Ba é an físeán a scaip cuntas oifigiúil an Oireachtais de Chór Chúil Aodha ag an gceolchoirm ‘I gCuimhne Laochra’ an giolc is rathúla a seoladh faoin haischlib #OnaS16 le linn mhórfhéile na nGael an tseachtain seo caite.
Ba ag @OirnaGaeilge a bhí na trí ghiolc ba mhó a athghiolcadh agus is mó croíthe le linn na féile.
Thuill an físeán den Chór agus Mo Ghile Mear á chasadh acu 29 athghiolc agus 55 croí ar an suíomh meán sóisialta Dé hAoine.
Mo ghile mear agus Cóir Chúil Aodha – ceol na laoch #OnaS16 agus @TG4TV pic.twitter.com/aJEIHpXEiF
— An tOireachtas (@OirnaGaeilge) 3 Samhain 2016
Sna sála air sin bhí físeán eile, buaiteoir Chorn Uí Riada Caitlín Ní Chualáin as Indreabhán i nGaillimh, agus í ag canadh a tríú hamhrán ar stáitse an INEC i ndiaidh di an Corn a ghnóthú. Tugadh 27 athghiolc agus 55 croí don fhíseán sin.
Buaiteoir Chorn Uí Riada Ag #OnaS16 Caitlín Ní Chualáin!!! @TG4TV @RTERnaG @raidiofailte @raidionalife @StillwaterComms @LorGMedia pic.twitter.com/XF5SgXDSVM — An tOireachtas (@OirnaGaeilge) 5 Samhain 2016
Sa tríú háit bhí grianghraf d’Uachtarán an Oireachtais, Ray Mac Mánais, ag oscailt Aonach an Oireachtais maidin Déardaoin sular chruinnigh na sluaite i gCill Airne. 16 athghiolc agus 31 croí a thuill an ceann sin.
Uachartán an Oireachtais, Ray Mac Mánais ag oscailt Aonach an Oireachtais go hoifigiúil Ag #OnaS16 pic.twitter.com/xrYal3dOb5
— An tOireachtas (@OirnaGaeilge) 3 Samhain 2016
Bhreathnaigh an tOllamh Scannell ar ghiolcacha Gaeilge faoi na haischlibeanna #OnaS16 agus #OnaS2016 agus níor áiríodh ach na hathghiolcacha agus na croíthe ó chuntais Ghaeilge. Is é sin le rá, cuntais a bhíonn i nGaeilge go minic agus atá ar liosta na ngiolcairí Gaeilge ar IndigenousTweets.com.
Seoladh 1,323 giolc faoi haischlibeanna an Oireachtais. Is laghdú an méid sin ar an 1,774 a seoladh le linn Oireachtas na bliana seo caite a reáchtáladh in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath. Tá méadú mór, mar sin féin, ar an méid cainte a dhéantar ar an Oireachtas ar na meáin shóisialta le blianta beaga anuas.
Níor seoladh ach 183 giolc faoin haischlib #OnaS11 nuair a bhí an tOireachtas ar siúl cúig bliana ó shin i gCill Airne.
Is léir go bhfuil glacadh níos forleithne anois leis an múnla sin haischlibe don fhéile agus go bhféadfadh sé go raibh i bhfad níos mó cainte faoi Oireachtas 2011 faoi haischlibeanna eile, leithéidí #Oireachtas2011 #OirnaSamhna agus go deimhin teachtaireachtaí nár cuireadh aon lipéad orthu ar chor ar bith.
Seoladh 546 giolc ó Leitir Ceannainn in 2012, 452 ó Chill Airne in 2013, 942 ón ionad céanna bliain ina dhiaidh sin agus 1,774 anuraidh.
Ba iad na cuntais ba bhisiúla le linn na féile i mbliana @ToghCon, cuntas a choinníonn súil ar chúrsaí polaitíochta agus sóisialta i dtoghcheantar Chonamara; @OirnaGaeilge, cuntas oifigiúil an Oireachtais, @OGCheanada, cuntas oifigiúil Oireachtas Cheanada agus @RTERnaG, cuntas oifigiúil Raidió na Gaeltachta.
I measc na n-ábhar agus na bhfocal eile a bhí i mbéal Ghaelphobal Twitter le linn na féile bhí ‘Corn Uí Riada’ ‘#Plé16’ ‘Gleneagle’ ‘Steip’ agus ‘Ródaí’.
Ba iad na daoine ba mhó i mbéal an phobail Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Chorn Uí Riada, Ray Mac Mánais, Uachtarán an Oireachtais, agus Caitlín Nic Aoidh, an láithreoir aimsire ar ‘bhuail’ splanc thintrí í ar TG4 Oíche Shamhna.
Chaith Mícheál Ó Meachair ‘súil ar an Oireachtas digiteach’ ar #OnaS15 anuraidh ar an iris Nós anseo.
Fág freagra ar 'Anailís déanta ag ríomheolaí aitheanta ar na tvúiteanna a seoladh le linn Oireachtas na Samhna'