ANAILÍS: An tábhacht a bhaineann le himscrúdú an Choimisinéara Teanga faoi RTÉ

Tá cinneadh an Choimisinéara Teanga faoi RTÉ suntasach ó thaobh an dlí féin, ó thaobh an chraolacháin agus ó thaobh na Gaeilge... 

ANAILÍS: An tábhacht a bhaineann le himscrúdú an Choimisinéara Teanga faoi RTÉ

Imscrúdú an-tábhachtach é imscrúdú an Choimisinéara Teanga ar RTÉ inar cinneadh gur shárú ar an Acht Craolacháin ag an gcraoltóir é a laghad clár Gaeilge a chraol siad. Imscrúdú é a bhfuil impleachtaí suntasacha aige d’úsáid na Gaeilge i gcúrsaí craolacháin.

Tá cúpla cúis agam é sin a mhaíomh.

Ar an gcéad dul síos, léiríonn sé an tábhacht a bhaineann le halt amháin d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 21 (f), alt nach ndéantar mórán cainte faoi. Faoi 21 (f), tá cead ag an gCoimisinéir imscrúdú a dhéanamh más dóigh leis nó léi gur sáraíodh forálacha dlíthiúla eile ina luaitear an Ghaeilge, seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá níos mó ná 150 ‘achtachán’ dá leithéid ann, agus tá tábhacht nach beag le cuid acu. Ar an tarna dul síos, baineann an t-imscrúdú seo le ceann de na comhlachtaí poiblí is mó le rá sa tír, an craoltóir náisiúnta seanbhunaithe.

In ainneoin na n-athruithe atá tite amach sna meáin chumarsáide le deich mbliana anuas, imríonn RTÉ tionchar nach beag ar an bpobal tríd an raidió, an teilifís agus na meáin dhigiteacha agus tá ról ar leith aige ó thaobh na Gaeilge. Mar sin, tá an cás seo suntasach ó thaobh an dlí féin, ó thaobh an chraolacháin agus ó thaobh na Gaeilge. 


An dlí sáraithe ag RTÉ agus 99.3% dá sceideal i mBéarla amháin – cinneadh an Choimisinéara Teanga


In alt liom a foilsíodh sa Dublin University Law Journal in 2017 (eagrán 39 (2)), dheineas anailís ar na hachtacháin go léir ina luaitear an Ghaeilge ó bunaíodh an stát, na cinn is féidir a imscrúdú faoi alt 21 (f). Tá go leor de na forálacha sin doiléir go maith agus ní luann siad ach aidhmeanna ginearálta maidir le cur chun cinn na Gaeilge nó an dátheangachais. Tá ról na Gaeilge i gcuspóirí RTÉ i measc na bhforálacha doiléire, laga sin. In alt 114 (2) (a) den Acht, scríobhtar go mbeidh ‘aird [ag RTÉ] ar leasanna agus ar chúraimí an phobail uile […] cinnteoidh sé go léireoidh na cláir na hairíonna éagsúla dá bhfuil cultúr phobal oileán na hÉireann uile comhdhéanta, agus beidh aird ar leith aige ar na hairíonna a shainíonn an cultúr sin agus go háirithe ar an nGaeilge’.

Ní fhéadfaí cur i gcoinne aidhm chomh huasal sin, ach ba rídheacair í a chur i bhfeidhm ach an oiread: cad iad go díreach na dualgais shonracha a eascraíonn as ‘aird’ a thabhairt ar an nGaeilge ‘go háirithe’? Creidim go dtugtar freagra ar an gceist sin i bhfo-ailt 114 (3) (a) agus (b), na forálacha a spreag imscrúdú an Choimisinéara.

Scríobhas ag an am go bhfacthas dom go bhféadfadh tionchar leitheadach a bheith ag na tagairtí do ‘réimse cuimsitheach clár Gaeilge’ ar RTÉ agus go raibh brí i bhfad ní ba thromchúisí acu ná na ráitis ghinearálta faoin aird ar an nGaeilge. Tá na fo-ailt sin i measc na bhforálacha suntasacha a thugann cosaint shuntasach don Ghaeilge i réimsí na pleanála teanga féin, an oideachais, na Gaeltachta, na comharthaíochta agus na fostaíochta poiblí.

