Tá cuid mhaith cainte cothaithe ag Pobalbhreitheanna TG4 i bhfianaise thorthaí na vótála le dhá lá anuas. In agallamh le Tuairisc.ie, dúirt Toireasa Ferris (SF) gur “cic sa tóin” dá páirtí a bhí sa phobalbhreith a rinne Vóta 2016 i gCiarraí, ach chuir John Connolly, Fianna Fáil, racht feirge uaidh faoin lorg, dar leis, a d’fhág pobalbhreith Gaillimh-Thiar ar an toghchán. Cead cainte ag fear caillte na himeartha, is dócha, ach an raibh cuid den cheart aige? Tá anailís déanta ag Tuairisc.ie ar na trí phobalbhreith a rinne TG4 le linn an fheachtais agus iad curtha i gcomparáid againn le líon na vótaí céadrogha i nDún na nGall, i gCiarraí agus i nGaillimh Thiar.
Ba í pobalbhreith Dhún na nGall an ceann is giorra do thoradh an toghcháin agus ba í an phobalbhreith a rinne TG4 i nGaillimh Thiar an ceann ab fhaide ó mharc. Bhí torthaí na pobalbhreithe i gCiarraí réasúnta cruinn i gcomparáid le torthaí an toghcháin.
Bunaithe ar phobalbhreith Dhún na nGall bheadh dhá shuíochán ag Fianna Fáil agus bheadh deacracht ag Pádraig Mac Lochlainn an dara suíochán a fháil do Shinn Féin. Mar sin a bhí sa deireadh.
Rinneadh pobalbhreith Chiarraí agus é díreach fógartha go mbeadh Danny Healy Rae ag dul san iomaíocht i dteannta a dhearthár, Michael agus bhain figiúirí TG4 siar as gach duine agus an chuma ar an scéal go mbeadh dhá shuíochán ag muintir Chill Gharbháin. Tá a fhios ag an saol mór anois go ndearna muintir Healy Rae an beart agus vóta níos airde acu fiú ná mar a tugadh le fios sa phobalbhreith. Bhí an phobalbhreith as alt, áfach, maidir le vóta Fhine Gael agus fuair an páirtí vóta níos lú ná mar a bhí á thuar. A mhalairt a bhí i gceist i gcás Shinn Féin agus vóta níos airde ag Martin Ferris ná mar a tugadh le fios sa phobalbhreith.
I gcás Ghaillimh Thiar fuair Noel Grealish (NS) vóta i bhfad níos airde ná mar a tugadh le fios sa phobalbhreith agus bhí vóta Seán Kyne (FG) cuid mhaith níos ísle ná mar a tugadh le fios. Ba é móide nó lúide 4% an lamháil earráide a bhí i gceist sna pobalbhreitheanna ag TG4.
Bhí cuid mhaith den éagsúlacht idir figiúirí na bpobalbhreitheanna agus figiúirí an toghcháin laistigh den lamháil earráide sin.
Mar seo a bhí an sciar den vóta ag na páirtithe éagsúla sna pobalbhreitheanna agus sa toghchán:
Dún na nGall
Tacaíocht na bpáirtithe agus na neamhspleách sa phobalbhreith agus sa toghchán
Tacaíocht na bpríomhiarrthóirí sa phobalbhreith agus sa toghchán
Ciarraí
Tacaíocht na bpáirtithe agus na neamhspleách sa phobalbhreith agus sa toghchán
Tacaíocht na bpríomhiarrthóirí sa phobalbhreith agus sa toghchán
Gaillimh Thiar/Maigh Eo Theas
Tacaíocht na bpáirtithe agus na neamhspleách sa phobalbhreith agus sa toghchán
Tacaíocht na bpríomhiarrthóirí sa phobalbhreith agus sa toghchán
Donncha Ó hÉallaithe
Bhí prionsabail ón bhfisic ag obair i gcás pobalbhreith na Gaillimhe, prionsabal Heisenberg a dúirt go nathraíonn tomhais an ní atá á thomhais! Glacaim leis go raibh an pobalbhreith a tógadh seachtain roimh an toghchán cruinn, dá mbeadh an toghchán ann gan a fhios ag an daoine an toradh. Ach nuair ba léir go bhféadfadh Cathair Mór na Gaillimhe a bheith fágtha le Teachta Dála amháin, leis na suíocháin ag dul ag Clochartaigh sa gCeathrú Rua, O Mahoney i mBaile an Róba, Ó Cuív i gCor na Móna, Kyne i Maigh Chuilinn, agus nuair a chonaic lucht tacaíochta Noel Grealish go raibh an tacaíocht a raibh siad ag súil leis ag trá, d’athraigh sin an cur chuige ag Grealish agus ag Fine Gael. Dhéarfainn gur chaill O Mahoney suíochán dá bharr agus seans gur chaill Clochartaigh suíochán chomh maith. Grealish agus Naughton an bheirt ar cheart a bheith buíoch do TG4, as an pobalbhreith a dhéanamh.