta acu níos mó talaimh a ghabháil i gCúige Zaporizhia agus tá trúpaí á n-aslonnú acu ón gcath in Mariupol chun cur leis an iarracht sin. Tá sé mar aidhm acu an cúige ina iomláine a ghabháil agus tá an rud céanna ag tarlú i gCúige Zherson. Is léir go bhfuil sé seo mar chuid den straitéis chun an méid talaimh is mó agus is féidir a ghabháil agus chun na hÚcránaigh a choimeád gnóthach ionas nach mbeidh siad in ann trúpaí a aslonnú chuig an gcath i Donbas.

Tá treallchogaíocht ar scála beag ar bun ag na hÚcránaigh sa cheantar faoi sheilbh na Rúiseach go háirithe timpeall Melitopol atá mar mhol iompair idir an Chrimé agus Mariupol. Rinneadh ionsaithe ar dhroichid sa cheantar chun a chur isteach ar línte soláthair na Rúiseach an tseachtain seo caite.

Rinneadh ionsaithe sa chríoch atá ina hábhar achrainn sa Mholdóiv – an Tras-dnístria coicís ó shin. Tá Aire Gnóthaí Inmheánacha an Tras-dnístria tar éis a chur ina leith go raibh gníomhairí de chuid na hÚcráine freagrach as na hionsaithe seo.  De déir tuairisc ón Institiúid um Staidéar Cogaíochta d’fhéadfadh go bhfuil sé ar intinn ag an Rúis go mbeadh a fórsaí agus a cuid comhghuaillithe i dTras-dnístria páirteach sa chogadh nó ionsaithe a sheoladh ón gcríoch sin. Má tharlaíonn sé seo cuirfidh sé leis an gcogaíocht i ndeisceart na hÚcráine agus leis na hionsaithe ar Odesa.

Aidhmeanna an chogaidh

Chun scagadh a dhéanamh ar fheachtas na Rúise ba chóir aidhmeanna an chogaidh a mheas. Ag tús an ionraidh leag Roinn Cosanta na Rúise ceithre aidhm amach: ‘Dí-Naitsiú’ a dhéanamh, dímhíleatú a dhéanamh, cosc a chur ar mhéadú Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) agus seilbh iomlán a ghlacadh ar cheantar Donbas.  

Is deacra a shainmhíniú cad go díreach atá i gceist le ‘Dí-Naitsiú a dhéanamh’, ach le haghaidh an mheasúnaithe seo táim ag glacadh leis gurb ionann seo agus rialtas nua atá go hiomlán i bhfabhar na Rúise a chur in áit an rialtais reatha. Theip ar na Rúisigh an sprioc sin a bhaint amach.

Ag tús an chogaidh bhí acmhainní déantúsaíochta agus monarchana airm ag na hÚcránaigh. Tá roinnt acu scriosta anois mar gheall ar dhiúracáin Rúiseacha. B’fhéidir nach mbeidh na hÚcránaigh in ann a n-arm féin a dhéanamh ach tá a lán arm nua agus arm níos cumhachtaí á thairiscint ag tíortha an iarthair. Anuas air sin tá i bhfad níos mó saighdiúirí faoi arm acu anois ná mar a bhí ag tús an chogaidh. Níl na Rúisigh tar éis dímhíleatú a bhaint amach, tá a mhalairt fíor. 

Cé go ndúirt an tUachtarán Zelensky go mb’fhéidir nach ndéanfadh an Úcráin iarracht a bheith mar bhallstát d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) tá siad ag obair as lámha a chéile faoi láthair chun soláthairtí míleata a chur ar aghaidh chuig an Úcráin. Ina theannta sin tuairiscítear go bhfuil an Fhionlainn agus an tSualainn ar tí iarratas a chur faoi bhráid na hEagraíochta chun bheith mar bhallstáit. Níor éirigh leis na Rúisigh an aidhm maidir le cosc a chur ar mhéadú NATO a bhaint amach ach oiread.

Maidir leis an sprioc seilbh iomlán a ghlacadh ar Donbas, tá dul chun cinn de shaghas éigin déanta ag na Rúisigh chun é seo a bhaint amach. Tá thart ar 80% de chúige Luhansk i Donbas faoina seilbh. Ta níos mó ná 40% de chúige Donetsk faoina seilbh ach is daor a dhíol siad as an tseilbh sin. Tá an chuid is mó de na bailte agus na cathracha atá gafa acu, go háirithe i gcúige Donetsk, scriosta.

Ábhar Ceiliúrtha do na Rúisigh.

Tá ceithre chúige i ndeisceart agus in oirdheisceart na tíre faoi sheilbh iomlán na Rúise, a bheag nó a mhór; Kherson, Zaporizhia, Luhansk agus Donetsk. Tá cuid de chúige Kharkiv faoina seilbh chomh maith. Is stráice ollmhór talún é seo atá níos mó ná 500 míle ar fad agus níos mó ná 100 míle ar leithead in áiteanna.  

Chomh luath agus a ghlacann na Rúisigh seilbh ar stráice talún leagann siad na mílte mianach ar an líne thosaigh agus déanann siad a dtancanna a thochailt i dtrinsí chun a gcuid suíomhanna a chosaint. Anuas air seo tá an tseilbh ar an gceantar go háirithe i gcúige Zaphorizhia agus cúige Kherson á daingniú acu trí chóras riaracháin na Rúise a thabhairt isteach. Beidh sé an-deacair ag na hÚcránaigh iad a dhíbirt ó cheantar Donbas agus an deiscirt gan frithionsaithe ar scála ollmhór a dhéanamh

Ina theannta sin tá an Úcráin lagaithe mar thír toisc go bhfuil damáiste suntasach déanta do gheilleagar agus bonneagar na tíre mar gheall ar ionsaithe diúracáin. 

Gan amhras ní bheidh tagairt ar bith do theipeanna an chogaidh ag an gComóradh ar an 9 Bealtaine. Ach an mbeidh Uachtarán Putin in ann an méid atá tugtha faoina sheilbh aige a dhíol lena mhuintir mar bhua suntasach? Nó an bhfógróidh sé cogadh dearg agus slógadh ginearálta?

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'ANAILÍS MHÍLEATA: An choimhlint sa cheantar Donbas idir dhá cheann na meá '