An WHO dóchasach faoi roinnt córacha leighis don Covid-19

D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart tráthnóna go raibh naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 1,914 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige

An WHO dóchasach faoi roinnt córacha leighis don Covid-19

Tá ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) go bhfuil an chuma ar chóracha leighis áirithe go ndéanann siad déine shiomptóim an ghalair Covid-19 a mhaolú nó go laghdaíonn siad an tréimhse ama a mbíonn an galar ar othar.

Dúirt an WHO go bhfuiltear anois ag díriú ar a thuilleadh a fháil amach faoi cheithre nó cúig cinn de na córacha leighis is mó a bhfuil gealladh fúthu.

Dúirt Margaret Harris, urlabhraí de chuid an WHO: “Tá córacha leighis áirithe againn agus an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí leo, de réir na luathstaidéar, donas an tinnis a mhaolú nó fad an tinnis a laghdú, ach níl aon rud againn a mharóidh an víreas ná a chuirfidh stop leis.”

Idir an dá linn, d’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart tráthnóna go raibh naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,914 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,467 duine ó dheas den teorainn agus 447 ó thuaidh di.

27,328 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 23,135 cás ó dheas den teorainn agus 4,193 cás ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach Dé hAoine, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 447.

516 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 1 Bealtaine. 383 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

D’fhoilsigh Feidhmeannas Stormont plean cúig chéim inniu chun na srianta a cuireadh i bhfeidhm le déileáil le Covid-19 a mhaolú. Beidh na srianta i bhfeidhm go dtí an 28 Bealtaine ar a laghad agus na húdaráis buartha go háirithe go bhfuil ráta scaipthe an ghalair ó thuaidh fós ag 0.8-0.9.

Léiríonn na figiúirí is déanaí ó dheas go bhfuiltear ar an mbóthar ceart i gcónaí maidir leis an víreas a chur faoi chois agus laghdú ag teacht ar líon na mbásanna agus líon na gcásanna nua agus ar líon na ndaoine a bhfuil Covid-19 orthu atá á gcur sna hospidéil.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, 69 duine a bhí sna haonaid dianchúraim aréir agus 155 leaba ICU a bhí folamh.

1,181 leaba folamh atá sna hospidéil.

826 a raibh Covid-19 orthu nó a raibh amhras ann go raibh Covid-19 orthu a bhí sna hospidéil aréir.

Tuairiscíodh chomh maith tráthnóna go raibh an Teachta Dála Neamhspleách as contae an Chláir Michael McNamara tofa ina chathaoirleach ar an gcoiste Dála nua a dhéanfaidh scagadh ar an tslí a bhfuil an phaindéim á láimhseáil.

19 Teachta Dála atá ar an gcoiste nua. Beidh ceathrar an páirtí ag Fianna Fáil, Sinn Féin agus Fine Gael ar an gcoiste nua agus tiocfaidh na daoine eile ó na páirtithe eile agus na grúpaí neamhspleách.

Bhí seisiún príobháideach ag an gcoiste nua tráthnóna.

Fág freagra ar 'An WHO dóchasach faoi roinnt córacha leighis don Covid-19'