Le dhá bhliain anuas tá taighde ar siúl agam leis an Dr Rosemary Day, Ollscoil Luimnigh, faoi úsáid na Gaeilge ar sheirbhísí uile raidió na tíre seachas na cinn lán-Ghaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life. Ba údar suntais dúinn nach gcraoltar ach timpeall 1% de chláracha RTÉ Radio One agus RTÉ 2fm i nGaeilge agus gan ach 0.1% de chláracha RTÉ lyric fm. Is measa iad na figiúirí sin ná cuid de na stáisiúin thráchtála agus phobail agus tá siad ar aon dul le meastachán an imscrúdaithe go gcraoltar níos lú ná 1% de chláracha teilifíse RTÉ i nGaeilge. Déanaim suntas do ráiteas an Choimisinéara go bhfuil dualgas reachtúil RTÉ i leith na Gaeilge á chomhlíonadh aige i gcás an chraolacháin fuaime ach go mbraitheann sé sin den chuid is mó ar Raidió na Gaeltachta.

Tugann an Coimisinéir le tuiscint gur mórúdar imní fós a laghad Gaeilge a chraoltar ar na seirbhísí raidió eile agus tagaim leis.

Imeallú na Gaeilge ar an raidió agus an teilifís ba chúis le bunú na sainseirbhísí Gaeilge Raidió na Gaeltachta agus Teilifís na Gaeilge mar a bhí. Ní raibh sé i gceist riamh, áfach, go ndéanfaí an Ghaeilge a imeallú tuilleadh ar na seirbhísí Béarla nuair a chuaigh na craoltóirí Gaeilge ar an aer agus go deimhin bhí sé d’aidhm ag na hAchtanna Craolacháin ó shin a chinntiú nach dtarlódh sé sin.

Léiríonn an t-imscrúdú seo, agus an taighde eile atá déanta againne, gurb in atá tarlaithe áfach. Ní hamháin gur sárú ar an Acht Craolacháin é, mar a dúirt an Coimisinéir, ach tagann sé salach ar cheann de na cuspóirí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chomh maith áit a ngealltar go ndéanfaidh RTÉ ‘normalú’ ar úsáid na Gaeilge agus go gcinnteoidh an rialtas go dtabharfar tuilleadh tacaíochta do sheirbhísí Gaeilge na gcraoltóirí seirbhíse poiblí. Ní shainmhínítear ‘normalú’ sa Straitéis ach d’fhéadfadh an chiall a bheith cóngarach do leor don tuiscint a bhain an Coimisinéir as an bhfoclaíocht ‘réimse cuimsitheach clár’.

Tharraing RTÉ san imscrúdú aird ar na ciorruithe suntasacha a cuireadh i bhfeidhm air le blianta beaga anuas rud a fhágann gurbh éigean dó oibriú ó shin laistigh de shrianta diana buiséid. Á chur sin san áireamh, raghaidh sé crua ar RTÉ ‘plean feidhmithe’ sásúil, mar atá iarrtha ag an gCoimisinéir, a ullmhú chun na fo-ailt sin faoin nGaeilge a chomhlíonadh. Ní thugann srianta caiteachais cead d’aon chomhlacht poiblí an dlí a shárú, dar ndóigh, ach léiríonn an cás seo chomh maith gur gá don Rialtas a chinntiú go bhfuil dóthain tacaíochta ag RTÉ chun réimse cuimsitheach clár Gaeilge a chraoladh.

Tá an-aird ag an bpobal ar RTÉ agus d’fhéadfadh sé ról lárnach a bheith aige i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain. Beidh le feiscint an éireoidh an ról sin níos treise mar thoradh ar an imscrúdú seo.    

– Léachtóir Sinsearach Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr John Walsh

Fág freagra ar 'ANAILÍS: An tábhacht a bhaineann le himscrúdú an Choimisinéara Teanga faoi RTÉ'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Tá mearbhall ar an scríbhneoir maidir leis an dtír agus an Stát. Tá Raidió Fáilte insan tír – ach níl sí (go fóill) sa Stát.

  • Breathnóir

    Teastaíonn alt breise san Acht Chraolacháin a leagann síos go h-an soiléir na céatadáin des na cláracha a chaithfidh a bheith i nGaeilge ar RTÉ.

    Tá sé sách íoróineach gur baineadh úsáid as RnaG agus TG4 chun an Ghaeilge a immeallú ar RTÉ.

  • AnRógaire

    Nach bhfuil nath nua cainte ann anois a thugann le fios go bhfuil dhá thír ar an oileán – Tuaisceart Éireann agus Éire. Nach é seo an leagan a úsáideann an Taoiseach anois. Más ag caint ar an oileán ar fad atá duine is cosúil gurb é an leagan atá á chur chun cinn anois ná “oileán na hÉireann.”